Éisc: Leibhéal 2
Trosc Atlantach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an trosc Atlantach le fáil in uiscí fuara.Cur Síos
Braitheann dath craicinn an troisc ar cad a itheann sé. Má itheann an trosc crústaigh (portáin, ribí róibéis srl.) bíonn dath donnórga ar a chraiceann. Bíonn dath glasghorm ar an trosc a itheann éisc eile. Is féidir le trosc lánfhásta a bheith suas le 150cm ar fhad. Maireann an trosc Atlantach suas le 25 bliain de ghnáth.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an trosc Atlantach (ag ithe ainmhithe nó éisc eile). Itheann sé diúilicíní, scuideanna, portáin, ribí róibéis agus éisc eile ar nós chorra gainimh, saláin agus scadáin.Gnáthóg
Maireann an trosc Atlantach gar do ghrinneall na farraige, ag snámh trí éagsúlacht ghnáthóga ó ghrinneall carraigeach go grinneall láibe agus gainmheach.Bradán Atlantach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is iasc sáile agus fionnuisce é an bradán Atlantach.Cur Síos
Is iasc mór, láidir, cumhachtach é. Léimeann sé glan as an uisce níos mó ná 3m (10 dtroigh) san aer chun gluaiseacht trí easanna agus coraí. Tá cloigeann beag, biorach aige agus tá dath an airgid air le marcanna beaga dubha ar a chloigeann, droim agus eití.Réim Bhia
San abhainnchóras, itheann an brainlín (bradán óg) éisc eile agus feithidí. San fharraige, itheann an bradán Atlantach scuideanna, ribí róibéis agus éisc bheaga.Gnáthóg
Caitheann bradáin lánfhásta an chuid is mó d’á saol san fharraige. Filleann siad ar fhionnuisce le sceitheadh (uibheacha síl a scaoileadh) i lár an gheimhridh. Filleann siad ar an abhainn cheannann chéanna inar sceitheadh iad, ag baint úsáide as an mboladh láidir atá acu. Ní itheann siad rud ar bith ar an turas fillte agus dá bhrí sin, faigheann an chuid is mó díobh bás ar a mbealach ar ais chun na farraige. Tagann larbhaí as na huibheacha. Tar éis tamaill agus iad beagáinín níos mó, glaoitear gealóga bhradáin orthu. Níos déanaí i lár an tsamhraidh, glaoitear muóga orthu. Fanann na bradáin óga san abhainnchóras ar feadh cúpla bliain. Ag deireadh an tréimhse seo, glaoitear brainlíní ar na bradáin. Faoin am seo, bíonn siad réidh an abhainn a fhágáil chun dul isteach san aigéan.Ballach Breac
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá cúig speiceas den bhallach le fáil in uiscí Éireannacha. Is é an ballach breac, an t-iasc is mó díobh.Cur Síos
Fásann an ballach breac idir 30 agus 50 cm ar fhad. Tá corp trom leathan aige le cloigeann mór agus liopaí tiubha. Bíonn dathanna éagsúla ar an mballach breac ag brath ar an áit ina maireann sé. Bíonn gach ballach breac baineann ag tús a shaol ach tarlaíonn athrú inscne do na héisc is ceannasaí.Réim Bhia
Itheann an ballach breac sliogéisc bheaga ar nós portáin, ribí róibéis agus bairnigh, chomh maith le péisteanna mara agus éisc bheaga. Tá fiacla láidre agus gialla cumhachtacha aige.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mballach breac san fharraige idir 1m go 50m ar doimhneacht i measc carraigeacha agus leapacha ceilpe.Liamhán Gréine
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is é an liamhán gréine an dara shiorc is mó. Is é an míoIsiorc an ceann is mó. Tá an liamhán gréine mór agus gluaiseann sé go mall réidh ach is féidir leis léim, glan as an uisce. Is féidir leis an liamhán gréine lánfhásta a bheith suas le 8m ar fhad. Go hiondúil, bíonn sé liathdhonn le craiceann breac. Tá soc biorach aige agus síneann a scoilteanna geolbhaigh (orgán análaithe éisc) timpeall a chloiginn ar fad nach mór. Ní dhéanann an liamhán gréine codladh geimhridh agus bíonn sé gníomhach ó cheann ceann na bliana.Réim Bhia
Tá trí speiceas de shiorc a itheann planctón (bailiúchán d’orgánaigh mhara a mhaireann sna haigéin). Is ceann de na speicis seo é an liamhán gréine. Nuair a bhíonn an liamhán gréine ag beathú snámhann sé i dtreo an phlanctóin lena bhéal mór ar oscailt.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an liamhán gréine i ngach aigéan measartha (cineálta, séimh) ar domhain.An Catsúileach Béaldubh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go ForleathanCur Síos
Is ball de speiceas an tsiorca an catsúileach béaldubh. Tá corp fada, caol aige. Fásann sé suas le 70 cm ar fhad. Tá sé clúdaithe le spotaí beaga dorcha agus tá a chraiceann garbh. Tá dath donn éadrom ar bharr a chorp agus tá dath liath éadrom, beagnach bán, ar chodanna íochtaracha a choirp. Tá a bhéal suite i bhfad siar ar íochtar an choirp.Réim Bhia
Itheann an catsúileach béaldubh aon rud a aimsíonn sé. Itheann sé péisteanna, éisc bheaga agus sliogéisc.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcatsúileach béaldubh ar ghrinneall bog gainmheach.Siorc gorm
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan. B'fhearr leo uisce fuar.Cur Síos
Fásann an siorc gorm suas le 4 m ar fhad. Tá dath gorm go príomha, ar bharr a dhroim agus ar a thaobhanna agus dath bán ar íochtar a bhoilg. Is siorc mór caol é le soc biorach agus súile móra starracha. Is snámhóir galánta é. Feictear é ag snámh go mall réidh gar do dhromchla na mara ach is féidir leis snámh ar ardluas más gá.Réim Bhia
Itheann an siorc gorm creach bheag ach itheann sé creach mhór freisin, siorcanna níos lú agus mamaigh mhara san áireamh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an siorc gorm i mbeagnach gach aigéan ar domhain. Is é an siorc gorm is forleithne de na siorcanna. Is fearr leis uisce fuar ar an iomlán. Nuair a bheirtear ar aon siorc in uiscí Éireannach cuirtear clib air agus scaoiltear saor é. Rugadh an dara huair ar shiorc a bhí clibeáilte gar do Cheann Léime, Co. an Chláir, amach ó chósta Veiniséala, thart ar 4,250 míle ó Éirinn.Ruabhreac
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Locha le huisce glan.Cur Síos
Is iasc fionnuisce é an ruabhreac. Breathnaíonn sé an-chosúil leis an mbradán go fisiciúil. Bíonn pátrún spotaí éadroma ar na taobhanna a bhíonn glas nó gorm de ghnáth.Réim Bhia
Athraíonn réim bhia an ruabhric leis na séasúir. Itheann sé feithidí a aimsíonn sé ar bharr uisce, chomh maith le héisc bheaga agus sliogéisc bheaga fionnuisce eile a fhaigheann sé ar ghrinneall an locha.Gnáthóg
Is in uiscí fíorghlana amháin a mhaireann an ruabhreac agus in Éirinn, bíonn sé le fáil i lochanna fionnuisce. Bhíodh an ruabhreac go réasúnta forleathan ach níl sé chomh fairsing is a bhí, uair dá raibh. Truailliú, scrios nó caillteanas gnáthóige agus téamh domhanda is cúis le titim lín an ruabhric.Bran
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is iasc fionnuisce é an bran.Cur Síos
Tá corp caol, leathan ag an mbran agus dá bhrí sin is féidir leis na héisc seo snámh i scoileanna dlútha (grúpa mór éisc ag snámh le chéile). Tá dath cré-umha, donn agus órga air. Tá eireaball mór aige.Réim Bhia
Itheann an bran ribí róibéis fionnuisce, péisteanna, larbhaí feithidí agus éisc bheaga.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mbran i mbeagnach gach abhainn agus loch in Éirinn.Roc Súildubh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan in uiscí teo in oirthuaisceart an Atlantaigh.Cur Síos
Is iasc leathógach é an roc súildubh. Tá cruth triantánach air agus tá soc biorach aige. Tá dath éadrom ar íochtar an choirp agus dath fionnrua, crón ar uachtar an choirp. Tá ciorcail mharmaracha dubha agus buí ar an dá sciathán, i gcruth súl. Tá a bhéal ar an gcuid íochtarach den chorp a ligeann dó bia a ithe de ghrinneall na farraige. Bíonn an roc súildubh lánfhásta suas le 60cm ar fhad. Gluaiseann an roc súildubh go réidh feadh ghrinnill na farraige. Brúnn sé é féin faoin ghaineamh ag tóin na farraige chun é féin a choinneáil ceilte agus sábháilte ó chreachadóirí (sealgairí).Réim Bhia
Itheann an roc súildubh sliogéisc agus péisteanna, ag úsáid lanna meilte in ionad fiacla.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an roc súildubh in uiscí teo in oirthuaisceart an Atlantaigh. Maireann sé i ndoimhneacht farraige ó 20 go 150m ar ghrinneall gainmheach agus lábach.Eascann
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan i ngach abhann is loch sa tír.Cur Síos
Is iasc fionnuisce í an eascann. Caitheann sí an chuid is mó d’á saol ag taisteal trí limistéir uisce éagsúla, ar nós inbhir, lochanna, canálacha agus draenacha talún. Tagann an eascann ón Aigéan Atlantach Lár Thuaidh ó thosach agus caitheann sí roinnt míonna ag taisteal sula sroicheann sí uiscí na hEorpa. Nuair a bhaineann sí uiscí na hÉireann amach, níl inti ach créatúr beag bídeach atá cosúil le péist. Caitheann sí idir 9 agus 14 bhliana in aibhneacha agus i lochanna fionnuisce. Tá corp fada caol ag an eascann. Tá dath donn dorcha ar a droim agus tá taobhanna glasdhonn aici. Tá a codanna íochtaracha buí. Agus í lánfhásta, bíonn sí ar dhath an airgid agus cré-umha dorcha. Ar deireadh thiar, snámhann sí leis an sruth, i dtreo bhéal na habhann agus isteach san fharraige. Trasnaíonn sí an tAigéan Atlantach le síolrú agus ina dhiaidh sin faigheann sí bás sa Mhuir Shargasach sa Mhurascaill Mheicsiceo. Tá líon na n-eascann ag laghdú in Éirinn agus ar fud na hEorpa.Réim Bhia
Is iasc oíche í an eascann den chuid is mó. Nuair a bhíonn an eascann Eorpach in abhainn tagann sí amach i rith na hoíche chun péisteanna talún, drúchtíní agus seilidí a ithe.Gnáthóg
Feictear an eascann Eorpach i mbeagnach gach inbhear, loch, abhainn, canáil agus draein talún. Déanann sí codladh geimhridh i ngrinneall lábach aibhneacha.Doingean Mara
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan san fharraige.Cur Síos
Is iasc mara mór é an doingean mara. Feictear amach ó chósta thiar agus ó chósta theas na hEorpa é. Tá sé an-mhall ag fás agus tógann sé roinnt mhaith blianta go mbíonn sé lánfhásta. Is féidir leis fás go haon mhéadar ar fhad. Tá dath liath airgid air le dath gorm dorcha ar a dhroim. Tá bolg bán aige.Réim Bhia
Bíonn an doingean mara ag fiach le haghaidh bia i rith na hoíche den chuid is mó. Itheann sé cloicheáin, portáin agus éisc bheaga.Gnáthóg
Go hiondúil, tagann an doingean mara isteach in uiscí cósta agus in inbhir i rith an tsamhraidh agus uaireanta snámhann sé i gcoinne an tsrutha chuig fionnuisce. Sa gheimhreadh, filleann sé ar uiscí doimhne.Catsúileach Ballach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan san fharraige.Cur Síos
Is siorc beag é an catsúileach ballach. Clúdaíonn spotaí agus balscóidí a chraiceann bánbhuí garbh. Tá béal beag aige agus tá a shúile móra dorcha cosúil le súile cait. Fásann sé idir 70cm agus 100cm ar fhad.Réim Bhia
Itheann an catsúileach ballach portáin agus éisc bheaga eile. Nuair a bhraitheann sé go bhfuil creachadóir á fhiach, cuachann sé é féin i gcruth taoschnó chun cuma níos mó a chur air féin.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcatsúileach ballach san Aigéan Atlantach thoir thuaidh agus sa Mhuir Thuaidh. Cónaíonn sé gar do ghrinneall gainmheach nó lábach, áit a bhfásann feamainn ach go háirithe. Is fearr leis an catsúileach ballach uisce domhain. Ní shnámhann na héisc seo i scoileanna (a lán iasc ag snámh le chéile i ngrúpa mór).Langa
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan san fharraige.Cur Síos
Is baill é an langa de speiceas na dtrosc. Is é is faide agus is mó díobh. Tá a chorp fada agus caol, cosúil le heascann. Tá bolg bán agus droim ciarbhuí, fionnrua aige. Tá a bhéal lán le fiacla géara, faobhracha. Is féidir leis fás suas le 150cm ar fhad.Réim Bhia
Itheann an langa éisc ar bith ar nós scadán agus ronnach i meánuiscí agus troisc agus leathóga gar do ghrinneall na farraige.Gnáthóg
Tá an langa réasúnta fairsing timpeall chósta na hÉireann. Cónaíonn sé i longa báite ar thóin na farraige. Go hiondúil, is féidir teacht air ina ghnáthóg nádúrtha, i sceireacha in uisce domhain amach ón gcósta. Uaireanta feictear é faoi bhun laftáin charraigeacha.Capall Mara Fadsocach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Beagán ar fáil.Cur Síos
Tá corp fada cuartha ag an gcapall mara fadshocach atá clúdaithe le plátaí cnámhacha. Tá cloigeann cosúil le capall aige. Feictear difríochtaí sna dathanna a bhíonn orthu. Bíonn dath buí, bán, donn nó fiú dath déthonach orthu. Tá spotaí beaga dorcha ar an gCapall Mara Fadshocach nach bhfuil le feiceáil ar chapaill mhara eile. Tá eireaball speisialta aige a chuireann ar a chumas greim a fháil ar rudaí. Eireaball greama a thugtar ar eireaball mar seo (ábalta greim a fháil ar rudaí) Úsáideann sé a eireaball chun greim a choimeád ar fheamainn agus ar fhéar mara ionas nach scuabtar chun bealaigh san fheacht é.Réim Bhia
Itheann an capall mara fadshocach sliogéisc bheaga, planctón (bailiúchán d’orgánaigh mhara a mhaireann sna haigéin), agus plandaí. Úsáideann sé a shoc fada chun bia a shú isteach. Bíonn sé ag ithe i rith an lae agus glacann sé scíth san oíche agus é greamaithe le féar mara lena eireaball greama.Gnáthóg
Cónaíonn an capall mara fadshocach in uiscí éadoimhne cois chósta ar sceireacha coiréalacha, leapacha féar mara agus i gcuanta. Níl snámh maith aige agus braitheann sé ar dhuaithniú chun é féin a cheilt ó chontúirt.Ronnach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is iasc é an ronnach atá coitianta agus fairsing timpeall chósta na hÉireann. Tá corp caol aige le stríoca ingearacha ar a dhroim. Tá eireaball gabhlach aige. Is snámhóir iontach é. Snámhann sé ar ghnáth luas 0.98m sa soicind agus ar ardluas 5.5m sa soicind. Snámhann ronnaigh le chéile i scoileanna ollmhóra (grúpaí móra éisc ag snámh le chéile). Tuairiscítear go mbíonn na grúpaí seo chomh fairsing le 9 gciliméadar ar fhad, 4 chiliméadar ar leithead, 40 méadar ar doimhneacht. Is minic a itheann troisc, siorcanna agus deilfeanna an ronnach, creachadóirí atá níos mó ná é. Is ball de speiceas an tuinnín é.Réim Bhia
Itheann an ronnach crilleanna agus ribí róibéis. Is maith leis scuideanna, saláin agus corra gainimh a ithe chomh maith.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an ronnach ar an bhfarraige mhór, idir uiscí measartha agus trópaiceacha. Feictear é in uiscí doimhne i rith an gheimhridh agus cois cladaigh i rith an earraigh.Péirse
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is iasc fionnuisce í an phéirse. Tá sí coitianta i gcóras fionnuisce ar fud na hÉireann ach is annamh a fheictear péirse mhór. Tá sé éasca í a aithint mar gheall ar an dath glasbhuí atá uirthi. Saintréith is ea na stríoca ingearacha dubha atá ar na cliatháin aici freisin. Tá dhá eite dhroma spíceacha agus eireaball lonrach dearg aici.Réim Bhia
Itheann an phéirse éisc atá níos lú ná í féin, chomh maith le larbhaí fheithidí.Gnáthóg
Feictear an phéirse i mbeagnach gach lochán agus loch, sruthán agus abhainn ar fud na hÉireann. Is fearr léi maireachtáil in uiscí ciúine, socra.Liús
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is iasc fionnuisce é an liús. Tá corp fada glas breac aige, agus tá cloigeann ollmhór le súile móra aige. Tá béal mór aige le go leor fiacla láidre, faobhracha ann. Is é is mó de na creachadóirí fionnuisce.Réim Bhia
Go hiondúil, itheann an liús éisc atá níos lú ná é féin, fiú amháin más liús óg atá ann. Itheann sé froganna agus eascanna freisin. Fanann sé i bhfolach i bhfásra, gan chorraí, agus bíonn sé réidh léim ar chreach a shnámhann ró-ghar dó.Gnáthóg
Tá an liús an-líonmhar i ngach córas uisce in Éirinn ó inbhir bheaga agus móra go haibhneacha agus canálacha.Leathóg
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is iasc leathógach í an leathóg. Luíonn sí agus snámhann sí ar a taobh. Tá an dá shúil ar an taobh céanna d’á cloigeann aici. Tá craiceann mín le gainní beaga uirthi. Tá a corp uachtarach donn le spotaí dearga nó oráiste. Tá íochtar a coirp bán. Bíonn sí idir 50cm agus 60cm ar fhad de ghnáth.Réim Bhia
Itheann an leathóg seilidí cladaigh, drúchtíní, breallaigh, ruacain agus diúilicíní. Bíonn sí gníomhach san oíche.Gnáthóg
Maireann an leathóg ar ghrinneall gainmheach ar doimhneacht suas le 200m. Tá nós aici dul i bhfolach sa ghaineamh i rith an lae ag fanacht gan chorraí ar feadh tréimhsí fada.Mangach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is ball de speiceas na dtrosc é an mangach. Is iasc fada, tanaí é le súile móra. Tá corp cruinn aige le heireaball gabhlach. Tá soc biorach aige agus gobann a ghiall amach. Tá dath glasdhonn air. Tá dath níos éadroime ar a bholg. Tá an mangach idir 50cm agus 90cm ar fhad.Réim Bhia
Ionsaíonn an mangach a chreach ón mbun aníos, ag snámh ó dhuibheagán na mara ar ardluas chun breith uirthi. Itheann sé éisc bheaga, saláin agus scadáin.Gnáthóg
Feictear an mangach timpeall chósta na hÉireann ar fad. Tá siad an-líonmhar ar an gcósta thiar agus ar an gcósta thiar theas, go háirithe feadh chóstaí Chorcaigh thiar, Chiarraí, an Chláir agus Dhún na nGall. Go hiondúil snámhann an mangach in uiscí ó 50m go 250m ar doimhneacht. Ní maith leis an mangach solas geal na gréine.Cnúdán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan go domhain san fharraige.Cur Síos
Tá corp fada ag an gcnúdán dearg. Tá a chloigeann mór. Tá clár éadan agus súile móra air freisin. Tá dath dearg geal air le marcanna bándearga ar a thaobhanna agus ar a chloigeann. Saintréith is ea na heití atá aige, atá cosúil le méara, ar an dá thaobh d’á chorp. Úsáideann sé na heití seo chun bia a lorg ar ghrinneall na farraige. Tá an cnúdán dearg lánfhásta 40cm ar fhad.Réim Bhia
Itheann an cnúdán dearg péisteanna, sliogéisc bheaga agus éisc a fhaigheann sé ar ghrinneall na farraige.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcnúdán dearg idir dromchla na mara agus doimhneacht 400m.Róiste
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is iasc fionnuisce é an róiste agus is ball de speiceas na gcarbán é. Ball de speiceas na gcarbán freisin is ea an t-iasc órga. Tá cruth tipiciúil an charbáin ag an róiste dá bharr. Is iasc beag nó meánmhéide é. Tá dath an airgid ar an róiste le heití agus súile dearga aige.Réim Bhia
Itheann an róiste feithidí den chuid is mó agus sliogéisc bheaga fionnuisce freisin. Beathaíonn sé ar uibheacha iasc, ar phlandaí agus ar shíolta.Gnáthóg
Tugadh an róiste go hÉirinn den chéad uair sna 1800idí agus tá siad an-líonmhar i ngach chóras uisce in Éirinn ó inbhir bheaga agus móra go haibhneacha agus canálacha.Breac Geal
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is iasc sáile agus fionnuisce é an breac geal. Is mar a chéile iad an breac geal agus an breac donn. Déanann an breac geal a bhealach óna haibhneacha go dtí an fharraige mar gheall ar an bhflúirse bhia atá ar fáil sa sáile. Tá sé cosúil leis an mbradán ó thaobh datha de agus bíonn go leor spotaí ar na cliatháin aige go minic.Réim Bhia
Itheann an breac geal corra gainimh, cloicheáin agus ribí róibéis agus é san fharraige. Itheann sé feithidí nuair a bhíonn sé i bhfionnuisce.Gnáthóg
Caitheann an breac geal an chuid is mó d’á shaol san fharraige. Is féidir teacht air in aibhneacha agus in inbhir ar fud na hÉireann.Roc Garbh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan go domhain san fharraige.Cur Síos
Is iasc leathógach é an roc garbh. Saintréith is ea an cruth eitleoige atá ar a chorp. Tá droim balscóideach donn nó liath aige le spotaí dorcha agus éadroma. Tá dath bánbhuí ar a chodanna íochtaracha. Tá go leor spící agus dealga ar a dhroim agus ar a eireaball.Réim Bhia
Itheann an roc garbh portáin agus ribí róibéis go príomha. Tá gialla cumhachtacha aige agus briseann sé blaoscanna portán agus ribe róibéis go héasca. Brúnn sé é féin faoin ghaineamh ag tóin na farraige agus fanann sé faoi cheilt, go dtagann a chreach i ngar dó.Gnáthóg
Feictear an roc garbh i suímh éagsúla sa láib, sa ghaineamh, i scaineagán agus i gceilp. San earrach is féidir teacht ar an roc garbh gar d’inbhir nó istigh in inbhir agus iad ar thóir portán le hithe.Gearrthóir
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Go forleathan.Cur Síos
Is siorc mór é an gearrthóir . Is féidir leis fás suas le 2m ar fhad. Is snámhóir láidir, gníomhach é an gearrthóir agus is féidir leis taisteal suas le 56km in aghaidh an lae. Is iasc caol é ach tá sé cumhachtach mar sin féin. Tá soc fada, béal mór agus súile móra i gcruth almóinne aige. Tá dath liath éadrom ar a chodanna uachtaracha agus tá bolg bán aige.Réim Bhia
Itheann an gearrthóir cineálacha éagsúla iasc ó ronnaigh agus scadáin go leathóga.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an ngearrthóir in uiscí éagsúla, ó ghrinneall gairbhéalach éadomhain go suíomh garbh atá níos doimhne. Is fearr leis snámh cóngarach do ghrinneall na farraige.Turbard
Foclóir ar Fáil