Éisc: Leibhéal 1
Trosc Atlantach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an trosc Atlantach le fáil in uiscí fuara an Aigéin Atlantaigh timpeall ar chósta na hÉireann. Braitheann dath craicinn an troisc ar an mbia a itheann sé. Bíonn dath donnórga nó glasghorm ar an trosc. Is féidir le trosc lánfhásta a bheith suas le 150cm ar fhad. Maireann an trosc Atlantach suas le 25 bliain de ghnáth. Itheann sé diúilicíní, scuideanna, portáin, ribí róibéis agus éisc eile ar nós chorra gainimh, saláin agus scadáin. Maireann an trosc Atlantach gar do thóin na farraige.Bradán Atlantach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iasc sáile agus fionnuisce é an bradán Atlantach. Is iasc mór, láidir, cumhachtach é. Is féidir leis léim, glan as an uisce, níos mó ná 3m san aer chun gluaiseacht trí easanna. Tá dath airgid ar an mbradán Atlantach. Caitheann sé an chuid is mó d’á shaol san fharraige. Filleann siad ar an abhainn cheannann chéanna inar sceitheadh iad le síolrú.Liamhán Gréine
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is é an liamhán gréine an dara shiorc is mó. Is é an míolsiorc an ceann is mó. Tá an liamhán gréine mór agus gluaiseann sé go mall réidh ach is féidir leis léim, glan as an uisce. Is féidir leis an liamhán gréine lánfhásta a bheith suas le 8m ar fhad. Go hiondúil, bíonn sé liathdhonn le craiceann breac. Itheann sé planctón (bailiúchán d’orgánaigh a mhaireann in uisce). Snámhann sé ina dtreo lena bhéal mór ar oscailt chun breith orthu.Siorc Gorm
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is siorc mór caol é an siorc gorm le soc biorach agus súile móra. Fásann sé suas le 4 m ar fhad. Tá sé gorm den chuid is mó. Is snámhóir galánta é. Feictear é ag snámh go mall réidh gar do dhromchla na farraige ach is féidir leis snámh ar ardluas más gá. Itheann an siorc gorm éisc bheaga ach itheann sé siorcanna níos lú agus mamaigh mhara freisin.Eascann
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iasc fionnuisce í an eascann. Nuair a bhíonn sí óg bíonn cuma phéiste uirthi. Caitheann sí idir 9 agus 14 bhliana in aibhneacha agus i lochanna fionnuisce. Déanann sí geimhriú sa láib ar leaba abhann. Nuair a bhíonn sí lánfhásta, bíonn dath airgid agus cré-umha dorcha uirthi. Snámhann sí leis an sruth, i dtreo bhéal na habhann agus isteach san fharraige. Trasnaíonn sí an tAigéan Atlantach le síolrú agus ina dhiaidh sin faigheann sí bás sa Mhuir Shargasach sa Mhurascaill Mheicsiceo.Doingean Mara
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iasc mara mór é an doingean mara. Tá sé an-mhall ag fás agus tógann sé roinnt mhaith blianta go mbíonn sé lánfhásta. Is féidir leis fás go haon mhéadar ar fhad. Tá dath liath airgid air le dath gorm dorcha ar a dhroim. Tá bolg bán aige. Itheann sé cloicheáin, portáin agus éisc bheaga. Feictear an doingean mara ag snámh i gcoinne an tsrutha chuig fionnuisce i rith an tsamhraidh. Sa gheimhreadh, filleann sé ar an bhfarraige.Capall Mara
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá corp fada cuartha ag an gcapall mara fadshocach atá clúdaithe le plátaí cnámhacha. Tá cloigeann cosúil le capall aige. Bíonn dath buí, bán, donn nó fiú dath déthonach orthu. Tá spotaí beaga dorcha ar an gCapall Mara Fadshocach nach bhfuil le feiceáil ar chapaill mhara eile. Is féidir leis breith ar rudaí lena eireaball speisialta ar a dtugtar eireaball greama. Úsáideann sé a eireaball chun greim a choimeád ar fheamainn agus ar fhéar mara ionas nach scuabtar chun bealaigh é. Itheann sé sliogéisc bheaga, planctón (bailiúchán d’orgánaigh a mhaireann in uisce), agus plandaí. Cónaíonn an capall mara fadshocach in uiscí éadoimhne cois chósta. Níl snámh maith aige agus braitheann sé ar dhuaithniú chun é féin a cheilt ó chontúirt.Ronnach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iasc é an ronnach atá coitianta agus fairsing timpeall chósta na hÉireann. Tá corp caol aige le stríoca ingearacha ar a dhroim. Tá eireaball gabhlach aige. Is snámhóir iontach é. Snámhann sé ar ghnáth luas 0.98m sa soicind agus ar ardluas 5.5m sa soicind. Snámhann ronnaigh le chéile i scoileanna ollmhóra (grúpaí móra éisc ag snámh le chéile). Itheann an ronnach crilleanna agus ribí róibéis. Is maith leis scuideanna, saláin agus corra gainimh a ithe chomh maith. Feictear é in uiscí doimhne i rith an gheimhridh agus cois cladaigh i rith an earraigh.Péirse
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iasc fionnuisce í an phéirse . Feictear an phéirse i mbeagnach gach lochán, loch, sruthán agus abhainn ar fud na hÉireann. Is fearr léi uiscí ciúine, socra. Tá dath glasbhuí uirthi le stríoca ingearacha dubha ar a taobhanna. Tá eireaball lonrach dearg aici. Itheann an phéirse éisc atá níos lú ná í féin, chomh maith le larbhaí fheithidí.Liús
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iasc fionnuisce é an liús. Tá corp fada glas breac aige, agus tá cloigeann ollmhór le súile móra aige. Tá béal mór aige le go leor fiacla láidre ann. Itheann an liús éisc atá níos lú ná é féin, fiú amháin más liús óg atá ann. Itheann sé froganna agus eascanna freisin. Fanann sé i bhfolach i bhfásra, gan bogadh, réidh le léim ar chreach a shnámhann ró-ghar dó. Tá an liús an-líonmhar i lochanna, in aibhneacha agus i gcanálacha.Leathóg
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iasc leathógach í an leathóg. Luíonn sí agus snámhann sí ar a taobh. Tá an dá shúil ar an taobh céanna d’á cloigeann aici. Tá craiceann mín le gainní beaga uirthi. Tá spotaí dearga nó oráiste ar bharr a coirp agus tá sí bán ar bhun. Bíonn sí idir 50cm agus 60cm ar fhad de ghnáth. Itheann an leathóg seilidí cladaigh, drúchtíní, breallaigh, ruacain agus diúilicíní. Bíonn sí gníomhach san oíche. Maireann an leathóg ar thóin na farraige agus téann sí i bhfolach sa ghaineamh i rith an lae ag fanacht ansin gan bogadh.Mangadh
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an mangach gaolta leis an trosc. Tá sé fada agus tanaí. Tá súile móra aige. Tá dath glasdhonn air. Tá an mangach idir 50cm agus 90cm ar fhad. Itheann sé éisc bheaga, saláin agus scadáin. Feictear an mangach timpeall chósta na hÉireann ar fad. Ní maith leis an mangach solas geal na gréine.Boc Súildubh
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iasc leathógach é an roc súildubh. Tá cruth triantánach air agus tá soc biorach aige. Tá ciorcail dhubha agus buí ar an dá sciathán, i gcruth súl. Tá a bhéal ar bhun a choirp a ligeann dó bia a ithe ar thóin na farraige. Fásann sé suas le 60cm ar fhad. Brúnn sé é féin faoin ghaineamh chun dul i bhfolach ó chreachadóirí (sealgairí). Itheann an roc súildubh sliogéisc agus péisteanna.Catsúileach Béaldubh
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is ball de speiceas an tsiorca an catsúileach béaldubh. Tá corp fada, caol aige. Fásann sé suas le 70 cm ar fhad. Tá sé clúdaithe le spotaí beaga dorcha agus tá a chraiceann garbh. Tá a bhéal suite i bhfad siar ar íochtar an choirp. Itheann sé péisteanna, éisc bheaga agus sliogéisc. Is féidir teacht ar an gcatsúileach béaldubh gar do thóin na farraige.Róiste
Foclóir ar Fáil