Fáilte chuig Léighleat

bunaíodh an suíomh idirlín i 2014 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin. An aidhm atá leis an suíomh seo ná achmainní digiteacha a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile chun tacú leo le múineadh na Gaeilge.

Mar aon leis seo, is áis é a thugann tacaíocht do pháistí agus a dtuismitheoirí agus iad ag cleachtadh na Gaeilge sa bhaile trí éisteacht le scéalta, dánta agus ceachtanna taitneamhacha.

Bainigí sult agus tairbhe as!

Cé Muid

Is múinteoirí bunscoile a bhunaigh an gnó seo, Leighleat, agus iad ag iarraidh réimse leathan áiseanna digiteacha a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do lucht teagaisc agus do lucht foghlamtha na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile.

Dá bhrí sin tá na riachtanais a bhaineann le hacmhainní i leith múineadh na Gaeilge ar eolas go rímhaith ag gach duine ar an bhfoireann. Chuige sin, bíonn ealaíontóirí agus ríomhchláraitheoirí den scoth ag obair go dian chun cláir nua-aimseartha, taitneamhacha a chur ar fáil.

Téigh i dTeagmháil