Crainn: Leibhéal 1
Fuinseog
Fraxinus excelsior
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an fhuinseog. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Feictear an fhuinseog go minic i gcoillte. I ngach duilleog tá 9 go 13 dhuillín ar ghas. Tá siad ubhchruthach, biorach agus duillín amháin ar an mbarr. Tagann na bláthanna ar an bhfuinseog roimh na duilleoga idir Aibreán agus Bealtaine. Bíonn na bláthanna spíceach agus dath corcra dorcha orthu. Aibíonn na torthaí san fhómhar. Crochann siad ar nós cloigíní eochracha agus scaiptear ar an ngaoth iad i nDeireadh Fómhair. Meallann boladh na mbláthanna feithidí eitilte oíche atá tábhachtach d’ialtóga. Is maith le héin na síolta. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Beith Gheal
Betula pendula
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an bheith gheal. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an bheith gheal i gcoillearnacha. Is crann fíneálta é le craobhacha tanaí, caola. Tá an choirt bán, ar nós páipéir. Tá na duilleoga beag, triantánach agus biorach. Tá imill na nduilleog spiacánach. Iompaíonn na duilleoga buí agus oráiste sula dtiteann siad san fhómhar. Fásann caitíní ar an mbeith gheal. Is bláthanna le peitil bheaga nó gan pheitil iad na caitíní atá fada agus tanaí. San fhómhar, tagann dath donn ar na caitíní agus scaoiltear síolta beaga bídeacha eiteacha ar an ngaoth. Is foinse bhia iad na síolta agus an choirt d’ainmhithe na foraoise ar nós coiníní, fianna agus éin. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Coll
Corylus avellana
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann duillsilteach é an coll. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an coll i gcoillearnacha. Is planda crua é le cuma toir air seachas crann. Fásann craobhacha caola air agus tá an t-adhmad láidir agus solúbtha. Tá na duilleoga rocach, ubhchruthach agus gruagach. San Fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí sula dtiteann siad. Fásann caitíní ar an gcoll. Is bláthanna iad na caitíní atá fada agus tanaí. Tá dath buí ar na caitíní agus breathnaíonn siad cosúil le heireabaill uain. Is foinse luath phailine do bheacha iad na bláthanna ar an gcoll. Iompaíonn siad ina gcnónna san fhómhar le titim na nduilleog. Itheann éin agus mamaigh na cnónna. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Sceach Gheal
Crataegus monogyna
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an sceach gheal. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Tá sí crua agus fásfaidh sí in áit ar bith, nach mór. Tá na craobhacha casta agus deilgneach. Chreidtí go raibh an sceach gheal ina ‘crann sí ’ agus ligtí di fás agus bláthú gan cur isteach uirthi ar eagla go mbeadh mí-adh ar an té a ghearrfadh í. Tá an duilleog beag le 5-7 maothán uirthi. San fhómhar, iompaíonn dath na nduilleog go buí sula dtiteann siad. I mí na Bealtaine, fásann bláthanna cumhraithe bána i ngrúpaí cothroma. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Fásann caora dearga (sceachóirí) san fhómhar. Tá síol amháin i ngach sceachóir. Is foinse mhaith bhia iad na sceachóirí d’éin i rith an gheimhridh. Maireann 300 cineál éagsúil d’fheithidí ar an sceach gheal. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Cuileann
Ilex aquifolium
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann síorghlas é an crann cuilinn. Bíonn duilleoga glasa ar an gcrann síorghlas le linn na bliana ar fad agus bíonn sé éasca iad a aithint i rith an gheimhridh dá bharr. Tá an cuileann an-chrua agus fásfaidh sé in áit ar bith, nach mór. Bíonn an cuileann fireann nó baineann. Fásann caora ar an gcuileann baineann. Um Nollaig, úsáidtear craobhóga an chuilinn mar mhaisiúcháin. Tá na duilleoga righin agus biorach le spíonta géara orthu. Tá dromchla tiubh céiriúil orthu a choimeádann an t-uisce sna duilleoga i rith an gheimhridh nuair a bhíonn an chré reoite. Fásann bláthanna ar an gcuileann i rith an tsamhraidh. Cabhraíonn beacha agus feithidí eile pailin a iompair ó chrann go crann. Aibíonn na caora glédhearga sa gheimhreadh. Bíonn ceithre shíol i ngach caor. Is foinse mhaith bhia iad caora an chuilinn do na héin i rith an gheimhridh. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Caorthann
Sorbus aucuparia
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann duillsilteach é an caorthann. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an caorthann go fiáin faoin tuath agus i ngairdíní chomh maith. Ta na duilleoga déanta as 6-8 duillín ubhchruthacha, bhioracha le duillín deiridh amháin ag an mbarr. Iompaíonn na duilleoga buí agus dearg san fhómhar sula dtiteann siad. Fásann grúpaí de bhláthanna bánbhuí ar an gcrann go déanach san Earrach. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Meallann boladh cumhra na mbláthanna beacha agus feithidí pailnithe eile. I Meán Fómhair, aibíonn caora dúdhearga ar an gcaorthann. Bíonn ceithre shíol i ngach chaor. Itheann alán éin na caora. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Dair Ghaelach
Quercus petraea
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an dair ghaelach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an dair Ghaelach i gcoillearnacha agus i páirceanna. Is í an dair ghaelach crann náisiúnta oifigiúil na hÉireann. Maireann an dair ghaelach suas le 500 bliain. Tá gas fada ar an duilleog atá dronuilleogach, corrach le cúig nó sé mhaothán ar gach taobh. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad. Fásann caitíní ar an dair Ghaelach. Is bláthanna iad na caitíní atá fada agus tanaí. Aibíonn siad ina síolta móra, glasa, snasta i gcupaí. Tugtar dearcán mar ainm ar shíol na darach. Feictear iad greamaithe leis na craobhóga, i ngrúpaí. Maireann os cionn 250 cineál feithidí sa dair. Déanann éin neadacha ina craobhacha. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin, chomh maith leis an scréachóg. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Péine Albanach
Pinus syvestris
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann síorghlas é an Péine Albanach. Bíonn duilleoga glasa ar an gcrann shíorghlas le linn na bliana ar fad agus bíonn sé éasca é a aithint i rith an gheimhridh dá bharr. Bíonn duilleoga i gcruth snáthaide ar roinnt crainn síorghlasa ar a dtugtar spíonlach péine. Fásann buaircíní ar roinnt crainn síorghlasa. Glaoitear crann buaircíneach ar an gcineál crainn seo. Go hiondúil, feictear na crainn seo i dtíortha fuara, sneachtúla. Ligeann cruth an chrainn don sneachta titim trí na craobhacha i dtreo is nach mbristear iad faoi ualach an tsneachta. Fásann an péine Albanach i bhforaoisí agus i bpáirceanna. Is spíonlach péine iad na duilleoga le dath gormghlas orthu. Iompaíonn na seanduilleoga buí tar éis 2-3 bliana agus titeann siad den chrann ach ní bhíonn an crann lom riamh. Fásann bláthanna i mí Bealtaine. Is crann buaircíneach é an péine Albanach. Aibíonn buaircíní donna tar éis roinnt blianta. Tá na síolta eiteacha istigh sa bhuaircín a osclaíonn nuair a bhíonn sé aibí. Scaiptear na síolta ar an ngaoth. Itheann éin agus an t-iora rua dúchasach na síolta. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Saileach
Salix spp.
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an tsaileach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann saileacha i gcré thais in aice aibhneacha. Tá roinnt saileacha ann atá nádúrtha in Éirinn ach ceann coitianta is ea an tsailchearnach. Tá na duilleoga ubhchruthach agus biorach le híochtar clúmhach. Iompaíonn na duilleoga glasbhuí geal san Fhómhar. Fásann caitíní ar an saileach. Is bláthanna iad na caitíní atá fada agus tanaí. Ta na caitíní cosúil le lapaí cait. Tá dath an airgid orthu agus seasann siad suas díreach. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Eiríonn na caitíní clúmhach de réir mar a aibíonn na síolta i mí na Bealtaine agus Meitheamh. Scaiptear na síolta clúmhacha ar an ngaoth. Maireann go leor cineálacha d’fheithid ar shaileacha. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Crann Fia-úll
Malus sylvestris
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is crann duillsilteach é an crann fia-úll. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Feictear an crann fia-úll i bhfálta sceach, ar thalamh feirme, ar imill choillearnacha agus i ngairdíní. Is crann beag é an crann fia-úll le duilleoga ubhchruthach nó cruinn. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga dearg nó buí-oráiste. Tagann bláthanna ar an gcrann fia-úll go luath sa samhradh. Bíonn cúig pheiteal ar na bláthanna bándearga agus boladh cumhra orthu. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Bíonn na húlla beag glas ar dtús agus nuair a aibíonn siad bíonn dath buí le spotaí dearga orthu. Bíonn siad searbh le hithe. Itheann éin na húlla agus mamaigh ar nós lucha agus vóil. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Dris
Rubus fructicosus
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is tor í an dris. Tá tor cosúil le crann beag. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor. Fásann an dris i bhfálta sceach, ar imill bhóithre agus ar thalamh garbh. Is tor casta, righin, deilgneach í. Tá idir 3-5 dhuillín ubhchruthacha ar an duilleog. Le linn an tsamhraidh, feictear bláthanna bána nó bándearga ag fás. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. San fhómhar, aibíonn caora dubha ar a dtugtar sméara dubha ar an dris. Is toradh milis é an sméar. Is féidir subh agus pióga torthaí a dhéanamh as sméara dubha nó iad a ithe láithreach. Itheann éin agus mamaigh na sméara dubha sa gheimhreadh. Tugann an dris suíomh neadaithe d’éin agus clúdach agus foscadh do mhamaigh bheaga ar nós luch agus gráinneog.Eidhneán
Hedera helix
Foclóir ar Fáil