Ceachtanna
Treoir - Litriú (‘Féach, Abair, Clúdaigh, Scríobh, Seiceáil’)
Is clár digiteach é seo atá curtha in oiriúint do pháistí ó Rang 1 go Rang 6 chun litriú a fhoghlaim ar bhonn taitneamhach.
Tá 35 ceacht ina iomláine bunaithe ar na téamaí :
- mé féin
- sa bhaile
- an scoil
- bia
- an teilifís
- siopadóireacht
- caitheamh aimsire
- éadaí
- an aimsir
- ócáidí speisialta.
Tá ceacht dul siar gach 5ú sheachtain.
Tá an clár bunaithe ar an straitéis fhoghlama ‘Féach, Abair, Clúdaigh, Scríobh, Seiceáil’.
- I ngach ceacht tagann an focal aníos ar an scáileán agus deirtear go soiléir é sula gclúdaítear é.
- Úsáideann an páiste méarchlár ar an scáileán chun an focal a litriú.
- Nochtar an focal má tá sé i gceart.
- Má dhéanann an páiste botún, bíonn air é a thriail arís.
Tá ‘Pdf’ ar fáil don mhúinteoir leis an litriú ar fad atá le clúdach gach seachtain don bhliain.
Tá ‘Pdfanna’ ar fáil do na páistí (seachtain 1-5/ 6-10/11-15 srl) leis na focail ar fad atá le clúdach don tréimhse sin.
Treoir - Focail is Coitianta
Is clár é seo atá bunaithe ar na focail is coitianta a léitear sa Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go mbíonn focail choitianta léitheoireachta de ghlanmheabhair ag páistí i
dtreo is nach mbíonn orthu brath ar fhónaic i gcónaí chun teacht ar an bhfocal. Má tá na focail is coitianta ar eolas ag páistí bíonn siad níos muiníní ag léamh agus bíonn tuiscint níos fearr acu ar an dtéasc atá á léamh acu. Is trí chluichí a imirt ina bhfeictear na focail is coitianta arís agus arís eile a chuirtear de ghlanmheabhair iad.
Leagan amach na gCeachtanna
Tá 40 ceacht ar fad le fáil le 5 fhocal i ngach ceacht.Tá 3 chuid le gach ceacht:
- Múintear na focail sa chuid seo den cheacht. Feictear na focail ceann ar cheann agus deirtear iad go hindibhidiúil.
- Feictear focail an cheachta ar fad le chéile sa chuid seo den chlár. Tá cnaipe fuaime ar gach leathanach chun an focal atá le haimsiú a chloisteáil. Nuair a phioctar an focal ceart, feictear agus cloistear an focal arís ina aonar.
- Tá quiz beag ag an deireadh chun seiceáil go bhfuil na focail ar eolas ag na páistí. Brúitear an cnaipe fuaime chun an cluiche a thosú. Deirtear an focal atá le roghnú agus caithfear an focal sin a aimsiú ó phictiúir atá ag bogadh. Má roghnaítear an focal ceart, feictear agus cloistear an focal arís.
Treoir
Scéim fhónaice is ea 'Fónaic agus Rann, Cleachtaí agus Greann' do naíonáin. Is scéim í chun túsfhuaimeanna na haibítire Gaeilge a mhúineadh go taitneamhach.
Tá postaeir, dlúthdhiosca agus cártaí aibítire sa scéim chomh maith le cártaí biongó agus tascanna agus gníomhaíochtaí tarraingteacha chun foghraíocht a chleachtadh.
Tá lánchead fótócóip a dhéanamh de na leathanaigh oibre sa scéim. Is féidir an scéim iomlán a fháil ar www.lamhchunta.com
Chun tacú leis seo, seo chugat acmhainn idirghníomach, atá saor in aisce, chun cur leis an gceacht fónaice. Tá an acmhainn curtha le chéile don trí mhór chanúint - Cúige Mumhan, Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh. Cloistear na hamhráin á gcanadh agus an fhuaim a bhaineann le gach focal. Tá gníomh le déanamh ag an bpáiste chun an pictiúr ceart a roghnú a thosaíonn le fuaim na seachtaine.
Roghnaigh an chanúint atá uait agus ansin brúigh ar aon cheann de na litreacha thíos agus triail é. Ní mhúinfidh tú ceacht fónaice arís gan an áis iontach seo a úsáid!
Treoir - Éist agus Abair
Is ceachtanna iad seo do na ranganna naíonán i ngaelscoileanna/ scoileanna Gaeltachta agus suas go ranganna 1 & 2 i ngnáth scoileanna.
Leagan amach na gCeachtanna
- Ag tús an cheachta tá an cheist luaite.
- Sa cheacht é féin, cloistear an cheist go huathoibríoch nuair a bhogtar ó leathanach go leathanach.
- Cloistear freagra na ceiste nuair a bhrúitear ar an bpictiúr.
- Tá pictiúr ar gach leathanach a chabhraíonn le tuiscint na bpáistí. Níl aon scríbhneoireacht sa cheacht mar is í aidhm an cheachta seo ná foclóir na bpáistí a leathnú agus a threisiú. Is trí éisteacht agus athrá a théann struchtúr abairte na Gaeilge i bhfeidhm ar na páistí.
- Sa quiz, nuair a bhrúitear ar an bpictiúr, cloistear an cheist. Is faoina páistí atá sé na freagraí a thabhairt gan acu ach an nod pictiúrtha mar threoir. Is bealach éasca é seo chun foghlaim na bpáistí a thomhas.