Bláthanna: Leibhéal 2
Bainne Bó Bleachtáin
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá teacht ar an mbainne bó bleachtáin go forleathan timpeall na hÉireann.Gnáthóg
Feictear an bainne bó bleachtáin i móinéir, ar thalamh féaraigh, i gcoillearnacha, i ngairdíní agus i bhféar ar imill bhóithre.Cur Síos
Fásann duilleoga i gciorcal gar don talamh ag bun an ghais. Bíonn siad leathan agus rocach le himill spiacánacha. Tá dath dúghlas orthu le féitheacha geala sa lár iontu. Tá dath gealbhuí ar na bláthanna cloigínchruthacha. Feictear iad i ngrúpaí ar bharr an phlanda agus iad go léir iompaithe sa treo céanna ar thaobh amháin den phlanda. Tá clúdach fada, glas timpeall ar gach bláth.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an bainne bó bleachtáin faoi bhláth in Aibreán agus Bealtaine.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair luath í an bainne bó bleachtáin do chineálacha éagsúla d’fheithidí, beacha agus féileacáin san áireamh.Sabhaircín
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá teacht ar an sabhaircín go forleathan timpeall na hÉireann.Gnáthóg
Feictear sabhaircíní ag fás i bhféar ar imill bhóithre, ag bun fálta sceach, i gcoillearnacha agus i bhféarach.Cur Síos
Fásann duilleoga an tsabhaircín i gciorcal gar don talamh. Tá siad rocach agus tá dath dúghlas orthu. Bíonn idir dath gealbhuí agus dúbhuí ar bhláth an tsabhaircín le lár buí-oráiste dorcha ann. Bíonn cúig pheiteal ag gach bláth. Fásann na bláthanna ar ghais fhionnaitheacha, ingearacha.Tréimhse an bhláthaithe
Feictear sabhaircíní faoi bhláth chomh luath le mí na Nollag, agus ó Eanáir go Bealtaine.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair maith í an sabhaircín do bheacha agus féileacáin.Coinnle Corra
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear coinnle corra go príomha i gceantair choillearnaí ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Tá dlúthcheangal idir coinnle corra agus ceantair choillearnaí. Is sna suíomhanna seo faoi chrainn agus ar bhruacha féarmhara go hiondúil, a fheictear coinnle corra ina mílte.Cur Síos
Bíonn duilleoga na gcoinnle corra caol, lonrach agus fada le barra bioracha orthu. Bíonn dath corcairghorm dorcha ar na bláthanna cloigínchruthacha seo. Bíonn sé pheiteal ag gach bláth agus iad casta suas ag an mbarr. Cromann na bláthanna ar thaobh amháin den ghas lárnach. Bíonn suas le fiche bláth ar ghas amháin. Bíonn dath bán ar roinnt coinnle corra. Bíonn boladh cumhra ar na bláthanna seo.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn coinnle corra faoi bhláth ó Aibreán go Bealtaine.Leas don Fhiabheatha
Baineann an-chuid feithidí leas as na coinnle corra, féileacáin, beacha agus beacha ghabhair san áireamh, toisc go mbláthaíonn siad níos luaithe ná plandaí eile. Priocann beacha poll i mbun an bhlátha chun an neachtar a fháil as.Fearbán Féir
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá teacht ar an bhfearbán féir go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Feictear an Fearbán Féir i móinéir agus féarach ach tá teacht air i bpáirceanna, gairdíní agus i ndíoga cois bóthair.Cur Síos
Is ceann amháin de 36 chineál éagsúla cham an ime é, an fearbán féir. Fásann sé suas le 1m amháin ar airde. Tá cruth triantánach ar na duilleoga. Fásann siad feadh an ghais a bhíonn an-ghruagach. Bíonn dath buí an ime ar na bláthanna. Bíonn an bláth 2cm ar leithead le cúig pheiteal lonracha.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an Fearbán Féir ó Aibreán go Deireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Beathaíonn feithidí ar an neachtar a fhaigheann siad i gcrotail bheaga atá cosúil le cupáin ag bun na bpeiteal.Seamair Dhearg
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is planda nádúrtha í an tseamair dhearg a fheictear go forleathan in ÉirinnGnáthóg
Feictear an tseamair dhearg go coitianta i gceantair fhéarmhara mar fhaichí, móinéir agus díoga cois bóthair.Cur Síos
Tá trí dhuillín i nduilleog na seimre deirge le marc bán corránach ar gach duillín i gcruth “V”. Is féidir leis na bláthanna a bheith bándearg, dearg agus corcra. Bíonn na bláthanna 12 go 15 mm ar leithead. Is grúpaí de bhláthanna beaga dlútha ubhchruthacha iad na bláthchinn. Bíonn na bláthchinn seo crochta in airde ar ghais ghruagacha.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an tseamair dhearg faoi bhláth ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Is foinse thábhachtach neachtair í do chineálacha éagsúla bumbóg. Itheann lucha féir an duilliúr. Fástar an tseamair dhearg mar bharr chun ainmhithe feirme a bheathú.Nóinín
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is iad nóiníní na bláthanna fiáine is forleithne in Éirinn.Gnáthóg
Fásann nóiníní i bhféarach gearr agus i móinéir, i gcré d’aon chineál nach mór. Tagann an nóinín ar ais i gcónaí in ainneoin lomadh nó iníor bheithígh. Is deacair é a scriosadh.Cur Síos
Tá cuma chruinn spúnógchruthach ar dhuilleoga an nóinín, Fásann siad i gciorcal gar don talamh. Fásann an bláthcheann ar ghas aonar. Tá peitil bheaga, tanaí, bána ag gach bláth. Tá lár buí ciorclach déanta de bhláthóga beaga bídeacha. Uaireanta feictear imir sórt bándearg ar na peitil.Tréimhse an bhláthaithe
Feictear an nóinín i rith na bliana ar fad.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair agus pailine maith í an nóinín do chuileoga, féileacáin agus beacha aonaracha. Mealltar iad ag an mboladh cumhra éadrom agus an lár gealbhuí. Is foinse thábhachtach neachtair í an nóinín toisc go bhfásann sé i rith na bliana ar fad agus in amanna nach mbíonn plandaí eile ann.Neantóg
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an neantóg nó an neantóg loiscneach go forleathan ar fud na hÉireann. Tá clú ar loscadh nimhneach na neantóige.Gnáthóg
Is féidir teacht ar neantóga i ngairdíní, i bhfálta sceach, i ndíoga cois bóthair, i bpáirceanna agus i gcoillearnacha.Cur Síos
Tá gas gruagach ag an neantóg nó neantóg loiscneach. Tá na duilleoga spiacánach agus sleáchruthach. Fásann sí suas le 1m ar airde. Bíonn bláthanna glasa uirthi ó Mheitheamh go Meán Fómhair. Fásann na bláthanna i ngrúpaí atá cromtha cosúil le caitíní.Tréimhse an bhláthaithe
Fásann an neantóg i rith na bliana ar fad ach bíonn bláthanna glasa le feiceáil uirthi ó Mheitheamh go Meán Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Meallann an neantóg réimse mór fhiadhúlra. Is foinse bia í do bhoilb na bpéacóg, boilb na ruán beag agus do bhoilb na n-aimiréal beag. Itheann an bhóín Dé na haifidí a mhaireann ar an neantóg. Beathaíonn éin a itheann síolta ar nós an rí rua, an corcrán coille agus an gealbhan binne ar shíolta na neantóige ag deireadh an tsamhraidh.Cailleach Dhearg
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an chailleach dhearg go forleathan i suíomhanna áirithe ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Feictear an chailleach dhearg ar thalamh bán, i ndíoga cois bóthair agus feadh imeall pháirceanna. Ar ndóigh, tá teacht uirthi i suíomhanna ina bhfuil bláthanna fiáine curtha d’aon ghnó.Cur Síos
Is bláth fiáin péacach é an chailleach dhearg atá éasca a aithint. Fásann sí suas le 1m ar airde. Tá duilleoga an bhlátha seo dúghlas le himill spiacánacha. Tá an gas fada agus gruagach. Tá na bláthanna síodúil. Tá cruth cosúil le fochupáin orthu. Tá dath lonrach scarlóideach ar an gcailleach dhearg agus is éasca í a fheiceáil mar gheall ar seo. Tá na peitil craptha agus chomh tanaí le sliseoga. I lár an bhlátha tá gais dhubha a choimeádann na saic phailine.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an chailleach dhearg faoi bhláth ó Mheitheamh go Lúnasa.Leas don Fhiabheatha
Baineann an fiadhúlra leas mór as an gcailleach dhearg. Tá flúirse pailine inti atá éasca a fháil. Mealltar beacha dá bharr sin. Ní bhíonn suim ag na féileacáin sna bláthanna seo mar níl mórán neachtair le fáil iontu.Seamair Bhán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is planda nádúrtha agus forleathan in Éirinn í an tSeamair Bhán. Is í an tseamair is coitianta de na seamra ar fad.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an tseamair bhán i mbeagnach aon ghnáthóg fhéarmhar.Cur Síos
Is fíor a rá gur Seamair Bhán í an tSeamróg. Tagann an focal Seamróg ón nGaeilge “Seamair Óg”. Tá gnáth chruth seimre ar na duilleoga - trí dhuillín cruinne le marcanna geala orthu go minic. Is grúpaí de bhláthanna beaga dlútha ubhchruthacha iad na bláthchinn. Bíonn na bláthchinn 8-13 mm ar leithead. Bíonn dath bánbhuí ar na bláthanna agus boladh cumhra uathu.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an tseamair bhán faoi bhláth ó Mheitheamh go Meán Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair ríthábhachtach í na bláthanna do chineálacha éagsúla bumbóg. Is foinse bhia í an tseamair bhán don ghormán coiteann.Caisearbhán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an caisearbhán coiteann forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Fásann an caisearbhán ar thalamh féarmhar ar nós móinéir, i bhféar ar imill bhóithre, i bpáirceanna agus i ngairdíní.Cur Síos
Tagann ainm an phlanda seo sa Bhéarla, Dandelion, ón bhFraincis ‘Dent de Leon’ toisc cruth spiacánach na nduilleog a bhfuil dealramh fiacla an leoin acu. Fásann na duilleoga i ngrúpa timpeall bun an ghais. Ar bharr an ghais tá an bláthcheann. Nuair a bhristear an gas sileann sú bainniúil go mall as. Tá sé an-éasca bláthcheann buí an chaisearbháin a aithint. I ngach bláthcheann tá bláthanna nó bláthóga beaga bídeacha pacáilte go dlúth. D’fhéadfaí suas le 100 bláthóg a bheith sa bhláthcheann agus iad uilig lán le neachtar agus pailin. Tagann na síolta i ngrúpa clúimhíneach ubhchruthach. Scaiptear na síolta leis an ngaoth cosúil le paraisiúit chlúimhíneacha.Tréimhse an bhláthaithe
Feictear an caisearbhán i rith na bliana ar fad ach bláthaíonn siad ó Mhárta go Bealtaine.Leas don Fhiabheatha
Is foinse mhaith neachtair í an caisearbhán toisc go mbíonn sé ag fás i rith na bliana ar fad go háirithe nuair nach mbíonn bláthanna eile ag fás. Meallann an caisearbhán bumbóga, beacha aonaracha, beacha mheala agus féileacáin, an phéacóg agus an gormán cuilinn ach go háirithe. Itheann an lasair choille agus an gealbhan binne na síolta.Feochadán Colgach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an feochadán colgach coiteann forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Fásann an feochadán colgach ar thalamh féaraigh, i ndumhcha, cois bóthair agus i ngarraí.Cur Síos
Fásann an feochadán colgach suas le 1m ar airde. Tá gas righin deilgneach aige. Tá cuma chéiriúil ar na duilleoga. Tá dath liathghlas orthu agus tá siad deilgneach chomh maith. Tá an bláthcheann 20-30 mm ar leithead le bláthóga beaga boga atá bándearg-corcra. Tá an bláthcheann suite ar bharr meall spíonta a bhreathnaíonn cosúil le duilleoga deilgneacha. Taistealaíonn síolta an phlanda seo achar fada ar pharaisiúit ribí clúmhacha. Tugann gach bláthcheann suas le 100 síol.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an feochadán colgach ó Mhí Iúil go Mí Dheireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Meallann an feochadán colgach éin a itheann síolta ar nós lasracha choille. Is foinse mhaith bhia í do bhoilb an Áilleáin. Is foinse neachtair í na bláthanna d’fhéileacáin.Plúirín Sneachta
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear plúiríní sneachta ar fud na tíre.Gnáthóg
Fásann plúiríní sneachta in aice le srutháin, cois bóithre agus i gceantair thaise.Cur Síos
Fásann an plúirín sneachta ag tús an Earraigh Tá sé 7-15 ceintiméadar ar airde. Tá 2/3 dhuilleog glasliath ag an bplúirín sneachta atá caol agus mín. Is bláth aonarach é le bláth amháin ag fás ar gach gas. Tá cloigeann cromtha aige atá bán, cloigínchruthach. Tá trí pheiteal taobh amuigh agus trí pheiteal taobh istigh aige le paistí glasa i gcruth “V” ar na barra. Dúnann peitil an phlúirín sneachta san oíche agus osclaíonn siad arís ag bánú an lae.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn plúiríní sneachta in Eanáir agus Feabhra ach uaireanta feictear iad chomh luath le Mí na Nollag.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh cumhra milis an bhlátha seo feithidí beaga. Ní bhraitheann sé ar phailniú le síolrú.Lus Mór
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an lus mór go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Fásann an lus mór i gcoillearnacha, cois bóthair, ar shléibhte, ar thalamh garbh agus ar aillte farraige.Cur Síos
Is bláth fiáin ard, galánta é an lus mór ach tá sé nimhiúil. Fásann sé chomh hard le 150 cm. Fásann na duilleoga móra ubhchruthacha i ngrúpa timpeall bun an ghais. Fásann na bláthanna amach as an ngas. Is féidir le plandaí arda suas le 80 bláth a iompair ar aon ghas amháin. Osclaíonn na bláthanna, ceann i ndiaidh a chéile, ón mbun go dtí an barr. Tá na bláthanna cloigínchruthacha idir 4 go 5 cm i méid. Bíonn dath bándearg-corcra go hiondúil orthu ach uaireanta bíonn dath bán orthu. Feictear marcanna nó spotaí i mbéal an bhlátha agus chreidtí gur lorg láimhe na síog a bhí iontu. Is féidir le lus mór amháin os cionn milliún síol a thabhairt.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an lus mór ó Mheitheamh go Lúnasa.Leas don Fhiabheatha
Is foinse iontach neachtair iad na lusanna móra do leamhain, bumbóga, agus beacha mheala. Is iad na spotaí is mó a mheallann agus a stiúrann na bumbóga chuig an neachtar.Buachalán Buí
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an buachalán buí go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Feictear an buachalán buí ag fás ar thalamh féaraigh agus talamh garbh.Cur Síos
Is planda measartha ard é an buachalán buí a fhásann idir 30cm agus 200cm ar airde. Tá gas fada, díreach, glas aige. Tá na duilleoga droimníneach a chuireann cuma chlúmhaigh timpeall an ghais. Toisc go bhfásann sé ar thalamh féaraigh tá sé an-éasca an buachalán buí a fheiceáil mar gheall ar na grúpaí bhláthanna buí, cothromaithe atá cosúil le nóiníní. Tá gach bláth 15-25 mm agus bíonn idir 12 agus 24 bláthóg ag gathú amach ó dhiosca sa lár.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an buachalán buí ó Mheitheamh go Samhain. Is féidir le planda amháin 30,000 síol a thabhairt.Leas don Fhiabheatha
Is breá leis na beacha an buachalán buí. Is foinse mhaith bhia í do na boilb leamhan flanndearg a fhéadann duilleoga agus bláthanna an bhuachaláin bhuí a scamhadh go huile agus go hiomlán. Is planda é atá nimhiúil d’ainmhithe a bhíonn ag iníor, eallaí agus capaill ach go háirithe.Cluas Chait
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear cluas chait go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mbláth seo ar thalamh féaraigh, cois bóthair agus i ndumhcha.Cur Síos
Tá cluas chait gealbhuí cosúil leis an gcaisearbhán agus bláthanna buí eile. Is planda ard é ag fás timpeall 50cm ar airde. Fásann na duilleoga i ngrúpaí ag bun an ghais. Tá dath glasliath orthu le himill dhroimníneacha. Tá ribí fíneálta ar dhromchla uachtarach na duilleoige agus tá an dromchla íochtarach mín. Ní fhásann aon duilleoga ar an ngas ard, lom. Ar chúl na mbláthcheann gealbhuí feictear duillíní bioracha atá cosúil le gainní. Bíonn dhá nó trí bhláth ar an ngas gabhlach. Tá na síolta bán agus clúmhach agus scaiptear ar an ngaoth iad cosúil le síolta an chaisearbháin.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn cluas chait ó Mheitheamh go Deireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Is bláth é a mheallann pailneoirí ar nós bumbóga, beacha aonaracha agus beacha meala.Feileastram Dearg
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is féidir teacht ar an bhfeileastram dearg feadh iarthair agus iardheisceart na hÉireann.Gnáthóg
Fásann an feileastram dearg i dtomóga cois bóthair, i bhfálta sceach, ar bhruacha lochanna agus aibhneacha agus in aice le coillte.Cur Síos
Is bláth fiáin suntasach é an feileastram dearg a thugann taispeántas iontach de bhláthanna dearg-oráiste geala agus an planda faoi bhláth. Tá na duilleoga cosúil le féar. Seasann na duilleoga suas díreach agus tá siad cothrom, caol agus sleáchruthach. Fásann siad mórthimpeall an phlanda. Fásann na bláthanna feadánacha feadh na ngas. Tá siad timpeall is 2.5cm ar fad. Tá sé pheiteal ag gach bláth. Cé go bhfuil cuma álainn ar an bhfeileastram dearg meastar gur speiceas ionrach é. Ní planda nádúrtha in Éirinn é.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an feileastram dearg faoi bhláth ó mhí Iúil go Meán Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Meallann an feileastram dearg pailneoirí gairdín ar nós beacha.Bacán Bán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is planda nádúrtha in Éirinn é an bacán bán agus feictear go forleathan é i locháin, canálacha agus lochanna.Gnáthóg
Feictear an bacán bán in uisce socair, ciúin agus in uisce atá ag bogadh go mall mar a bhíonn i locháin, lochanna, canálacha agus díoga.Cur Síos
Is planda uisceach suntasach é an bacán bán a leathann amach go 1.5m ar leithead. Is geall le leathar na duilleoga glasa cruinne agus iad suas le 30cm ar leithead. Bíonn na duilleoga ar snámh ar bharr an uisce nó díreach faoi dhromchla an uisce. Tá an gas fréamhaithe i ngrinneall láibe in uisce socair, ciúin nó in uisce atá ag bogadh go mall. Tá na bláthanna 15-20cm ar leithead. Suíonn siad ar bharr uisce agus bláthaíonn siad ar aghaidh na gréine, ag nochtadh gais bhuí órga sa lár a bhíonn lán le pailin.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an bacán bán ó Mheitheamh go Lúnasa.Leas don Fhiabheatha
Tugann an bacán bán foscadh do fhroganna, d’éisc agus do bheatha locháin eile. Itheann lachain codanna den bhacán bán. Is foinse luath neachtair í d’fheithidí.Rabhán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an rabhán forleathan feadh ceantair cois cósta.Gnáthóg
Feictear an rabhán go príomha, feadh ceantar cois cósta, ar aillte, ar bhallaí farraige, i riasca goirte ach is féidir teacht air ag fás go hard ar laftáin sléibhte.Cur Síos
Tugtar caoróg mhara nó lus liath na mara ar an rabhán. Is planda crua é a bhfuil fréamhacha doimhne air atá ábalta drochaimsir feadh an chósta a sheasamh. Is féidir leis an rabhán fás i gcré thirim, ghainmheach. Tá na duilleoga an-chaol agus dath liathghlas orthu. Déanann na duilleoga tom cruinn, síorghlas a thugann dath, fiú amháin sa gheimhreadh. San Earrach agus sa samhradh bíonn bláthanna, ar nós páipéir, i gcruth pom-pom ar na gais. Tá réimse dathanna leathan idir bán dearg dorcha go bán le feiceáil ar na bláthanna. Tá cúig pheiteal ar gach bláth.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an rabhán ó mhí Aibreáin go mí Iúil.Leas don Fhiabheatha
Meallann an rabhán feithidí pailnithe, beacha, féileacáin agus leamhain san áireamh.Feileastram
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an feileastram go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Maireann an feileastram in áiteanna taise cosúil le bruacha aibhneacha, canálacha, coillearnacha fliucha, talamh riascach faoi ghrian lán nó lag.Cur Síos
Is planda sainiúil é an feileastram a fhásann suas le 1m go 1.5m ar airde. Tá na duilleoga fada, caol agus claíomhchruthach. Tá dath gealbhuí ar na bláthanna móra atá idir 8-10cm i méid. Go hiondúil, fásann siad i ngrúpaí ina mbíonn suas le trí bhláth. Ar gach bláthcheann tá trí pheiteal a sheasann suas díreach agus ar an taobh amuigh tá trí pheiteal a lúbann ar gcúl. Ar na peitil lúbtha feictear stríoca d’fhéitheacha corcra dubha.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an feileastram ó Bhealtaine go mí Iúil.Leas don Fhiabheatha
Meallann an feileastram (siolastrach) beacha agus snáthaidí móra. Beathaíonn larbhaí na snáthaide móire ar na duilleoga.Crobh Éin
Foclóir ar Fáil