Éin: Leibhéal 1
Scréachóg Reilige
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an Scréachóg Reilige neamhchoitianta in Éirinn. Is éan creiche í. Tá a haghaidh bán, i gcruth croí. Tá a cliabhrach agus a sciatháin íochtaracha chomh bán le sneachta. Tá a codanna uachtaracha donn le patrúin chasta ealaíonta orthu. Is éan oíche í. Mamaigh bheaga ar nós lucha, francaigh agus froganna a bhíonn á fhiach aici. Déanann sí nead i gcrainn chuasacha, i sean fhoirgnimh agus i dtúir eaglaise. Cloistear screadach ghéar ón Scréachóg Reilige agus í i mbun eitilte.Lon Dubh
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an lon dubh an-choitianta in Éirinn. Is smólach é an lon dubh. Tá cleití ciardhubha air. Tá a ghob gealbhuí agus tá fáinní gealbhuí faoina shúile. Lon dubh a thugtar ar an éan fireann. Céirseach a thugtar ar an éan baineann. Dath donn, breactha atá ar an gcéirseach. Canann an lon dubh go glórach binn. Is breá leis an lon dubh péisteanna. Déanann an lon dubh a nead i gcrann nó i bhfál sceach. Tá cruth cupáin ar an nead.Dreoilín
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an dreoilín an-choitianta in Éirinn. Tá sé ar cheann de na héin is lú sa tír. Tá corp beag, cruinn aige le heireaball beag, ardaithe. Tá clúmh a dhroma deargdhonn agus a bhrollach liath. Itheann an dreoilín feithidí beaga agus a larbhaí. Feictear an dreoilín i ngnáthóga éagsúla, i ngairdíní rosánacha agus i sceacha foscúla. Tá cruth cruinn ar a nead chaonaigh. Tá bealach isteach ar thaobh na neide. Bíonn an nead faoi cheilt in eidhneán nó i bhfásra casta.Fáinleog
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an fháinleog coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh. Filleann sí ón Afraic Theas ar Éirinn ag deireadh Aibreáin ach tagann formhór díobh i mBealtaine. Aithnítear í go héasca óna sciatháin dhubha, lonracha agus a eireaball fada, gabhlach. Tá dath dubh ar a droim agus tá a brollach bán. Itheann an fháinleog feithidí beaga agus í ar eiteog. Eitlíonn sí go haclaí agus is annamh go dtagann sí go talamh ach amháin chun láib nó féar a bhailiú don nead. Déanann sí nead i gcruth bhabhla le láib. Filleann sí ar láithreáin neadaireachta a bhí in úsáid aici roimhe i sciobóil agus i mbotháin.Druid
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an druid an-choitianta in Éirinn. Tá sé ar aon mhéid leis an lon dubh ach tá eireaball níos giorra ag an druid. Tá a sciatháin biorach agus tá a ghob fada agus buí. Sa samhradh, bíonn loinnir ar a chlúmh le himir den ghlas agus den chorcra air. Sa gheimhreadh, bíonn na cleití níos neamhlonraí le spotaí bána. Ag an tráth seo den bhliain, bailíonn siad le chéile in ealtaí móra agus feictear iad i mbun taispeántais ghleacaíochta sa spéir. Itheann an druid an iliomad bhia: feithidí, damháin alla, péisteanna, leamhain, torthaí, gránach agus síolta. Déanann sé nead le tuí, féar agus cipíní lasmuigh agus cleití agus olann taobh istigh. Tógann sé a nead i bpoill i bhfoirgnimh agus i gcrainn.Smólach Ceoil
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an smólach ceoil coitianta in Éirinn. Tá sé ar aon mhéid leis an lon dubh. Tá a chlúmh donn agus béas le spotaí dubha i gcruth saighde ar a bhrollach agus a thaobhanna. Breathnaíonn an smólach ceoil fireann agus baineann mar a chéile. Seasann an smólach ceoil fireann ar phéirse ard chun canadh. Canann sé go binn, soiléir ar nós fliúite. Itheann an smólach ceoil feithidí agus péisteanna. Is fearr leis seilidí drúchta agus briseann sé a sliogáin ina smidiríní ar chlocha agus ar charraigeacha chun na seilidí a ithe. Is minic a bhíonn sé ag pocléim agus é sa tóir ar phéisteanna. Tá cruth chupáin ar a nead néata. Tógann sí é faoi scáth sceiche nó crainn.Gealbhan Binne
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an gealbhan binne an-choitianta. Tá sé ar cheann de na héin is aithnidiúla in Éirinn. Tá ceann mór aige le leicne bána agus gob tiubh. Tá clúmh a dhroma donn le stríoca dubha. Tá a bhrollach donn éadrom. Feictear go minic in ealtaí móra iad. Itheann an gealbhan binne gránach agus roinnt feithidí. Tagann sé go dtí an bord éan ar thóir síolta agus cnónna. Déanann sé nead chiorclach le tuí, cipíní , páipéar, duilleoga, féar nó le hábhar ar bith atá le fáil lasmuigh. Tógann sé a nead i bpoill i bhfoirgnimh nó i ngáitéir tithe.Rúcach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an rúcach coitianta in Éirinn. Is préachán é an rúcach. Tá sé dubh le loinnir scothchorcra. Tá a ghob tanaí agus liath. Tá an rúcach fireann agus baineann mar a chéile. Itheann an rúcach ciaróga, damháin alla, péisteanna, mamaigh agus éin bheaga agus a n-uibheacha. I gceantair uirbeacha, itheann sé dramhaíl bia agus i gceantair thuaithe itheann sé prátaí agus gránach. Déanann sé a nead ar bharr crainn. Is nead thoirtiúil í.Spideog
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an spideog an-choitianta in Éirinn. Tá sí ramhar le brollach dearg oráisteach agus clúmh donn ar a droim. Beathaíonn an spideog ar fheithidí, ar phéisteanna agus ar chiaróga, go príomha. Ach tagann sí go dtí an bord éan ar thóir síolta agus cnónna. Feictear an spideog go minic i ngairdíní, i sceacha agus i gcoillte. Déanann an spideog a nead le féar, caonach agus duilleoga. Bíonn sí faoi cheilt i gcrann, in eidhneán nó i bpoll i mballa.Glasóg Shráide
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an ghlasóg shráide coitianta in Éirinn. Is éan beag, dubh agus bán í. Tá eireaball fada aici a bhogann suas agus síos go rithimeach. Itheann sí feithidí den chuid is mó. Feictear an ghlasóg shráide i mbailte, i ngairdíní agus faoin tuath. Déanann sí nead i bpoill i gcrainn, i mballaí agus i bhfoirgnimh. Tá cruth chupáin ar an nead atá déanta as féar agus as caonach.Eala Bhalbh
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an eala bhalbh an-choitianta agus is í an t-éan uisce is aithnidiúla in Éirinn. Is eala mhór, bhán í an eala bhalbh le gob dearg oráisteach. Tá cnaipe dubh ag bolgadh amach óna clár éadain. Tá muineál, fada, cuartha aici. Tumann an eala bhalbh a ceann san uisce chun í féin a bheathú le plandaí uisce. Beireann sí ar fhásra domhain trí iompú ‘tóin in airde’ ar nós lachan. Ar an mbruach, itheann sí féar agus ó am go chéile, itheann sí froganna, seilidí agus feithidí. Déanann sí a nead ar thuláin mhóra le fásra ón mbruach. Feictear a neadacha in uisce éadomhain, ar oileáin i lár nó ar imeall lochanna.Meantán Gorm
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an meantán gorm coitianta in Éirinn. Is éan daite é an meantán gorm. Tá dath gléghorm ar bharr a chloigeann. Tá a leicne bán. Tá stríoc dhubh ar an tsúil. Tá a chodanna íochtaracha buí. Itheann an meantán gorm feithidí beaga agus síolta. Déanann an meantán gorm a nead i sceacha agus i ngairdíní. Úsáidfidh sé bosca neadaireachta.Rí Rua
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an rí rua an-choitianta in Éirinn. Is glasán é an rí rua. Tá eireaball fada ag rí rua. Tá stríoca móra bána ar a gcuid sciatháin dhubha. Tá dath dearg ar chliabhrach, ar leicne agus ar chodanna íochtaracha an éin fhirinn. Tá an t-éan baineann glasbhuí. Itheann an rí rua síolta agus grán den chuid is mó. Tagann sé go minic chuig boird éan. Cónaíonn an rí rua i gcoillte agus i bhfálta sceach. Déanann sé a nead le caonach agus le féar tirimCuach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tagann an chuach ar cuairt ón Afraic gach samhradh. Tá a sciatháin biorach. Tá a corp liath agus tá barraí dorcha ar chlúmh a brollaigh. Tá cosa buí ag an gcuach. Itheann an chuach feithidí agus ciaróga. Ní thógann sí a nead féin. Beireann an chearc a huibheacha i neadacha éan eile. Nuair a thagann an sicín cuaiche amach, caitheann sí na huibheacha eile amach as an nead. Tugann na tuismitheoirí nua aire don sicín cuaiche. Ní fheiceann an sicín cuaiche a tuismitheoirí féin riamh. Imíonn an chuach óg go dtí an Afraic i Mí Iúil agus Lúnasa.Mallard
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an mallard an-choitianta in Éirinn. Is é an mallard an t-éan uisce is fearr aithne in Éirinn. Tá cloigeann glas lonrach ag an mbardal (an mallard fireann). Tá coiléar bán, brollach corcairdhonn agus gob buí aige. Itheann sé síolta, feithidí agus grán mar aon le héagsúlacht bhia a thugann daoine dó. Is féidir teacht ar an mallard i ngnáthóga éagsúla ar fud na tíre, lochanna, aibhneacha, srutháin agus locháin bheaga san áireamh. Tá nead an mhallaird déanta as duilleoga agus as féar. De ghnáth bíonn an nead suite i measc fásra dlúth.Iolar Fíréan
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is éan creiche é an t-iolar fíréan. Tá sé donn dorcha den chuid is mó ach tá sciatháin órbhuí ar chúl a mhuiníl. Tá gob crúcach aige. Tá a sciatháin leathan agus an-fhada, dhá mhéadar ar a mhéad. Beireann an t-iolar fíréan ar éin mhóra ar nós préacháin agus faoileáin. Is maith leis mamaigh a ithe, coiníní agus sionnaigh óga san áireamh. Déanann an t-iolar a nead go hard ar chrann nó ar aill. Is nead an-mhór í déanta as craobhacha, cipíní agus fraoch.Snag Breac
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an snag breac an-choitianta in Éirinn. Is préachán é. Tá clúmh dubh agus bán air. Tá a eireaball fada le himir ghlas air. Itheann sé péisteanna agus drúchtíní ach itheann sé aon rud nach mór. Is féidir teacht ar an snag breac i gceantair thuaithe agus uirbeacha. Déanann sé a nead le cipíní agus le caonach go hard i gcrainn.Corr Réisc
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an chorr réisc coitianta in Éirinn. Is lapaire í. Feictear í i gceantair cois cósta ag lapadaíl i láib nó i ngaineamh ag lorg bia. Tá muineál agus cosa fada aici. Dath liath agus bán atá uirthi agus tá círín fada ar a cloigeann. Tá gob fada, biorach, buí aici. Seasann sí gan bhogadh ar feadh tréimhsí fada in uisce éadomhain ag fanacht chun a creach a shá lena gob biorach. Itheann an chorr réisc éisc, froganna, lachain, éin agus lucha.Cruidín
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an cruidín coitianta go leor in Éirinn. Is éan geal, ildaite, sainiúil é an cruidín le dath dearg oráisteach geal ar a chodanna íochtaracha. Tá dath gorm geal, lonrach ar a dhroim, ar a thóin agus ar a eireaball. Itheann an cruidín éisc bheaga agus feithidí uisce. Seasann sé ar chraobh in aice le srutháin nó abhann ag faire amach d’éisc. Tumann sé san uisce chun breith orthu. Feictear an cruidín cois srutháin, aibhneacha, canálacha, lochanna agus inbhear.Faoileán Scadán
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an faoileán scadán coitianta go leor in Éirinn. Is faoileán mór, torannach é an faoileán scadán. Tá dath liath éadrom ar a dhroim agus tá dath bán ar an gcuid eile den chlúmh. Tá rinn a sciatháin dubh. Tá a ghob buí le spota oráiste. Tá dath bándearg ar a chosa. Itheann an faoileán scadán réimse leathan bia ó éisc go bruscar bhia i lár cathracha agus i láithreáin líonadh talún. Déanann sé nead ar fhoirgnimh i gceantair uirbeacha.Cág
Foclóir ar Fáil