Fadó fadó bhí laoch óg misniúil ann darbh ainm Artúr. Theastaigh uaidh a thír a thabhairt slán ó ionradh agus ó ansmacht. Chabhraigh draoi darbh ainm Merlin leis. Rinne Merlin claíomh draíochta a bhí greamaithe go docht i gcarraig mhór. Seo mar a bhí scríofa ar an gcarraig: Pé duine atá ábalta an claíomh seo a tharraingt as an gcarraig, beidh an duine sin ina cheannaire dlistineach ar an tír.
Rinne na fir ba láidre sa tír gach iarracht an claíomh draíochta a tharraingt amach. Theip orthu go léir. Bhí an claíomh gafa, greamaithe sa charraig. Ach nuair a chuir Artúr a lámh ar an gclaíomh, shleamhnaigh sé amach go deas réidh. Ní raibh muintir na tíre sásta glacadh leis mar rí i dtosach. De réir a chéile, áfach, thuig siad go raibh sé stuama, cineálta agus thug siad an-ghrá dó. Le cabhair ó Merlin, thug Artúr an tír slán ó ionróirí. Nuair a bhí an troid thart, chuir Artúr an claíomh ar ais sa charraig. Agus is ansin a d’fhan sé ar feadh na gcéadta bliain.
I Sasana a bhí an claíomh. De réir a chéile d’éirigh Sasana an-láidir agus rinne a airm ionradh ar thíortha eile ar fud an domhain. Bhí a impireacht féin ag Sasana ansin.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](https://leighleat.com/rails/active_storage/blobs/redirect/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaHBBZ1lvIiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJibG9iX2lkIn19--4c58d8aab747ac80df207e479687dcf9fd2f88ad/pic%201%20done.png)