Bláthanna: Leibhéal 1
Sabhaircín
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá teacht ar an sabhaircín ar fud na hÉireann. Fásann duilleoga an tsabhaircín i gciorcal gar don talamh. Tá dath an tsabhaircín idir gealbhuí agus dúbhuí le lár buí-oráiste dorcha sa lár. Tá cúig pheiteal ag gach bláth. Feictear sabhaircíní ag fás i bhféar ar imill bhóithre, i gcoillearnacha agus i bhféarach. Bíonn sabhaircíní faoi bhláth chomh luath le mí na Nollag, agus ó Eanáir go Bealtaine Is foinse mhaith neachtair í an sabhaircín do bheacha agus féileacáin.Coinnle Corra
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Fásann coinnle corra ina mílte faoi chrainn ar thalamh coille ar fud na hÉireann. Tá na duilleoga fada agus caol. Tá dath corcairghorm dorcha ar na bláthanna atá cosúil le cloigíní. Tá sé pheiteal ag gach bláth agus iad casta suas ag an mbarr. Cromann na bláthanna ar thaobh amháin den ghas lárnach. Tá suas le fiche bláth ar ghas amháin. Tá boladh cumhra ar na bláthanna seo a bhíonn faoi bhláth ó Aibreán go Bealtaine. Priocann beacha poll i mbun an bhlátha chun an neachtar a fháil as.Nóinín
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is iad nóiníní na bláthanna fiáine is coitianta in Éirinn. Fásann na duilleoga i gciorcal gar don talamh. Fásann an bláthcheann ar ghas aonar. Tá peitil bheaga, tanaí, bána ag gach bláth le lár buí ciorclach ann. Fásann nóiníní i móinéir, i bpáirceanna agus i ngairdíní. Feictear an nóinín i rith na bliana ar fad. Tugann an nóinín neachtar agus pailin do chuileoga, féileacáin agus beacha aonaracha.Fearbán Féir
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Fásann an fearbán féir i bpáirceanna, i ngairdíní agus i ndíoga cois bóthair ar fud na hÉireann. Is ceann amháin de 36 chineál éagsúla cham an ime é. Fásann sé suas le 1m amháin ar airde. Tá cruth triantánach ar na duilleoga. Tá dath buí an ime ar na bláthanna. Tá an bláth 2cm ar leithead le cúig pheiteal lonracha. Tá an fearbán féir faoi bhláth ó Aibreán go Deireadh Fómhair Faigheann feithidí neachtar ag bun na bpeiteal.Neantóg
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Fásann an neantóg nó an neantóg loiscneach i ngairdíní, i ndíoga cois bóthair, i bpáirceanna agus i gcoillearnacha ar fud na hÉireann. Fásann an neantóg suas le 1m ar airde. Tá a gas gruagach agus Tá na duilleoga spiacánach. Feictear an neantóg i rith na bliana ar fad ach fásann bláthanna glasa i ngrúpaí uirthi ó Mheitheamh go Meán Fómhair. Is foinse bia í do bhoilb éagsúla. Beathaíonn éin a itheann síolta ar shíolta na neantóige ag deireadh an tsamhraidh.Seamair Bhán
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is planda nádúrtha coitianta in Éirinn í an tSeamair Bhán agus is í an tSeamróg. Tagann an focal Seamróg ón nGaeilge “Seamair Óg”. Fásann an tseamair bhán in áiteanna féarmhara agus bíonn sí faoi bhláth ó Mheitheamh go Meán Fómhair. Tá trí dhuillín cruinne le marcanna geala ar na duilleoga. Tá grúpaí de bhláthanna beaga dlútha ubhchruthacha in aon bhláthcheann amháin atá suas le 8-13 mm ar leithead. Tá dath bánbhuí ar na bláthanna agus bíonn boladh cumhra uathu. Tugann an tseamair bhán neachtar do chineálacha éagsúla bumbóg.Caisearbhán
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Fásann an caisearbhán in áiteanna féarmhara ar fud na hÉireann. Tá na duilleoga i ngrúpa timpeall bun an ghais. Ar bharr an ghais bíonn suas le céad bláthóg beaga pacáilte go dlúth in aon bhláthcheann amháin. Nuair a bhristear an gas sileann sú bainniúil go mall as. Tagann na síolta i ngrúpa clúimhíneach a scaipeann leis an ngaoth cosúil le paraisiúit chlúimhíneacha. Fásann an caisearbhán i rith na bliana ar fad ach bíonn siad faoi bhláth ó Mhárta go Bealtaine. Tugann an caisearbhán neachtar do bhumbóga, beacha aonaracha, beacha mheala agus féileacáin. Beathaíonn éin a itheann síolta ar na síolta.Feochadán Colgach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an feochadán colgach le feiceáil i ngairdíní, i ndíoga cois bóthair agus i bpáirceanna ar fud na hÉireann. Fásann sé suas le 1m ar airde agus bíonn sé faoi bhláth ó Mhí Iúil go Mí Dheireadh Fómhair. Tá gas righin deilgneach aige le duilleoga atá liathghlas agus deilgneach chomh maith. Tá an bláthcheann ina bhfuil bláthóga beaga, bándearga, suite ar mheall deilgneach ar bharr an phlanda. Eitlíonn na síolta ar pharaisiúit ribí clúmhacha. Beathaíonn éin a itheann síolta ar na síolta. Tugann na bláthanna neachtar d'fhéileacáin.Plúirín Sneachta
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Feictear plúiríní sneachta in aice le srutháin agus in áiteanna taise. Fásann an plúirín sneachta ag tús an Earraigh Tá sé 7-15 ceintiméadar ar airde. Tá 2/3 dhuilleog glasliath aige atá caol agus mín. Tá bláth amháin ag fás ar gach gas. Tá cloigeann bán, cloigínchruthach, cromtha aige. Dúnann peitil an phlúirín sneachta san oíche agus osclaíonn siad arís le héirí na gréine. Bíonn plúiríní sneachta faoi bhláth in Eanáir agus Feabhra de ghnáth. Meallann boladh cumhra milis an bhlátha seo feithidí beaga.Lus Mór
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Fásann an lus mór i gcoillte, cois bóthair, ar shléibhte agus ar aillte farraige. Is bláth fiáin ard, galánta é ach tá sé nimhiúil. Fásann na duilleoga móra ubhchruthacha i ngrúpa timpeall bun an ghais. Fásann na bláthanna cloigínchruthacha amach as an ngas. Tá suas le 80 bláth bándearg-corcra ar aon ghas amháin. Tá spotaí i mbéal an bhlátha agus deirtear gur lorg láimhe na síog atá iontu. Is iad na spotaí is mó a mheallann agus a stiúrann na bumbóga chuig an neachtar. Osclaíonn na bláthanna, ceann i ndiaidh a chéile, ón mbun go dtí an barr. Bíonn an lus mór faoi bhláth ó Mheitheamh go Lúnasa.An chailleach dhearg
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is bláth fiáin péacach í an chailleach dhearg a bhíonn faoi bhláth ó Mheitheamh go Lúnasa. Fásann sí suas le 1m ar airde. Tá duilleoga an bhlátha seo dúghlas le himill spiacánacha. Tá an gas fada agus gruagach. Tá na bláthanna síodúil, scarlóideach le cruth cosúil le fochupáin orthu. Tá na peitil craptha agus chomh tanaí le sliseoga. I lár an bhlátha, bíonn gais dhubha a choimeádann na saic phailine. Mealltar beacha dá bharr sin. Ní bhíonn suim ag na féileacáin sna bláthanna seo mar níl mórán neachtair le fáil iontu.Bacán Bán
Foclóir ar Fáil