Éin: Leibhéal 2
Scréachóg Reilige
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an scréachóg reilige neamhchoitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ulchabhán neamhchoitianta í an scréachóg reilige. Is éan creiche í. Tá a haghaidh bán, croíchruthach. Tá a cliabhrach agus a sciatháin íochtaracha chomh bán le sneachta. Tá a codanna uachtaracha donn le patrúin chasta ealaíonta orthu. Is éan oíche í. Tá súile beaga dubha aici. Déanann sí nead i gcrainn chuasacha, i sean fhoirgnimh feirme agus i dtúir eaglaise. Cloistear screadach ghéar ón scréachóg reilige agus í i mbun eitilte. Sin an chúis leis an ainm sa Ghaeilge.Réim Bhia
Is éan oíche í an scréachóg reilige. Bíonn sí amuigh san oíche ag fiach. Beireann sé ar mhamaigh bheaga ar nós lucha, francaigh agus froganna. Stróiceann sí an fheoil as a chéile lena gob.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an scréachóg reilige in oirthear na tíre, i gCo. Chill Choinnigh ach go háirithe agus i ndeisceart na tíre i gCo. Chorcaigh chomh maith. Déanann sí nead i gcrainn chuasacha, i sean fhoirgnimh feirme agus i dtúir eaglaise.Lon Dubh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an lon dubh an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is smólach é an lon dubh. Tá cleití ciardhubha air. Lon dubh a thugtar ar an éan fireann. Céirseach a thugtar ar an éan baineann. Tá a ghob gealbhuí agus tá fáinní gealbhuí faoina shúile. Dath donn, breactha atá ar an gcéirseach. Canann an lon dubh go glórach binn.Réim Bhia
Is breá leis an lon dubh péisteanna. Itheann sé caora, úlla, síolta agus piseanna talún chomh maith.Nead/Gnáthóg
Déanann an lon dubh a nead i gcrann nó i sceach. Tá cruth cupáin ar an nead. Déantar an nead as féar, tuí agus cipíní. Bíonn líneáil taobh istigh den nead déanta as láib agus píosaí beaga féir.Meantán Gorm
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an meantán gorm coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan daite é an meantán gorm. Tá dath gléghorm ar bharr a chloigeann le ciumhsóg bhán timpeall ar sin. Tá stríoc dhubh ar an tsúil. Tá a chodanna íochtaracha buí. Tá a ghob agus a chosa gearr. Breathnaíonn an meantán gorm fireann agus baineann an-chosúil le chéile.Réim Bhia
Itheann an meantán gorm feithidí beaga agus síolta. Tagann sé go minic chuig boird éan.Nead/Gnáthóg
Déanann an meantán gorm a nead i bhfál sceach agus i ngairdíní. Úsáidfidh sé bosca neadaireachta.Cadhan
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tagann an cadhan ar cuairt go hÉirinn sa gheimhreadh. Bíonn an ghé seo ar imirce ó Cheanada agus ón nGraonlainn. Fanann an cadhan anseo in Éirinn ó Dheireadh Fómhair go hAibreán. Ansin filleann sé ar Cheanada.Cur Síos
Tá dath éadrom ar chodanna íochtaracha an chadhain agus dath níos dorcha ar na codanna uachtaracha. Tá paiste beag bán ar uachtar an mhuiníl aige.Réim Bhia
Itheann an cadhan féar trá. Miléarach is ainm don fhéar trá seo. Bíonn an cadhan ag ithe agus é ag siúl ar an trá ag barr an láin mhara nó trasna bhlár láibe.Nead/Gnáthóg
I nDeireadh Fómhair sroicheann an cadhan Loch Cuan, Contae an Dúin. Eitlíonn siad ó Loch Cuan go háiteanna éagsúla ar fud cósta na hÉireann i rith an gheimhridh. Filleann formhór na n-éan seo go Contaetha éagsúla, Aontroim, Dún na nGall, Sligeach, Doire, An Lú, Baile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge agus Ciarraí.Corcán Coille
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an corcán coille coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is glasán é an corcán coille. Is éan mór trom é le ceann mór, muineál tiubh agus gob gearr, dubh, cruinn. Tarraingíonn an corcán coille aird air féin lena chliabhrach rósdearg agus lena leicne dearga agus lena chodanna uachtaracha liathghorma. Tá dath dubh ar a chaipín agus ar a smig.Réim Bhia
Itheann an corcán coille bachlóga boga agus bláthanna. Is maith leis síolta éagsúla ó fhiailí a ithe freisin.Nead/Gnáthóg
Is éan cúthail é an Corcán Coille. Cónaíonn an Corcán Coille in áiteanna le fásra dlúth, ar nós coillte, fálta sceach, páirceanna agus gairdíní. Déanann sé a nead i dtoir ar nós na sceiche gile agus an draighin. Is nead sobhriste í atá déanta as cipíní agus caonach.Clamhán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an clamhán neamhchoitianta in Éirinn ach tá líon na n-éan seo ag dul i méid.Cur Síos
Is éan creiche, meánmhéide é. Tá réise sciathán idir 110 agus 130cm aige. Dath donn dorcha is mó atá air agus tá na codanna íochtaracha breac bán. Dath gealbhuí atá ar a chosa. Tá gob gearr, crúcach aige gur féidir feoil a ithe go héasca leis. Nuair a bhíonn sé ag eitilt leathann sé cleití a eireabaill amach mar a bheadh fean. Breathnaíonn an clamhán fireann agus baineann an-chosúil lena chéile ach go bhfuil an t-éan baineann níos mó ná an t-éan fireann.Réim Bhia
Itheann an clamhán mamaigh bheaga, éin, feithidí, péisteanna talún agus amfaibiaigh. Nuair a bhíonn sé ag lorg bia, eitlíonn sé go hard san aer i gciorcal mór arís agus arís eile ar feadh uaireanta a chloig.Nead/Gnáthóg
Déanann an clamhán a nead i gcrann gar do thalamh oscailte fiú talamh feirme. Déanann sé nead ar laftán aille chomh maith. Is féidir na héin seo a fheiceáil i nDún na nGall, i Muineachán, i gCill Mhantáin agus an Lú.Rí Rua
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an rí rua an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is glasán é an rí rua. Tá dath dearg ar chliabhrach, ar leicne agus ar chodanna íochtaracha an éin fhirinn. Ar an éan baineann, tá dath glasbhuí ar a codanna uachtaracha agus dath glasbhuí níos éadroime ar na codanna íochtaracha. Tá eireabaill fhada ag na héin seo. Feictear baill mhóra bhána ar a gcuid sciatháin dhubha.Réim Bhia
Itheann an rí rua síolta agus grán den chuid is mó. Tagann sé go minic chuig boird éan.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an rí rua i gcoillte agus i bhfálta sceach. Déanann sé a nead le caonach agus le féar tirim.Meantán Dubh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an meantán dubh an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá ceithre mheantán againn in Éirinn ach is é an meantán dubh an t-éan is lú díobh. Tá a chloigeann dubh agus tá a leicne bán. Tá paiste fada bán ar chúl a mhuiníl. Dath liath atá ar a dhroim agus ar a eireaball. Tá a sciatháin liath freisin le marcanna beaga bána orthu. Tá a ghob beag, biorach agus tá a chosa gearr. Breathnaíonn an meantán fireann agus baineann mar a chéile.Réim Bhia
Itheann an meantán dubh feithidí, síolta agus cnónna. Ní mór dó bia a ithe gan stad i rith an gheimhridh mar cailleann sé teas agus fuinneamh go tapa. Tagann sé chuig boird éan.Nead/Gnáthóg
Is fearr leis an meantán dubh cónaí i gcoillearnach bhuaircíneach ach feictear i ngairdíní nó i bpáirceanna é. Déanfaidh na héin seo neadacha i bpoill i gcrainn nó i mballaí.Faoileán Bán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an faoileán bán neamhchoitianta in Éirinn.Cur Síos
Breathnaíonn an faoileán bán an-chosúil leis an bhfaoileán scadán ach tá sé i bhfad níos lú agus níos fíneálta. Tá dath liath éadrom ar na codanna uachtaracha agus dath bán ar na codanna íochtaracha ar an dá fhaoileán, chomh maith le barr dubh le spotaí bána ar na sciatháin acu. Tá a ghob agus a chosa glasbhuí. Sa samhradh bíonn dath fíorbhán ar a chloigeann ach bíonn stríoca air sa gheimhreadh. Is féidir leis bogadh níos gasta ná an faoileán scadán.Réim Bhia
Itheann sé feithidí agus éisc.Nead/Gnáthóg
Déanann an faoileán bán a nead ar an talamh ar oileáin, ar aillte agus ar bhruacha gainmheacha. Is féidir teacht ar an gcuid is mó de choilíneachtaí an fhaoileáin bháin i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall.Fearán Baicdhubh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
‘Sé an fearán baicdhubh an t-aon cholúr in Éirinn. Tá sé le feiceáil go forleathan ar fud na tíre.Cur Síos
Tá dath liath éadrom ar an bhfearán baicdhubh le cleití dorcha ar a sciatháin. Tá imeall bán ar chúl a mhuiníl ar nós coiléir. Breathnaíonn sé cosúil le colúr beag liath. Tá an chuma chéanna ar an bhfearán baicdhubh fireann agus baineann.Réim Bhia
Itheann an fearán baicdhubh, grán agus síolta den chuid is mó, ach uaireanta itheann sé feithidí.Nead/Gnáthóg
Feictear an fearán baicdhubh go hiondúil ina sheasamh ar shreanga teileafóin, ar aeróga teilifíse agus ar dhíonta. Déanann sé nead lag, sobhriste as cipíní i nduilliúr dlúth.Broigheall
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an broigheall coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan farraige é an broigheall. Is éan mór é a bhreathnaíonn cosúil leis an seaga ach go bhfuil smig agus leicne bána aige. Tá a chorp agus a mhuineál fada. Tá gob fada, láidir, crúcach agus cosa dorcha, scamallacha aige. Tá clúmh donn agus dubh aige. Tumann an broigheall ag lorg éisc. Níl a chlúmh uiscedhíonach ach is mar gheall ar sin gur féidir leis tumadh go domhain chun breith ar éisc. Tar éis tumadh dó feictear an broigheall ina sheasamh lena sciatháin sínte amach aige chun iad a thriomú faoi theas na gréine.Réim Bhia
Itheann sé éisc.Nead/Gnáthóg
Is i gcoilíneachtaí a shíolraíonn an broigheall timpeall chósta na hÉireann. Tá coilíneachtaí móra i mBaile Átha Cliath. Síolraíonn an broigheall a mhaireann ar an gcósta ar aillte. Is féidir teacht ar an mbroigheall ar lochanna agus ar aibhneacha intíre san fhómhar agus sa gheimhreadh ach go háirithe. Déanann an broigheall nead i gcrainn sna coilíneachtaí intíre seo.Traonach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá laghdú suntasach tagtha ar an daonra traonaigh toisc cleachtais nua-aimseartha talmhaíochta agus meaisíní lomtha tapa. Moltar d’fheirmeoirí a gcuid páirceanna a lomadh ón lár amach go mall réidh chun am a thabhairt don traonach éalú agus teacht slán ó bheith gafa.Cur Síos
Tá clúmh an traonaigh donnbhuí agus tá a sciatháin cruinn, cnódhonn.Réim Bhia
Itheann an traonach feithidí, drúchtíní, seilidí agus péisteanna talún.Nead/Gnáthóg
Is annamh a fheictear an traonach. Caitheann sé formhór a chuid ama i bhfolach faoi bhrat fásra. Is féidir teacht air i bpáirceanna féir agus i bhféarach tais gar d’Abhann na Sionainne agus d’Abhann na Muaidhe i Maigh Eo. Tá líon na dtraonach, den chuid is mó, le fáil i gceantair cois cósta i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh agus ar oileáin amach ón gcósta.Cuach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tagann an chuach ar cuairt ón Afraic gach samhradh. Tá líon na gcuach ag laghdú.Cur Síos
Tá sciatháin bhioracha ag an gcuach agus tá dath bán ar bharr an eireabaill. Tá dath liath na luatha ar na codanna uachtaracha agus dath bán le barraí dorcha ar na codanna íochtaracha mar a chéile ar an gcuach fhireann agus baineann. Tá cosa buí ag an gcuach.Réim Bhia
Itheann an chuach feithidí, boilb agus ciaróga, ach go háirithe.Nead/Gnáthóg
Feictear an chuach i dtimpeallachtaí éagsúla. Ní thógann sí a nead féin. Beireann an chearc a huibheacha i neadacha éan eile. A luath is a thagann an sicín cuaiche amach, caitheann sí na huibheacha eile amach as an nead. Tugann na tuismitheoirí altrama aire don sicín cuaiche ag ceapadh go mbaineann sí leo. Bailíonn tuismitheoirí na cuaiche leo ar ais go dtí an Afraic ag tús an tsamhraidh. Ní fheiceann an sicín cuaiche a tuismitheoirí riamh. Imíonn an chuach óg go dtí an Afraic i Mí Iúil agus Lúnasa.Crotach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an crotach go forleathan in Éirinn.Cur Síos
Is é an crotach an lapaire is mó in Éirinn. Tréith ar leith a bhaineann leis an gcrotach ná na cosa fada atá aige. Tá corp téagartha, muineál fada agus gob fada, cuartha aige. Tá clúmh stríocach aige atá liathdhonn agus nuair a bhíonn sé ag eitilt feictear a thóin bhán.Réim Bhia
Itheann an crotach ragaí, portáin agus moilisc (seilidí, drúchtíní agus diúilicíní).Nead/Gnáthóg
Déanann an crotach a nead ar an talamh i bhféarach garbh, móinéir agus fraoch. Is féidir teacht air go forleathan sa tír. Tá laghdú suntasach tagtha ar líon síolraithe dúchasach an chrotaigh. Le déanaí, aithnítear go forleathan go bhfuil sé tábhachtach ceantair neadaireachta an chrotaigh a chosaint ó fhoraoisiú agus ó chleachtais dian talmhaíochta.Fulmaire
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an fulmaire an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an fulmaire an-chosúil le faoileán. Tá cloigeann bán agus codanna íochtaracha bána aige. Tá dath liath ar na sciatháin. Níl barr dubh ar na sciatháin mar atá ag an bhfaoileán. Tá gob díreach, liathbhuí, crúcach aige. Téann sé ar foluain gan stró feadh aillte agus os cionn uisce.Réim Bhia
Itheann sé éisc agus crústaigh (portaigh, gliomaigh, ribí róibéis agus garbháin) agus feoil an mhíl mhóir.Nead/Gnáthóg
Síolraíonn an fulmaire i ngach chontae cois cósta in Éirinn. Déanann sé nead ar laftáin charraigeacha loma nó ar aillte féarmhara, ar chinn tíre agus ar oileáin.Gainéad
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an gainéad coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is é an gainéad an t-éan mara is mó in Éirinn. Tá a sciatháin fada, caol. Tá muineál agus cloigeann fada aige agus gob biorach. Tá cosa móra, dorcha, scamallacha aige. Tá a chlúmh bán le barra móra, dorcha ar na sciatháin. Dath sórt buí atá ar a chloigeann. Tumann sé san fharraige ó airde 40 méadar ag bualadh an uisce go sruthlíneach.Réim Bhia
Itheann an gainéad scadáin, maicréil agus éisc eile.Nead/Gnáthóg
Síolraíonn an gainéad i gcoilíneachtaí ar oileáin ar an gcósta. Tá cúig phríomhchoilíneacht suite ar an Sailte Mór, Co. Loch Garman, ar an Tigh Doinn, Co. Chorcaí, ar Chliara, ar an Sceilg Bheag i gCo. Chiarraí agus ar choilíneacht bheag ar Inis Mac Neasáin, Co. Bhaile Átha Cliath.Iolar Fíréan
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
D’athbhunaíodh an t-iolar fíréan le déanaí i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Co. Dhún na nGallCur Síos
Is éan creiche é an t-iolar fíréan. Dath donn dorcha is mó atá air le sciatháin órbhuí ar chúl a mhuiníl. Tá paiste éadrom ar na sciatháin uachtaracha. Tá gob crúcach aige. Tá na sciatháin leathan agus fada. Tá réise sciathán idir 180cm agus 200cm aige.Réim Bhia
Beireann an t-iolar fíréan ar éin mhóra ar nós préacháin agus faoileáin. Is maith leis mamaigh a ithe, coiníní agus sionnaigh óga san áireamh.Nead/Gnáthóg
Déanann an t-iolar a nead go hard ar chrann nó ar aill. Is nead an-mhór í déanta as craobhacha, cipíní agus fraoch. Bíonn líneáil fhéir agus dhuilliúir ghlais ar an taobh istigh den nead.Lasair Choille
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an lasair choille coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá aghaidh ghlédhearg ag an lasair choille. Tá marcanna bána ar a leicne agus dath dubh ar chúl a cinn. Dath dubh atá ar a heireaball le spotaí bána agus tá tóin bhán aici. Gob fada, tanaí atá aici.Réim Bhia
Itheann an lasair choille síolta. Is maith léi síolta agus feochadáin ach go háirithe.Nead/Gnáthóg
Feictear an lasair choille amuigh faoin tuath agus i bpáirceanna agus i ngairdíní. Déanann sí a nead go hard i bhfolach i bhfálta nó i gcrainn. Úsáideann sí caonach, gruaig agus cleití chun a nead a dhéanamh. Lorgaíonn sí bia ag an mbord éan.Meantán Mór
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an meantán mór an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is é an meantán mór an t-éan is mó de na meantáin. Tá dath dubh ar an muineál agus ar an gcloigeann agus tá paistí bána ar na leicne aige. Tá banda dubh ag rith síos a bhrollach glébhuí. Tá dath glasbhuí ar a sciatháin.Réim Bhia
Bíonn an meantán mór ag fiach le haghaidh bia ar an talamh agus i gcrainn. Is féidir leis breith ar fheithidí ó chipín agus ó dhuilleoga agus é ar crochadh bun os cionn. Is cuairteoir rialta é ag boird éan i ngairdíní.Nead/Gnáthóg
Déanann an meantán mór a nead i bpoll i gcrann nó i mballa. Roghnaíonn sé suímh neamhghnácha ar nós píopaí nó boscaí litreacha. Úsáidfidh sé bosca neadaireachta go fonnmhar.Glasán Darach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an glasán darach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá cloigeann agus gob mór ag an nglasán darach agus tá eireaball gearr aige. Tá droim glasbhuí aige. Tá paistí glébhuí ar sciatháin agus ar eireaball an éin fhirinn.Réim Bhia
Is maith leis an nglasán darach síolta, grán agus feithidí ar leith a ithe.Nead/Gnáthóg
Tá an glasán darach an-choitianta i ngairdíní agus i bpáirceanna in oirthear agus in oirdheisceart na tíre. Is cuairteoir rialta é ag boird éan i ngairdíní. Déanann sé a nead as radharc, go hard i sceacha. Tá an nead déanta as féar agus as cipíní beaga.Corr Réisc
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an chorr réisc coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is lapaire í an chorr réisc. Is éin iad seo a fheictear i gceantair cois cósta a bhíonn ag lapadaíl i láib nó i ngaineamh ag lorg bia. Tá muineál agus cosa fada aici. Dath liath agus bán atá uirthi agus tá círín fada ar a cloigeann. Tá gob fada, biorach, buí aici. Seasann sí gan bhogadh ar feadh tréimhsí fada in uisce éadomhain ag fanacht chun a creach a shá lena gob biorach.Réim Bhia
Itheann an chorr réisc éisc, froganna, lachain, éin agus lucha.Nead/Gnáthóg
Déanann an chorr réisc a nead as cipíní móra agus as féar ar ardán mór i gcrainn arda. Tógtar na neadacha i gcoilíneachtaí.Faoileán Scadán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an faoileán scadán coitianta go leor in Éirinn.Cur Síos
Is faoileán mór, torannach é an faoileán scadán. Tá dath liath éadrom ar a dhroim agus tá dath bán ar an gcuid eile den chlúmh. Tá rinn a sciatháin dubh. Tá a ghob buí le spota oráiste. Sa samhradh bíonn dath fíorbhán ar a chloigeann agus sa gheimhreadh bíonn stríoca sa bhán. Tá dath bándearg ar a chosa.Réim Bhia
Itheann an faoileán scadán réimse leathan bia, ó éisc go bruscar bhia, i lár cathracha agus i láithreáin líonadh talún.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an bhfaoileán scadán go forleathan ar an gcósta agus istigh faoin tír. Tá an choilíneacht is mó díobh ar Reachrainn amach ó chósta Bhaile Átha Cliath. Déanann sé nead ar fhoirgnimh i gceantair uirbeacha.Gabhlán Binne
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is cuairteoir coitianta é an gabhlán binne ar Éirinn ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair.Cur Síos
Tá dath dubh, lonrach ar a chloigeann, ar a dhroim agus ar a sciatháin. Tá eireaball gearr, gabhlach aige. Tá a chodanna íochtaracha fíorbhán. Is annamh a fheictear ar an talamh é ach amháin nuair a bhíonn sé ag bailiú ábhar neadaireachta.Réim Bhia
Beireann an gabhlán binne ar a chuid bia ar eiteog. Itheann sé feithidí agus cuileoga Bealtaine.Nead/Gnáthóg
Déanann an gabhlán binne a nead le láib faoi sceimhleacha tithe. Tá a nead cuach-chruthach. Is féidir teacht ar a nead ar aillte freisin. Caitheann sé an geimhreadh san Afraic thrópaiceach.Cág
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an cág coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is é an cág an préachán is lú. Dath liath dorcha atá air le clár éadain sórt dubh. Dath liath atá ar chodanna íochtaracha na sciathán agus tá cosa dubha aige.Réim Bhia
Itheann an cág éagsúlacht mhór bia, ó shíolta go huibheacha éan. Feictear é in áiteanna oscailte, i bhféarach, i bpáirceanna, ag barr an láin mhara, i gclóis fheirme agus in ionad bruscair.Nead/Gnáthóg
Déanann an cág a nead in áiteanna éagsúla, ar aillte cois cósta, i dtithe tréigthe, i simléir, i bpoill i gcrainn, i bpáirceanna agus i ngairdíní.Scréachóg Choille
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Cónaíonn an scréachóg i bhforaoisí leathanduilleacha ar fud na hÉireann.Cur Síos
Is í an scréachóg choille an préachán is daite de na préacháin ar fad. Tá dath pincdhonn ar a clúmh. Tá smig bhán agus croiméal dubh aici. Tá barraí gorma agus dubha agus paiste bán ar a sciatháin. Tá sé deacair an t-éan fireann agus baineann a aithint ó chéile ag breathnú orthu.Réim Bhia
Itheann an scréachóg choille síolta agus feithidí. San fhómhar, stórálann sí cnónna (dearcáin agus collchnónna) le hithe i rith an gheimhridh. Is féidir léi na cnónna seo a aimsiú gan stró.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an scréachóg choille i gcoillearnach leathanduilleach den chuid is mó. Is éan cúthail í an scréachóg choille agus is annamh a fheictear i ngairdíní bruachbhailteacha í.Pocaire Gaoithe
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an pocaire gaoithe coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan creiche beag é an pocaire gaoithe. Is é an fabhcún is coitianta atá againn in Éirinn. Tá a eireaball agus a sciatháin fada, caol. Cabhraíonn an gob gearr, crúcach leis feoil a ithe. Tá uachtar a eireabill liathghorm le banda ag an deireadh. Tá stríoca míne liathghorma ar a chloigeann. Tá an pocaire gaoithe baineann donn agus tá sraith bandaí aici ar uachtar a heireabaill. Tá stríoca donna ar a cloigeann. Is é an pocaire gaoithe an t-aon éan creiche Éireannach a bhíonn ag faoileáil agus is minic a fheictear é ar foluain os cionn ciumhaiseanna féir cois bóthair ag lorg bia.Réim Bhia
Itheann an pocaire gaoithe mamaigh bheaga ach beireann sé ar fheithidí agus ar éin freisin, uaireanta.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an bpocaire gaoithe i ngnáthóga oscailte éagsúla ar nós cóstaí, ar talamh feirme, ar chiumhaiseanna féir cois bóthair agus i bpáirceanna i mbailte. Déanann sé nead i gcrainn, i bhfoirgnimh nó i scoilteanna ar aillte. Uaireanta úsáidtear sean neadacha préacháin.Cruidín
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an cruidín coitianta go leor in Éirinn.Cur Síos
Is éan geal, ildaite, sainiúil é an cruidín le dath dearg oráisteach geal ar a chodanna íochtaracha. Tá dath gorm geal, lonrach ar a dhroim, ar a thóin agus ar a eireaball. Seasann sé ar chraobh in aice srutháin nó abhann ag faire amach d’éisc.Réim Bhia
Itheann an cruidín éisc bheaga agus feithidí uisce. Tumann sé san uisce chun breith orthu.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcruidín cois srutháin, aibhneacha, canálacha, lochanna agus inbhear. Feictear é ag eitilt ar ard luas, ag fanacht íseal agus gar don uisce. Síolraíonn an cruidín i dtolláin tochailte i mbruacha cois srutháin agus aibhneacha.Éigrit Bheag
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Bhí an éigrit bheag gann in Éirinn ach anois tá sí le feiceáil go forleathan i ngach contae cois cósta nach mór agus i roinnt áiteanna intíre freisin.Cur Síos
Is lapaire í an éigrit bheag. Is corr réisc meánmhéide bán í. Tá a gob agus a cosa fada agus dubh agus tá cosa buí aici. Breathnaíonn an éigrit bheag fhireann agus baineann an-chosúil lena chéile ach go bhfuil an t-éan fireann beagáinín níos mó.Réim Bhia
Beireann an éigrit bheag ar bhia agus í ag lapadaíl trí uisce éadomhain. Sánn sí éisc lena gob fada. Itheann sí ainmhithe, froganna, seilidí agus feithidí san áireamh. Téann sí ag tóraíocht bia i ngnáthóga bogaigh ó lochanna go féarach faoi uisce.Nead/Gnáthóg
Feictear an éigrit bheag ar fud na hÉireann cois lochanna éadoimhne, cois aibhneacha, cois murlaigh, cois inbhear agus cois cladaigh carraigeacha. Tá an t-éan seo fós neamhchoitianta i lár na tíre agus in iarthuaisceart na tíre.Ceann Cait
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ceann cait coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan creiche é an ceann cait. Is é an t-ulchabhán is coitianta atá le feiceáil in Éirinn. Tá dath donn agus béas air le stríoca dúdhonna. Tá súile gealbhuí aige. Tá curca cluaise fada aige. Ní cluasa iad seo ach cleití. Is éan oíche é agus bíonn sé ceilte go maith. Greadann sé na sciatháin gan fuaim agus é ag eitilt, gar d’fhálta agus don talamh agus é ag fiach le haghaidh bia.Réim Bhia
Beireann an ceann cait ar mhamaigh bheaga, ar fhroganna agus ar éin.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gceann cait in ísealchríocha ar fud na hÉireann, i gcoillearnacha buaircíneacha go hiondúil.Snag Breac
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an snag breac an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is préachán é an snag breac. Tá clúmh dubh agus bán air. Tá a eireaball fada le himir ghlas air.Réim Bhia
Itheann sé péisteanna agus drúchtíní ach itheann sé aon rud nach mór.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an snag breac i gceantair thuaithe agus uirbeacha. Déanann sé a nead le cipíní agus le caonach go hard i gcrainn.Mallard
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an mallard an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is é an mallard an t-éan uisce is fearr aithne in Éirinn. Tá cloigeann glas lonrach ag an mbardal (an mallard fireann). Tá coiléar bán, brollach corcairdhonn agus gob buí aige. Tá clúmh an mhallaird bhaininn i bhfad níos simplí le cleití breac donn, stríoc ghorm ar na sciatháin agus dath bán ar thaobhanna an eireabaill.Réim Bhia
Itheann an mallard síolta, feithidí agus grán mar aon le héagsúlacht bhia a thugann daoine dó.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mallard i ngnáthóga éagsúla ar fud na tíre, lochanna, aibhneacha, srutháin agus locháin bheaga san áireamh. Feictear an mallard i gceantair uirbeacha ar locháin i bpáirceanna agus ar chanálacha. Tá nead an mhallaird déanta as duilleoga agus as féar. De ghnáth bíonn an nead suite i measc fásra dlúth.Liatráisc / Smólach Mór
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an smólach mór coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an smólach mór ar aon mhéid leis an lon dubh. Is léir go bhfuil an smólach mór i bhfad níos mó ná an smólach ceoil. Tá dath liathdhonn ar na codanna uachtaracha agus tá an-chuid spotaí ar na codanna íochtaracha bána. Tá an aghaidh bhán le roinnt marcanna dubha uirthi. Tá na cosa bán dearg.Réim Bhia
Itheann an smólach mór caora sa gheimhreadh den chuid is mó. Is maith leis caora dhrualusa ach go háirithe. Itheann sé feithidí agus péisteanna talún freisin.Nead/Gnáthóg
Caitheann an smólach mór formhór a chuid ama ar pháirceanna féarmhara gar do chrainn arda. Is fearr leis gnáthóga faoin tuath. Tá a nead téagartha agus tógann sé í i ladhar i gcraobhacha go hard i gcrainn.Eala Bhalbh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an eala bhalbh an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is eala mhór, bhán í an eala bhalbh le gob dearg oráisteach. Tá cnapóg dhubh ag bolgadh amach as a clár éadain. Tá an chnapóg chéanna níos lú ar an eala bhalbh bhaineann. Tá muineál, fada, cuartha aici.Réim Bhia
Tumann an eala a ceann san uisce chun í féin a bheathú. Beireann sí ar phlandaí uisce trí iompú ‘tóin in airde’ ar nós lachan. Is féidir léi breith ar fhásra domhain ar thóin an locha go doimhneacht aon mhéadar. Ar thalamh tirim, itheann sí féar agus ó am go chéile, froganna, seilidí agus feithidí.Nead/Gnáthóg
Feictear an eala bhalbh go forleathan ar lochanna, ar locháin agus ar aibhneacha.Roilleach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an roilleach coitianta in Éirinn, ach go háirithe sa gheimhreadh.Cur Síos
Is lapaire mór, sainiúil é an roilleach. Tá a cheann dubh agus a bhrollach bán. Tá gob fada, oráiste aige. Tá a chosa bán dearg. Breathnaíonn an roilleach fireann agus baineann mar a chéile.Réim Bhia
Beathaíonn an roilleach é féin le diúilicíní agus ruacain atá ar fáil ar chóstaí gainmheacha. Uaireanta, itheann sé larbhaí agus péisteanna talún ar talamh féaraigh.Nead/Gnáthóg
Feictear an roilleach forleathan feadh an chósta, ag déanamh a nead ar nó gar do thránna scaineagáin, ar dhumhcha, ar riasca goirt agus ar chladaí creagacha timpeall an chósta.Fabhcún Gorm
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an fabhcún gorm coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan creiche é an fabhcún gorm. Tá a ghob gearr, crúcach. Tá sé teann láidir le heireaball meánfhaid. Tá dath liathghorm ar a chodanna uachtaracha agus tá a chodanna íochtaracha bán le stríoca tanaí. Tá aghaidh bhán aige le stríoc dhubh ar an dá leiceann. Tá súile móra dorcha aige. Tá a sciatháin biorach, fada. Tá an fabhcún gorm baineann níos doinne agus níos mó. Is é an t-éan is tapúla ar domhan ag baint ard luas 320Km amach ag tumadh ar chreach.Réim Bhia
Go hiondúil, beathaíonn sé ar éin gur féidir leis a sciobadh san aer. Maraíonn sé iad le buille marfach óna chosa ag an nóiméad deireanach. Itheann sé colúir, smólaigh, lapairí, faoileáin agus éin mhara.Nead/Gnáthóg
Is maith leis an bhfabhcún gorm aillte cois cósta agus intíre. Is féidir teacht air ar chóstaí sa deisceart, san iarthar agus sa tuaisceart ach go háirithe.Glasóg Shráide
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ghlasóg shráide coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan beag, dubh agus bán í an ghlasóg shráide. Tá sé éasca í a aithint mar gheall ar an eireaball fada a bhogann sí suas agus síos go rithimeach. Tá an t-éan baineann i bhfad níos léithe.Réim Bhia
Itheann an ghlasóg shráide feithidí a ghabhann sí ar an talamh nó san aer.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an nglasóg shráide i raon leathan de ghnáthóga difriúla, i mbailte agus i ngairdíní, timpeall feirmeacha agus amuigh faoin tuath. Ní fheictear mórán í i bportaigh nó ar talamh ard. Déanann an ghlasóg shráide a nead i gcrainn chuasacha nó i gcairn adhmaid, ach is fearr leo nead a dhéanamh i bpoill. Tógtar an nead bheag chuach-chruthach as féar agus as caonach.Spideog
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an spideog an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan ramhar í an spideog le brollach dearg oráisteach. Tá dath liathdhonn ar a codanna uachtaracha agus liathbhán ar a bolg agus ar a brollach íochtarach. Tá an spideog fhireann agus baineann an-chosúil lena chéile ach amháin go bhfuil dath níos gile ar an éan fireann.Réim Bhia
Itheann an spideog feithidí, péisteanna agus ciaróga, go príomha. Lorgaíonn sí bia piseanna talún agus síolta ag an mbord éan.Nead/Gnáthóg
Feictear an spideog go rialta i ngairdíní, i gcoillearnacha agus i bhfálta sceach. Bíonn a nead ceilte go maith i mbruacha, in eidhneán, i bpoill i gcrainn agus i mballaí ach déanfaidh sí a nead in áiteanna neamhghnácha ar nós bothán gairdín. Bíonn an spideog fhireann an-chosantach faoina fhearann. Bíonn sé réidh chun troda go bás chun a gheadán talún a chosaint, más gá.Rúcach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an rúcach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is préachán é an rúcach. Tá sé dubh le himir den chorcra. Tá a ghob caol agus liath. Tá an rúcach fireann agus baineann an-chosúil lena chéile.Réim Bhia
Itheann an rúcach ciaróga, damháin alla, péisteanna, mamaigh agus éin bheaga agus a n-uibheacha. I gceantair uirbeacha, itheann sé dramhaíl bhia agus i gceantair thuaithe itheann sé prátaí agus gránach.Nead/Gnáthóg
Déanann rúcaigh neadacha toirtiúla i mbarr chrainn ar a nglaoitear garráin phréachán.Ulchabhán Réisc
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an t-ulchabhán réisc neamhchoitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan creiche é an t-ulchabhán réisc. Is ulchabhán meánmhéide é. Breathnaíonn sé an-chosúil leis an gceann cait ó thaobh clúimh de. Tá aghaidh leathan thipiciúil air. Tá dath béas-donn air le stríoca dorcha ar a bhrollach, ar a bholg agus ar a dhroim. Tá a sciatháin agus a eireaball stríocach. Aithnítear an t-ulchabhán réisc óna shúile buí agus na curcaí cluaise beaga atá le feiceáil nuair a bhítear i ngar dó. Ní cluasa iad na curcaí cluaise seo ach cleití. Feictear an t-ulchabhán réisc ag fiach i rith an lae go hiondúil.Réim Bhia
Beireann an t-ulchabhán réisc ar mhamaigh bheaga, ar fhroganna agus ar éin.Nead/Gnáthóg
Is fearr leis an ulchabhán réisc talamh ard agus ísealchríocha sa deisceart agus san oirthear den chuid is mó. Is cuairteoir rialta é ar ísealchríocha cois cósta ina roghnaíonn sé dumhcha agus suímh mhóra, oscailte, garbha.Siscín
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an siscín coitianta in Éirinn ach go háirithe i nDún na nGall, i bhFear Manach, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCiarraí agus i gCill Mhantáin.Cur Síos
Is glasán é an siscín. Tá a ghob caol agus biorach. Tá eireaball gabhlach aige atá soiléir agus é ag eitilt. Tá brollach agus cloigeann gealbhuí, bolg bán, droim glasbhuí ag an siscín fireann. Tá barraí buí ar na sciatháin agus ar thaobhanna an eireabaill.Réim Bhia
Itheann an siscín cnónna agus síolta. Sa gheimhreadh, lorgaíonn sé piseanna talún ag an mbord éan.Nead/Gnáthóg
Feictear an siscín i gcoillearnacha buaircíneacha agus sa gheimhreadh tagann sé go coillearnacha fearnóige. Is féidir teacht ar a nead go hard i gcrainn bhuaircíneacha i ladhar chraoibhe.Fuiseog
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an fhuiseog an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan beag donn stríocach í le codanna íochtaracha béasa aici. Tá a brollach breactha agus tá cuircín beag ar a cloigeann. Caitheann sí formhór a cuid ama ag ithe agus ag neadú ar an talamh. Is ar éigean a thabharfá an fhuiseog faoi deara agus í ar an talamh ach is éasca í a fheiceáil agus a taispeántas ceiliúir agus eitilte ar siúl aici. Bíonn sí ag canadh agus í ag eitilt go ceartingearach, ar foluain agus ag tuirlingt ón spéir.Réim Bhia
Beathaíonn an fhuiseog ar fheithidí agus ar shíolta.Nead/Gnáthóg
Tógann an fhuiseog bhaineann a nead ar an talamh i measc fásra gearr. Is claig éadomhain sa talamh í an nead, líneáilte le gais agus le duilleoga agus le líneáil ghruaige laistigh.Smólach Ceoil
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an smólach ceoil coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an smólach ceoil ar aon mhéid leis an lon dubh. Tá a chodanna uachtaracha donn. Tá dath béas ar a chodanna íochtaracha agus tá spotaí dubha i gcruth saighde i línte soiléire ar a bhrollach agus ar a thaobhanna. Breathnaíonn an smólach ceoil fireann agus baineann an-chosúil lena chéile. Feictear an smólach ceoil i mbun ceiliúradh ar fhara, ard, feiceálach. Tá ceiliúr an éin seo simplí. Canann sé míreanna arda, soiléire cosúil le fliúit, arís agus arís eile. Ní bhailíonn na smólaigh cheoil in ealtaí riamh. Ina n-aonar nó i bpéirí a fheictear iad go hiondúil.Réim Bhia
Itheann an smólach ceoil feithidí agus péisteanna talún. Is fearr leis seilidí ach go háirithe agus briseann sé na sliogáin ina smidiríní ar chlocha agus ar charraigeacha chun na seilidí a ithe. Is minic a fheictear é ag pocléim feadh an talaimh agus é sa tóir ar phéisteanna.Nead/Gnáthóg
Déanann an smólach ceoil a nead in áit faoi scáth i dtor nó i gcrann. Is iondúil a thógann an smólach ceoil baineann an nead. Tá an nead cuach-chruthach, déanta as féar, cipíní agus créafóg. Tá an líneáil déanta as láib agus tá sé mín ar an taobh istigh.Gealbhan Binne
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an gealbhan binne an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Bíonn an gealbhan binne le feiceáil go minic. Tá cloigeann mór aige le leicne bána agus gob tiubh. Tá a chleití donn dorcha le stríoca dubha ar an gcorp uachtar. Dath donn éadrom atá ar na codanna íochtaracha. Feictear gealbhain bhinne go minic ag eitilt in ealtaí móra.Réim Bhia
Beathaíonn an gealbhan binne ar shíolta, grán agus roinnt feithidí. Tógann sé bia ó bhoird éan.Nead/Gnáthóg
Déanann an gealbhan binne a nead i gcuasa i bhfoirgnimh, faoi sceimhleacha nó i bpoill fágtha i mballaí ina bhfuil brící ar iarraidh.Spioróg
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an spioróg coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan creiche ī an spioróg. Tá a sciatháin leathan, cruinn agus tá eireaball fada, caol aici. Tá an spioróg fhireann beag le droim liathghorm. Tá a chodanna íochtaracha bán le stríoca dearg-oráisteacha. Tá an spioróg bhaineann níos mó le clúmh níos doinne ar uachtar agus stríoca liatha ar íochtar.Réim Bhia
Creachann an spioróg éin bheaga agus beireann sí orthu agus iad ina suí ar fhara nó i mbun eitilte. Ionsaíonn sí lena cosa iad.Nead/Gnáthóg
Feictear an spioróg go forleathan i gcoillearnacha, ar talamh feirme le coillte, i bpáirceanna móra agus i ngairdíní. Tógfaidh sí seans dul isteach i ngairdíní uirbeacha chun breith ar éin bheaga ag an mbord éan. Déanann sí nead i gcrainn, go minic go domhain i ndúiche choillteach, cé go bhfeictear í ag neadú i bpáirceanna, i ngairdíní móra agus i gcoillte beaga. Bíonn an nead míshlachtmhar agus déanta as cipíní.Druid
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an druid an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an druid le feiceáil i ngairdíní ar fud na tíre. Tá a eireaball gearr agus a sciatháin biorach. Tá a ghob buí. Bíonn a chlúmh lonrach le himir den ghlas agus den chorcra air sa samhradh. Sa gheimhreadh, bíonn na cleití níos neamhlonraí le spotaí bána. Ag an tráth seo den bhliain, bailíonn siad le chéile go minic in ealtaí móra sa spéir agus taispeántais chleaseitilte iontacha ar bun acu.Réim Bhia
Is iomaí cineál éagsúla bia a itheann an druid, feithidí, céadchosaigh, damháin alla, leamhain, péisteanna talún, torthaí, gránaigh agus síolta.Nead/Gnáthóg
Déanann an druid a nead i bpoill nó i scoilteanna i bhfoirgnimh agus i gcrainn.Caislín Cloch
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an caislín cloch coitianta go leor in Éirinn.Cur Síos
Tá an caislín cloch ar aon mhéid leis an spideog. Tá cloigeann dubh suntasach ag an gcaislín cloch fireann. Tá taobh a mhuiníl bán. Tá a bhrollach dearg oráisteach agus a dhroim donnbhreac. Níl cloigeann dubh ag an éan baineann mar atá ag an gcaislín cloch fireann. Tá a droim donn agus imir den oráiste ar a brollach. Suíonn an caislín cloch ar fhara atá le feiceáil go soiléir. Feictear é ag scinneadh ó thor go tor agus a eireaball ag preabadh suas is anuas.Réim Bhia
Beathaíonn an caislín cloch ar fheithidí.Nead/Gnáthóg
Is fearr leis an gcaislín cloch féarthailte le clúdach tiubh tom orthu. In Éirinn, feictear é go minic i gceantair an chósta, i gCorcaigh, i gCiarraí, i gCo. an Chláir, i Maigh Eo agus i nDún na nGall, ach go háirithe.Fáinleog
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an fháinleog coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh.Cur Síos
Aithnítear an fháinleog go héasca óna sciatháin dhubha, lonracha agus a heireaball fada, gabhlach. Tá a codanna íochtaracha bán. Tá paiste dearg ar a haghaidh agus banda caol, dubh ar a brollach.Réim Bhia
Beathaíonn an fháinleog ar fheithidí beaga (míoltóga agus cuileoga) agus í ar eiteog.Nead/Gnáthóg
Filleann na fáinleoga ar Éirinn ag deireadh Aibreáin ach tagann a bhformhór díobh i mBealtaine ón Afraic Theas. Filleann siad ar na suímh neadaireachta a bhí in úsáid acu cheana. Is éan lúfar í an fháinleog agus í ag eitilt. Is annamh a thuirlingíonn sí ar an talamh ach amháin chun láib agus féar a phiocadh suas le húsáid chun a nead a dhéanamh. Tógann sí nead i gcruth babhla as láib, i suímh oiriúnacha i sciobóil agus i bhfoirgnimh eile.Gabhlán Gaoithe
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an gabhlán gaoithe coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh.Cur Síos
Tá dath donn dorcha ar an ngabhlán gaoithe. Tá dath éadrom ar a scornach. Tá a sciatháin fada agus caol. Tá gabhal beag san eireaball aige ach ní mar a chéile leis an bhfáinleog é. Ní fheictear an gabhlán gaoithe ar fhara, ar fhálta nó ar shreanga toisc go bhfuil a chosa an-bheag agus is ar éigean gur féidir leis siúl. Caitheann sé formhór a shaoil nach mór, san aer gan tuirlingt. Teastaíonn airde mhaith ón ngabhlán gaoithe chun éirí i dtús eitilte. Dá bhrí sin níl foirgneamh aon stóir oiriúnach dá nead. Tá gáir chráite aige.Réim Bhia
Beathaíonn an gabhlán gaoithe ar fheithidí beaga agus é ar eiteog.Nead/Gnáthóg
Feictear an gabhlán gaoithe go minic i gceantair ina bhfuil go leor tógála déanta. Tógann sé nead i bpoill taobh istigh d’fhoirgnimh nó i bpoill faoi dhíonta. Is féidir teacht air i mbosca atá deartha go speisialta do ghabhlán gaoithe.Iolar Mara
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá, ar a laghad, deich bpéire ag maireachtáil go nádúrtha, fiáin in Éirinn. Sa bhliain 1910, bhí an speiceas seo díofa de bharr géarleanúna an chine dhaonna. Bhronn an Iorua 15 iolar mara ar mhuintir na hÉireann chun iarracht a dhéanamh iad a athbhunú i bPáirc Náisiúnta Chill Airne i 2007.Cur Síos
Is éan creiche é an t-iolar mara. Tá a chloigeann mór agus a ghob tiubh. Tá a sciatháin leathan le réise sciathán os cionn dhá mhéadar aige. Tá dath liathdhonn air den chuid is mó. Tá dath níos éadroime ar a chloigeann agus ar a mhuineál. Tá a chleití eitilte dubh. Gné shainiúil í an t-eireaball bán atá aige agus tá a chosa agus a ghob buí.Réim Bhia
Beathaíonn an t-iolar mara ar éisc den chuid is mó ach gabhann sé éin éagsúla, coiníní agus giorriacha freisin.Nead/Gnáthóg
Go hiondúil, maireann an t-iolar mara in aice le limistéir uisce oscailte den chuid is mó den bhliain, gar do cheantair sáile cois cósta agus gar d’fhionnuisce intíre. Déanann sé nead mhór as craobhacha agus as cipíní go hard i gcrainn nó feadh aillte. D’éirigh leis an gcéad athbhunú síolraithe i Loch Deirgeirt, i mBaile Uí Bheoláin, i gCo. an Chláir i 2013. Chleitigh éan óg i nGleann Garbh, in iarthar Chorcaí i 2016.Dreoilín
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an dreoilín an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an dreoilín ar cheann de na héin is lú atá againn. Tá corp beag, cruinn aige le heireaball beag, ardaithe. Tá clúmh a dhroma deargdhonn agus a bhrollach liath. Breathnaíonn an dreoilín fireann agus baineann mar a chéile.Réim Bhia
Beathaíonn an dreoilín ar fheithidí beaga agus a larbhaí.Nead/Gnáthóg
Feictear an dreoilín i ngnáthóga éagsúla, i ngairdíní rosánacha agus i sceacha foscúla. Tá cruth cruinn ar an nead agus í déanta as caonach le bealach isteach beag ar an taobh. Bíonn an nead ceilte go maith agus í suite in eidhneán nó i bhfásra casta, dlúth.Buíóg
Foclóir ar Fáil