Siopa Léighleat
€15
Tá na piongainí ar a mbealach! An mbeidh baile nua dóibh
réitithe in am ag na Zú-Chairde i Zú na gCaor? Nó an
mbeidh trioblóidí acu?
San eachtra seo, tagann na Béabhair i gcabhair ar na Zú-
Chairde. Is oibrithe iontacha iad!
“Ní neart go cur le chéile!”
€14.28
Ealaíontóir cáiliúil as an gCaismír darb ainm Masood Hussain a mhaisigh an pictiúrleabhar seo. Scéal atá ann faoi chearc a chuaigh ar strae. "Taitníonn cearca liom," arsa an t-údar, Gabriel Rosenstock.
€9.95
Téann Clíona ar saoire lena mam go Sasana agus éiríonn léi an claíomh, 'Excalibur' a tharraingt as an gcarraig. Iontas na n-iontas!! Dá bharr sin, bhí sí i dtideal a bheith ina banríon ar an Ríocht Aontaithe! Léigh leat..
€10.20
Seo leabhar faoi buachaill nach raibh sásta cloí leis an traidisiún. Nach mbeadh sé suimiúil teach a bheith agat atá thuas san aer?
Léigh leat..
Le Jean agus Fred Ketchum.
Gabriel Rosenstock, a thraschruthaigh i nGaeilge.
€17.15
Caithfidh gach moncaí agus gach duine a bheith in ann aire a thabhairt dó féin luath nó mall.
€11.09
Sa bhliain 1930 thosaigh Mahatma Gandhi agus a lucht leanúna ag máirseáil chun dul in aghaidh riail na Breataine..
€9.95
Tá Róise míshásta. Tá plean nua ag a mam Úna do na laethanta
saoire. Tá Róise ar bís dul ar eitleán go dtí an Spáinn mar a
dhéanfaidh a cairde. Ach tá a mam an-bhuartha faoin athrú
aeráide agus tá na milliúin eitiltí ag cur leis na tubaistí, ar sí. Tá
plean aici dul ar saoire an-difriúil – an turas is measa riamh, dar
le Róise!
Tá eachtraí agus argóintí, greann agus imní, agus ceisteanna
móra an domhain mar chuid den turas a dhéanann Róise sa
scéal. Tá coimhlintí ann idir í agus a cara Zara, a daid agus a
chlann nua, agus Charlie, a leathdheartháir. Is úrscéal iontach
bríomhar é seo do dhéagóirí.