Crainn: Leibhéal 2
Fearnóg
(Alnus glutinosa)
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an fhearnóg. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Tá an fhearnóg ar fáil go forleathan ar fud na hÉireann. Fásann na crainn seo in áiteanna taise taobh le lochanna agus ar bhruacha aibhneacha. Is féidir leo fás i gceantair cois cósta.Fíricí
Tá cruth cónúil ar an bhfearnóg agus fásann sí chomh hard le 28m. Maireann an fhearnóg ar feadh suas le 60 bliain. Fásann sí ar bhruacha aibhneacha agus lochanna. Cabhraíonn an fréamhchóras le hithir timpeall imeall an uisce a dhaingniú ag cur cosc le creimeadh ithir na mbruach. Tá adhmad na fearnóige uiscefhriotaíoch. Úsáidtear an t-adhmad seo go minic chun struchtúir a thógáil faoi uisce ar nós loc-chomhlaí i gcanálacha agus chun báid a thógáil. Tógadh an-chuid de dhúshraitheanna fhoirgnimh na Veinéise as adhmad na fearnóige.Duilleoga
Tá duilleog na fearnóige ubhchruthach. Tá sí idir 6-12 cm ar fad. Tá imill agus féitheacha sainiúla fiaclacha ar na duilleoga. Bíonn dath glas ar na duilleoga sula dtiteann siad san fhómhar.Bláthanna agus Síolta
Feictear bláthanna ar an bhfearnóg sula dtagann na duilleoga uirthi, idir Feabhra agus Aibreán, go hiondúil. Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an bhfearnóg. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tá an caitín baineann beag agus corcra agus éiríonn sé adhmadach agus cónúil. Aibíonn na buaircíní ina bhfuil na síolta, i mí Dheireadh Fómhair. Nuair a osclaíonn na buaircíní, scaiptear na síolta iontu ar an ngaoth nó san uisce.Leas don Fhiabheatha
Is foinse luath neachtair agus pailine iad na caitíní do na beacha. Itheann éin (an siscín agus an lasair choille, mar shampla) na síolta. Déanann fréamhacha na fearnóige nead bhreá don dobharchú. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Fuinseog
Ainm Laidine: Fraxinus excelsior
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an fhuinseog. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is crann an-choitianta í an fhuinseog. Feictear í ag fás i bhfálta sceach agus i gcoillte.Fíricí
Fásann an fhuinseog chomh hard le 35m. Maireann sí ar feadh na gcéadta bliain. Bíonn dath éadrom ar adhmad na fuinseoige agus bíonn sé breá láidir. In Éirinn, úsáideadh adhmad na fuinseoige chun camáin a dhéanamh. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh agus mar bhrosna. Faraor géar, tá an fhuinseog i mbaol ó ghalar ar a dtugtar ‘ash dieback’. Fungas is cúis leis an ngalar seo.Duilleoga
Tá roinnt duillíní ubhchruthacha, bioracha in aon duilleog amháin agus iad suite ar aghaidh a chéile ar ghas le duillín amháin ar an mbarr. D’fhéadfadh idir 9 agus 13 dhuillín san iomlán a bheith ar an duilleog. I gcomparáid le crainn eile tagann duilleoga ar an bhfuinseog go déanach sa séasúr agus is í is luaithe a chailleann na duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga buí sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Tagann na bláthanna ar an bhfuinseog roimh na duilleoga idir Aibreán agus Bealtaine. Bíonn na bláthanna spíceach agus dath corcra dorcha orthu. Fásann siad i dtriopaill ag deireadh na gcraobhóg. Tá cruth mar a bheadh sciathán ann ar na torthaí agus bíonn siad timpeall 3cm ar fad. Aibíonn na torthaí i mí Mheán Fómhair agus iad ar crochadh ar nós cloigíní eochracha. Bíonn na síolta iontu agus scaiptear ar an ngaoth iad i nDeireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh na mbláthanna ar an bhfuinseog feithidí eitilte oíche agus is foinse thábhachtach bhia d’ialtóga na feithidí seo. Beathaíonn an corcrán coille, ach go háirithe, ar shíolta na fuinseoige. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Beith Chlúmhach
Ainm Laidine: Betula pubescens
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an bheith chlúmhach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann an bheith chlúmhach in áiteanna taise taobh le lochanna agus ar imill portach.Fíricí
Tá dhá chineál crann beithe in Éirinn. Is í an bheith chlúmhach an bheith is coitianta. Tá dath sórt donn, bánbhuí ar an gcoirt ach níl sí cosúil le páipéar mar a fheictear ar choirt na beithe gile. Fásann na craobhacha suas díreach agus is féidir leis an gcrann a fhás go 30m ar airde. Úsáidtear adhmad na beithe chun sraithadhmad, troscán, seilfeanna agus urláir adhmaid a dhéanamh.Duilleoga
Tá duilleoga na beithe clúmhaí beag. Tá siad triantánach agus níos cruinne ná duilleoga na beithe gile. Tá gas na nduilleog clúmhach agus sin an chúis ar tugadh an bheith chlúmhach ar an gcrann seo. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí agus oráiste sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an mbeith chlúmhach. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna ar crochadh i ngrúpaí agus bíonn siad fada agus dath donnbhuí orthu. Tagann siad ar an gcrann san fhómhar agus fanann siad air ar feadh an gheimhridh ar fad. Tagann na caitíní baineanna ar an gcrann san earrach agus bíonn siadsan gearr agus gléghlas. Tagann dath dúdhearg orthu sa deireadh agus titeann siad as a chéile. Scaoiltear na síolta beaga bídeacha eiteacha ansin agus scaiptear ar an ngaoth iad.Leas don Fhiabheatha
Is foinse bhia iad na síolta agus an choirt d’ainmhithe na foraoise ar nós coiníní, fianna agus éin. I rith an gheimhridh itheann éin a itheann síolta (an siscín, mar shampla ) síolta na beithe. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Beith Gheal
Ainm Laidine: Betula pendula
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an bheith gheal. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann an bheith gheal in ithir atá níos tirime agus níos gainmhí. Is féidir teacht ar an gcrann seo i gcoillearnacha ach is fearr léi suíomhanna grianmhara.Fíricí
Tá dhá chineál crann beithe in Éirinn. Níl an bheith gheal chomh coitianta céanna. Is crann fíneálta é le craobhacha tanaí, caola agus cuma orthu go bhfuil siad ag sileadh anuas. Tá an choirt bán, ar nós páipéir agus imíonn sí ina screamhóga. Maireann an bheith gheal ar feadh 40-60 bliain agus fásann sí chomh hard le 30m. Úsáidtear adhmad na beithe chun sraithadhmad, troscán, seilfeanna agus urláir adhmaid a dhéanamh.Duilleoga
Tá duilleoga na beithe gile beag. Tá siad triantánach agus biorach. Tá imill na nduilleog spiacánach. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí agus oráiste ag déanamh taispeántas álainn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an mbeith gheal. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Bíonn na caitíní fireanna ar crochadh i ngrúpaí agus bíonn siad fada agus dath donnbhuí orthu. Tagann siad ar an gcrann san fhómhar agus fanann siad air ar feadh an gheimhridh ar fad. Tagann na caitíní baineanna ar an gcrann san earrach agus bíonn siadsan gearr agus gléghlas. Tagann dath donn orthu sa deireadh agus titeann siad as a chéile. Scaoiltear na síolta beaga bídeacha eiteacha ansin agus scaiptear ar an ngaoth iad.Leas don Fhiabheatha
Is foinse bhia iad na síolta agus an choirt d’ainmhithe na foraoise ar nós coiníní, fianna agus éin. I rith an gheimhridh itheann éin a itheann síolta (an siscín, mar shampla) síolta na beithe. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Coll
Ainm Laidine: Corylus avellana
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach é an coll. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Tá teacht ar an gcoll go forleathan i gcoillearnacha agus feadh fálta sceach. Is planda crua é le cuma toir air seachas crann.Fíricí
Is crann nádúrtha in Éirinn é an coll. Fásann sé idir 5-12m ar airde. Is féidir leis maireachtáil suas le 80 bliain ach má ghearrtar siar go dian é leanann sé ag athfhás ar feadh na gcéadta bliain. Fásann craobhacha caola ar an gcoll. Tá adhmad an choill láidir agus solúbtha. Úsáidtear na craobhacha go minic chun sconsaí a thógáil. Ba nós traidisiúnta é an t-adhmad a úsáid chun ciseáin, sconsaí agus slata iascaigh a dhéanamh. Clúdaíonn coillearnacha coill cuid mhór den Bhoirinn, ceantar aolchloiche, i gContae an Chláir.Duilleoga
Tá duilleoga an choill rocach, ubhchruthach agus gruagach. Tá barra bioracha agus imill spiacánacha orthu. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an gcoll. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tá dath buí ar na caitíní fireanna agus breathnaíonn siad cosúil le heireabaill uain. Feictear iad i lár mhí Feabhra roimh na duilleoga. Tá na bláthanna baineanna beag, cosúil le bachlóga dearga a iompaíonn ina gcnónna san fhómhar le titim na nduilleog.Leas don Fhiabheatha
Is tacaíocht thábhachtach é an coll don fhiadhúlra. Is foinse luath phailine do bheacha iad na bláthanna ar an gcoll. Itheann an meantán, an colúr coille agus an scréachóg na cnónna. Beathaíonn an t-iora rua, an vól bruaigh agus an fia rua ar na cnónna freisin. Tugann an coll clúdach agus foscadh d’éin agus d’fheithidí. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Sceach Gheal
Ainm Laidine: Crataegus monogyna
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an sceach gheal. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is í an sceach gheal an crann (nó tor) is coitianta a fheictear sna fálta sceach. Tá sí crua agus fásfaidh sí in áit ar bith, nach mór.Fíricí
Is crann nádúrtha in Éirinn í an sceach gheal. Fásann sí go timpeall 15m ar airde. Tá na craobhacha casta agus deilgneach. Chreidtí go raibh an sceach gheal ina ‘crann sí ’ agus ligtí di fás agus bláthú gan cur isteach uirthi ar eagla go mbeadh mí-adh ar an te a ghearrfadh í. Tá adhmad na sceiche gile an-chrua. Is féidir é a úsáid chun cosa uirlise agus troscán a dhéanamh. Is ábhar maith brosna é an t-adhmad freisin.Duilleoga
Tá an duilleog beag agus tá idir 5-7 maothán uirthi. San fhómhar, iompaíonn dath na nduilleog go buí sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann bláthanna na sceiche gile i dtriopaill chothroma. Go hiondúil bíonn dath bán orthu ach uaireanta bíonn siad bándearg. Tá cúig pheiteal ar gach bláth. Tagann na bláthanna cumhra amach i mí na Bealtaine. Glaoitear sceachóir ar an toradh agus tá dath dearg air. Tá síol amháin i ngach sceachóir.Leas don Fhiabheatha
Tugann bláthanna na sceiche gile neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Is foinse mhaith bhia iad na sceachóirí d’éin (an lon dubh, smólach agus corcrán coille, mar shampla) i rith an gheimhridh. Tugann an duilliúr clúdach agus foscadh do go leor éan. Maireann 300 cineál éagsúl d’fheithidí ar an sceach gheal. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Cuileann
Ainm Laidine: Ilex aquifolium
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann síorghlas é an crann cuilinn. Bíonn duilleoga glasa ar an gcrann síorghlas le linn na bliana ar fad. Tá sé éasca na crainn a aithint i rith an gheimhridh toisc go bhfuil duilleoga fós le feiceáil orthu.Gnáthóg
Tá an cuileann an-chrua agus fásfaidh sé i mbeagnach aon áit seachas ar thalamh tais nó fliuch.Fíricí
Is crann nádúrtha in Éirinn é an cuileann síorghlas. Bíonn an cuileann fireann nó baineann. Bíonn caora ar an gcuileann baineann. Um Nollaig, úsáidtear craobhóga an chuilinn mar mhaisiúcháin.Duilleoga
Bíonn dath glas ar dhuilleoga an chuilinn i rith na bliana ar fad. Titeann duilleoga den chrann ar feadh na bliana ach fásann duilleoga nua ina n-áit go tapa. Tá na duilleoga righin agus biorach le spíonta géara orthu. Tá dromchla tiubh céiriúil orthu a choimeádann an t-uisce sna duilleoga i rith an gheimhridh nuair a bhíonn an chré reoite.Bláthanna agus Síolta
Fásann bláthanna ar an gcuileann i rith an tsamhraidh. Cabhraíonn beacha agus feithidí eile pailin a iompair ó chrann go crann. Aibíonn na caora glédhearga sa gheimhreadh. Bíonn ceithre shíol i ngach caor.Leas don Fhiabheatha
Is foinse mhaith bhia iad caora an chuilinn do na héin i rith an gheimhridh. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Dair Ghaelach
Ainm Laidine: Quercus petraea
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an dair ghaelach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dair Ghaelach i gcoillearnacha, i bpáirceanna agus ar thalamh bocht.Fíricí
Is í an dair Ghaelach crann náisiúnta oifigiúil na hÉireann. Is féidir leis an dair maireachtáil go ceann timpeall is 500 bliain agus fásann sí idir 20 agus 40 m ar airde. Tá coróin leathan ag an dair le craobhacha láidre, garbha. Is crann daingean crua-adhmad í an dair. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh.Duilleoga
Tá an duilleog glasbhuí, dronuilleogach agus corrach le cúig nó sé mhaothán ar gach taobh. Tá gas fada aici. Tá an duilleog timpeall 14cm ar fad agus 4-8cm ar leithead. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an dair. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Is caitíní glasa iad na bláthanna fireanna. Tá na bláthanna baineanna cosúil le bachlóga dearga. Aibíonn siad ina síolta móra, glasa, snasta i gcupaí carracha adhmaid ar a nglaoitear dearcáin. Fásann dearcáin na darach Gaelaí ina dtriopaill. Níl gas ar bith orthu agus bíonn na cupaí nasctha leis na craobhóga.Leas don Fhiabheatha
Is tairbhí iad don fhiadhúlra an dair Ghaelach agus an dair ghallda ná aon chrann eile nádúrtha in Éirinn. Tugann siad áit gur féidir le fiadhúlra dul ar foscadh, beathú agus pórú. Is gnáthóg í do os cionn 250 cineál feithidí. Is foinse bhia na feithidí seo do go leor éan agus mamaigh bheaga. Déanann éin neadacha i gcuasa agus ar chraobhacha na darach. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin. Itheann an scréachóg na dearcáin freisin. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Dair Ghallda
Ainm Laidine: Quercus robur
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an dair ghallda. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dair ghallda i gcoillearnacha ina bhfuil ithir throm. Fásann sí ar thalamh tais, bog in aice aibhneacha.Fíricí
Níl an dair ghallda chomh coitianta leis an dair Ghaelach. Is féidir leis an dair maireachtáil níos mó ná 500 bliain agus is féidir léi fás idir 20 agus 40m ar airde. Tá coróin leathan ag an dair le craobhacha láidre, garbha. Is crann daingean crua-adhmad an dair. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh aisti.Duilleoga
Tagann duilleoga ar an dair ghallda níos luaithe sa bhliain ná mar a thagann ar an dair Ghaelach. Tá gas an-bheag ar na duilleoga agus fásann siad ina dtriopaill. Tá an duilleog dronuilleogach agus corrach le ceithre nó cúig mhaothán ar gach taobh. Tá an duilleog 10cm ar fad. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an dair. Fásann bláthanna fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tagann na duilleoga glasbhuí agus na caitíní fireanna ar an gcrann ag an am céanna go luath i mí na Bealtaine. Fásann na bláthanna baineanna go gairid ina dhiaidh sin agus bíonn siadsan an-bheag agus neamhshuntasach. Aibíonn na dearcáin go déanach i mí Dheireadh Fómhair agus fásann siad i bpéirí go hiondúil. Bíonn cupaí na ndearcán nasctha le gas fada.Leas don Fhiabheatha
Is tairbhí iad don fhiadhúlra an dair ghaelach agus an dair ghallda ná aon chrann eile nádúrtha in Éirinn. Tá áit ann gur féidir le fiadhúlra dul ar foscadh, beathú agus pórú. Is gnáthóg í do os cionn 250 cineál feithidí. Is foinse bhia na feithidí seo do go leor éin agus mamaigh bheaga. Déanann éin neadacha i gcuasa agus ar chraobhacha na darach. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin. Itheann an scréachóg na dearcáin freisin. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Caorthann
Ainm Laidine: Sorbus aucuparia
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach é an caorthann. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann an caorthann go fiáin faoin tuath agus i ngairdíní chomh maith. Is crann crua é agus tá teacht air i dtalamh cnocach, carraigeach.Fíricí
Is crann deas, gleoite é an caorthann. Fásann sé timpeall is 15m ar airde. Maireann sé go ceann 200 bliain de ghnáth.Duilleoga
Bíonn 6-8 nduillíní ubhchruthacha, bioracha ar aghaidh a chéile ar an ngas le duillín deiridh amháin ag an mbarr. Tá imill spiacánacha ar na duillíní fada. Iompaíonn na duilleoga buí agus dearg san fhómhar agus titeann siad den chrann go déanach i mí na Samhna.Bláthanna agus Síolta
Tagann triopaill de bhláthanna bánbhuí ar an gcrann go déanach san earrach. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Tar éis pailnithe, aibíonn caora dúdhearga ar an gcaorthann san fhómhar. Bíonn ceithre shíol i ngach chaor. Itheann na héin na caora.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh cumhra na mbláthanna beacha agus feithidí pailnithe eile. Itheann go leor éan (an lon dubh, smólach mór agus smólach ceoil, mar shampla) na caora. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Péine Albanach
Ainm Laidine: Pinus syvestris
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann síorghlas é an Péine Albanach. Bíonn duilleoga glasa ar chrainn shíorghlasa le linn na bliana ar fad. Bíonn duilleoga i gcruth snáthaide ar roinnt crainn shíorghlasa. Glaoitear spíonlach péine orthu. Fásann buaircíní ar roinnt crainn shíorghlasa. Glaoitear crann buaircíneach ar an gcineál crainn seo. Go hiondúil, feictear na crainn seo i dtíortha fuara, sneachtúla. Ligeann cruth an chrainn don sneachta titim trí na craobhacha i dtreo is nach mbristear iad faoi ualach an tsneachta.Gnáthóg
Fásann an péine Albanach in áiteanna nach bhfásfadh crainn eile. Tá teacht air i bhforaoisí agus i bpáirceanna.Fíricí
Bhíodh an péine Albanach le fáil go forleathan in Éirinn na mílte bliain ó shin. Chuaigh an crann úd sin i léig áfach, agus tháinig an péine Albanach a fhásann sa lá atá inniu ann, ó Albain os cionn 150 bliain ó shin. Maireann an péine Albanach go ceann 300 bliain nó mar sin. Fásann sé idir 30-45m ar airde. Tá adhmad an phéine Albanaigh bog agus úsáidtear é chun troscán a dhéanamh agus mar bhrosna.Duilleoga
Glaoitear spíonlach péine ar dhuilleoga na péine Albanaigh. Is cosúil le snáthaidí iad. Tá siad righin agus beagáinín casta go minic. Tá dath gormghlas orthu. Ta siad 3-8cm ar fad agus fásann siad i bpéirí. Iompaíonn na seanduilleoga buí tar éis 2-3 bliana agus titeann siad den chrann.Bláthanna agus Síolta
Fásann bláthanna fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Fásann na bláthanna baineanna go hard ar an gcrann agus na bláthanna fireanna ar na craobhacha ísle. Aibíonn na buaircíní liatha donna tar éis roinnt blianta. Tá na síolta eiteacha istigh sa bhuaircín a osclaíonn nuair a bhíonn sé aibí. Scaiptear na síolta ar an ngaoth.Leas don Fhiabheatha
Is tacaíocht thábhachtach don fhiadhúlra é an péine Albanach. Beathaíonn boilb ar an spíonlach péine (duilleoga na péine Albanaigh) agus itheann éin na síolta agus na feithidí atá sa choirt. Itheann an t-iora rua dúchasach na síolta. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Saileach
Ainm Laidine: Salix spp.
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an tsaileach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann saileacha go maith i gcré thais agus dá bhrí sin is minic a fheictear iad i gceantair ina mbíonn baol láidir tuile nó in áiteanna gur gá an talamh a thaoscadh.Fíricí
Tá roinnt saileach ann atá nádúrtha in Éirinn. Na saileacha is coitianta díobh seo ná an tsailchearnach, an tsaileach liath agus an crann sníofa. Tá sé an-éasca an tsailchearnach a aithint ag deireadh an gheimhridh mar gheall ar na caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) a fhásann uirthi. Breathnaíonn na caitíní clúmhacha cosúil le lapaí cait. Tá dath an airgid orthu agus seasann siad suas díreach. Fásann an tsailchearnach idir 6-15 m ar airde. Fásann na craobhacha go híseal ar an gcrann. Bíonn coróin chruinn uirthi. Úsáidtear adhmad na sailí chun cosa uirlisí agus slacáin chruicéid a dhéanamh. Úsáidtear slata sailí chun ciseáin a fhí.Duilleoga
Tá na duilleoga ubhchruthach agus biorach. Tá siad dúghlas le híochtar clúmhach. Tá siad suas le 12cm ar fad agus níos leithne ná na duilleoga ar fhormhór saileacha eile. Iompaíonn na duilleoga glasbhuí geal san fhómhar.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an saileach. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar chrainn éagsúla. Ní bhíonn na caitíní ar crochadh óna craobhóga ach seasann siad suas díreach. San earrach iompaíonn na caitíní fireanna ó dhath an airgid go bánbhuí nuair a bhíonn siad aibí. Tá na caitíní baineanna idir glas agus dath an airgid ar dtús ach éiríonn siad clúmhach de réir mar a aibíonn na síolta i mí na Bealtaine agus Meitheamh. Scaiptear na síolta clúmhacha ar an ngaoth agus is féidir leo taisteal achair fhada. Teastaíonn cré thais óna síolta chun fás.Leas don Fhiabheatha
Maireann go leor cineálacha d’fheithid ar shaileacha agus is foinse luath thábhachtach pailine agus neachtair iad do bheacha. Is foinse shaibhir bhia iad na feithidí do na héin a itheann feithidí. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Iúr
Ainm Laidine: Taxus baccata
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann síorghlas é an t-iúr. Bíonn duilleoga glasa ar chrainn shíorghlasa le linn na bliana ar fad. Bíonn duilleoga i gcruth snáthaide ar roinnt crainn shíorghlasa. Glaoitear spíonlach péine orthu. Fásann buaircíní ar roinnt crainn shíorghlasa. Glaoitear crann buaircíneach ar an gcineál crainn seo. Go hiondúil, feictear na crainn seo i dtíortha fuara, sneachtúla. Ligeann cruth an chrainn don sneachta titim trí na craobhacha i dtreo is nach mbristear iad faoi ualach an tsneachta. Cé gur crann buaircíneach é an t-iúr, tá sé neamhghnách sa mhéid go bhfuil caora dearga mar thorthaí ag an gcrann.Gnáthóg
Tá teacht ar an iúr i seanchoillearnacha agus reiligí.Fíricí
Tá gaol ag an iúr Éireannach leis an iúr coitianta. Is ó ghearrthóga chrainn amháin i gCo. Fhear Manach a tháinig na hiúir Éireannacha ar fad sa seachtú haois déag. Is féidir leis an iúr fás go 20m ar airde. Úsáidtear adhmad an iúir i dtroscáin, i mboghanna agus i roinnt uirlisí ceoil. Tá duilleoga agus síolta an iúir nimhiúil d’ainmhithe agus do dhaoine.Duilleoga
Bíonn na duilleoga dúghlas agus díreach, cosúil le snáthaidí. Fásann na duillí spíonacha feadh dhá thaobh an ghais.Bláthanna agus Síolta
Fásann na bláthanna fireanna agus baineanna ar chrainn éagsúla. Bíonn na bláthanna fireanna buí agus scoitheann siad pailin uathu go luath san earrach. Fásann caor dhearg mar thoradh ar an iúr. Tá cruth cupáin ar an gcaor agus síol istigh inti. Aibíonn na caora san fhómhar agus itheann éin iad.Leas don Fhiabheatha
Itheann go leor éan caora an iúir, an smólach ceoil, an smólach mór agus an lon dubh san áireamh. Itheann ioraí agus lucha codlamáin na caora freisin. Cuireann an duilliúr tiubh clúdach agus foscadh ar fáil d’éin atá ag neadú. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Crann Fia-úll
Ainm Laidine: Malus sylvestris
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach é an crann fia-úll. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Is féidir leo a bheith buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Feictear an crann fia-úll i bhfálta sceach, ar thalamh feirme, ar imill choillearnacha agus i ngairdíní.Fíricí
Is crann beag é an crann fia-úll. Fásann sé timpeall is 10m ar airde. Tá cruth neamhrialta ag an gcrann le coróin leathan aige. Bíonn úlla an chrainn fia-úll an-bheag agus searbh. Ní féidir na húlla a ithe díreach ón gcrann toisc go bhfuil blas searbh orthu ach nuair a mheasctar siúcra leis na húlla is féidir glóthach fhia-úll a dhéanamh leo. Is féidir crainn fia-úll a fhás óna síolta sna húlla.Duilleoga
Is féidir le cruth na nduilleog ar an gcrann fia-úll a bheith ubhchruthach nó cruinn. Bíonn barra bioracha orthu. San fhómhar iompaíonn na duilleoga dearg nó buí-oráiste.Bláthanna agus Síolta
Tagann bláthanna ar an gcrann fia-úll go luath sa samhradh. Bíonn cúig pheiteal ar na bláthanna bándearga agus boladh cumhra orthu. Pailníonn beacha agus feithidí pailnithe eile na bláthanna chun úlla a fhás ar an gcrann. Bíonn na húlla 2-3 cm i méid. Bíonn siad glas ar dtús agus nuair a aibíonn siad bíonn dath buí le spotaí dearga orthu.Leas don Fhiabheatha
Is foinse luath phailine agus neachtair iad na bláthanna do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Itheann éin agus mamaigh (lucha agus vóil, mar shampla) na húlla ón gcrann fia-úll. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Draighneán
Ainm Laidine: Prunus spinosa
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is tor é an draighneán. Tá tor cosúil le crann beag. Ar thor, bíonn na gais nó craobhacha níos giorra ná mar a bhíonn ar chrann. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor. Is tor coitianta é an draighneán a fheictear i bhfálta sceach, ar thalamh feirme, ar ithir charraigeach agus i gcoillearnacha.Gnáthóg
Is tor coitianta é an draighneán a fheictear i bhfálta sceach, ar thalamh feirme, ar ithir charraigeach agus i gcoillearnacha.Fíricí
Tá an draighneán duillsilteach. Is féidir leis fás ina chrann suas go 7m ar airde. Mar thor fásann sé timpeall is 3 m ar airde. Tá coirt dhorcha agus craobhacha righne, deilgneacha air. Ar thalamh feirme úsáidtear é mar chlaí nádúrtha a stopann eallaí ag dul ar strae. Is brosna maith é adhmad an draighneáin. Is féidir na gais dhíreacha a úsáid mar chosa uirlisí, maidí siúil agus bataí (uirlis troda ar a nglaoití maide draighin sa Ghaeilge nó 'shillelagh sa Bhéarla).Duilleoga
Tá duilleoga an draighneáin beag agus caol. Tá siad dúghlas agus ubhchruthach agus tá barra bioracha orthu. Fásann na duilleoga tar éis na mbláthanna.Bláthanna agus Síolta
Ag deireadh mhí an Mhárta tagann triopaill bhláthanna ar an draighneán sula bhfásann na duilleoga. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Bíonn bláthanna ar an draighneán go dtí mí an Mheithimh. San fhómhar agus sa gheimhreadh tagann caora cruinne, corcra dorcha, ar an draighneán. Glaoitear airní ar na caora seo. Bíonn síol nó cloch amháin i ngach airne. Tá blas searbh ar na hairní ach is féidir iad a úsáid chun subha agus pióga torthaí a dhéanamh.Leas don Fhiabheatha
Fásann an draighneán ina fhál sceach dhlúth, thiubh. Tá sé an-tábhachtach d’éagsúlacht fhiadhúlra. Cuireann sé áit shábháilte ar fáil d’éin atá ag neadú, ar nós glasán. Tugann an draighneán clúdach agus foscadh do mhamaigh bheaga, lucha agus gráinneoga, mar shampla. Is foinse luath pailine agus neachtair é do bheacha agus feithidí pailnithe eile. Is foinse mhaith bhia iad na hairní d’éin agus mamaigh sa gheimhreadh.Dris
Ainm Laidine: Rubus fructicosus
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is tor í an dris. Tá tor cosúil le crann beag. Ar thor, bíonn na gais nó craobhacha níos giorra ná mar a bhíonn ar chrann. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor.Gnáthóg
Fásann an dris i gcoillearnacha, i bhfálta sceach, ar imill bhóithre agus ar thalamh garbh.Fíricí
Is tor casta, righin, deilgneach í an dris a fhásann go timpeall is 3m ar airde. Glaoitear sméara dubha ar thorthaí na drise. Is toradh milis é. Is féidir subh a dhéanamh le sméara dubha nó is deas iad a ithe láithreach tar éis iad a phiocadh den dris.Duilleoga
Tá idir 3-5 dhuillín ubhchruthacha, spiacánacha ar dhuilleog na drise. Bíonn gais na nduilleog deilgneach.Bláthanna agus Síolta
Idir Bealtaine agus Meán Fómhair tagann bláthanna bána nó bándearga ar an dris. San fhómhar, iompaíonn na torthaí ó ghlas go dearg agus ar dheireadh thiar, go sméara dubha súmhara.Leas don Fhiabheatha
Fásann an dris ina fál sceach dhlúth, thiubh agus is gnáthóg í do go leor cineálacha feithidí. Is foinse shaibhir bhia í an dris d’éin a itheann feithidí. Cuireann an dris suíomh neadaithe ar fáil d’éin, spideoga, dreoilíní, smólaigh agus glasáin, mar shampla Tugann an dris clúdach agus foscadh do mhamaigh bheaga á gcoimeád faoi cheilt ó chreachadóirí. Is foinse luath pailine agus neachtair í do bheacha agus feithidí pailnithe eile. Itheann lonta dubha, smólaigh, druideanna agus spideoga na sméara dubha. Itheann mamaigh ar nós madraí rua agus lucha na torthaí seo freisin.Tromán
Ainm Laidine: Sambucus nigra
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is tor é an tromán. Tá tor cosúil le crann beag. Ar thor, bíonn na gais nó craobhacha níos giorra ná mar a bhíonn ar chrann. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor.Gnáthóg
Is tor coitianta é an tromán a fheictear go forleathan i bhfálta sceach, ar bhóithríní, ar bhruacha aibhneacha agus i gcoillearnacha taise.Fíricí
Is tor duillsilteach é an tromán. Fásann sé suas le 10m ar airde. Úsáidtear bláthanna an tromáin chun coirdial a dhéanamh agus is féidir na caora a úsáid i gcócaireacht.Duilleoga
Bíonn dath dúghlas ar na duilleoga. Bíonn idir 5-7 nduillín ar dhuilleog an tromáin a fhásann feadh an ghais le duillín aonair ag an deireadh. Bíonn na duillíní ubhchruthach le barra bioracha.Bláthanna agus Síolta
Ag deireadh mhí na Bealtaine, tagann triopaill dhlútha bláthanna ar an bplanda. Bíonn dath bánbhuí ar na bláthanna. Meallann boladh cumhra na mbláthanna feithidí chucu. Aibíonn na caora corcra dorcha i mí Meán Fómhair. Ní féidir caora amha a ithe.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair iad bláthanna an tromáin do go leor feithidí. Is breá le smólaigh agus druideanna na caora. Itheann mamaigh bheaga na caora agus na bláthanna.Aiteann
Ainm Laidine: Ulex europaeus & Ulex gallii
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is tor é an t-aiteann. Tá tor cosúil le crann beag. Ar thor, bíonn na gais nó craobhacha níos giorra ná mar a bhíonn ar chrann. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor.Gnáthóg
Fásann aiteann i gcré thirim agus feictear í i gceantair gharbha, shléibhtiúla, i bhfálta sceach, ar thalamh garbh agus i bpáirceanna.Fíricí
Is planda nádúrtha in Éirinn é an t-aiteann. Is tor síorghlas, deilgneach, bláthach é. Fásann sé suas le 2 -3 m ar airde. Maireann sé go ceann 30 bliain go hiondúil. Is féidir na bláthanna a ithe i sailéid. Is féidir dath buí a dhéanamh leis na bláthanna. Téann an t-aiteann trí thine go héasca in aimsir thirim, the an tsamhraidh agus scriostar toir agus fiadhúlra go tapa dá bharr.Duilleoga
Tá duillí spíonacha, síorghlasa ar an aiteann atá an-chosúil le spíonlach buaircíneach. Tá an tor deilgneach dá bharr sin.Bláthanna agus Síolta
Bláthann an t-aiteann i rith na bliana ar fad ach feictear na mílte bláthanna buí ó mhí Feabhra go mí na Bealtaine. Bíonn boladh álainn cnó cócó óna bláthanna. Bíonn 2-3 shíol istigh i bhfaighneoga, gruagacha corcra. Pléascann na faighneoga in aimsir the ag caitheamh na síolta i bhfad ón tor.Leas don Fhiabheatha
Is tor dlúth é an t-aiteann ag cur clúdach, foscadh agus bia ar fáil do go leor feithidí, damháin alla agus éin. Tá an t-aiteann iontach d’éin atá ag neadú, an caislín cloch agus an ghleoiseach, mar shampla. Cosnaíonn an t-aiteann éin ó aimsir gharbh sa gheimhreadh. Téann mamaigh bheaga ar nós coiníní ar foscadh ann. Is foinse mhaith neachtair í an t-aiteann do bheacha agus féileacáin.Féithleann
Ainm Laidine: Lonicera periclymenum
Foclóir ar Fáil
Cineál Crainn
Is féith nó dreapaire é an féithleann. Is planda í an fhéith le craobhóga fada, crochta agus gais atá solúbtha agus a dhreapann. Fásann féith ón talamh ag baint taca as crann nó balla.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an bhféithleann ag fás feadh fálta sceach agus i gcoillearnacha duillsilteacha.Fíricí
Is féith nó dreapaire duillsilteach é an féithleann. Ní féidir leis an bhféithleann fás as a stuaim féin. Casann sé é féin timpeall ar chrainn nó ar thoir chun taca a bhaint astu. Is féidir leis fás go 7m ar airde.Duilleoga
Tá duilleoga an fhéithlinn ubhchruthach le himill mhíne. Tá siad dúghlas le gais ghearra.Bláthanna agus Síolta
Tagann bláthanna bánbhuí cosúil le trumpaí ar an bhféithleann ó mhí an Mheithimh go mí Dheireadh Fómhair. Iompaíonn na bláthanna ó bhánbhuí go buí le himir den dearg orthu tar éis dóibh pailniú. Tá boladh sainiúil cumhra orthu. Aibíonn na caora, a fhásann i dtriopaill, san fhómhar. Tá siad nimhiúil.Leas don Fhiabheatha
Baineann féileacáin agus bumbóga leas as an bhféithleann. San oíche meallann boladh cumhra an fhéithlinn leamhain pailnithe. San fhómhar, itheann smólaigh agus corcráin choille na caora.Eidhneán
Ainm Laidine: Hedera helix
Foclóir ar Fáil