Dúlra Cois Farraige: Leibhéal 1
Faoileán Scadán
Foclóir ar Fáil
Is faoileán mór, torannach é an faoileán scadán.
Tá dath liath éadrom ar a dhroim.
Tá rinn a sciatháin dubh.
Tá a ghob buí le spota oráiste.
Tá dath bándearg ar a chosa.
Itheann an faoileán gach rud ó éisc go bruscar bhia.
Feictear an faoileán scadán ar an gcósta agus istigh faoin tír.
Déanann sé nead ar fhoirgnimh i gceantair uirbeacha.
Gabhlán Gainimh
Foclóir ar Fáil
Is cuairteoir coitianta go hÉirinn é an gabhlán gainimh.
Déanann sé imirce ón Afraic fho-Shahárach san earrach.
Bailíonn sé leis ar ais chuig an Afraic le linn an fhómhair.
Tá an gabhlán gainimh suas le 12cms ar fad.
Tá cloigeann, droim, eireaball agus sciatháin an ghabhláin donn dorcha agus a íochtar bán seachas banda leathan donn timpeall a chliabhraigh.
Beathaíonn sé ar fheithidí agus é ar eiteog.
Tochlaíonn sé in oitreacha ghainimh tirime ar aillte chósta agus ar bhruacha aibhneacha..
Is annamh a fheictear iad i gceantair uirbeacha.

Ronnach
Foclóir ar Fáil
Tá corp caol ag an ronnach le stríoca ingearacha ar a dhroim.
Tá eireaball gabhlach aige.
Is snámhóir iontach é.
Snámhann sé ar ghnáth luas 0.98m sa soicind agus ar ardluas 5.5m sa soicind.
Snámhann ronnaigh le chéile i ngrúpaí móra éisc.
Itheann troisc, siorcanna agus deilfeanna an ronnach.
Itheann an ronnach crilleanna agus ribí róibéis.
Is iasc é an ronnach atá fairsing timpeall chósta na hÉireann.
Smugairle an Chompáis
Foclóir ar Fáil
Is ainmhí mara é an smugairle róin le corp atá cosúil le scáth báistí nó clog glóthánach.
Faoin gclog, bíonn braiteoga ar crochadh.
Tugann na braiteoga cealg do rud ar bith a thagann in aice leo.
Feictear smugairle an chompáis in uiscí na hÉireann idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair.
Tá sé bánbhuí le marcanna donna timpeall an imill agus línte i gcruth V ag teacht ó lárphointe an chloig.
Cuireann an patrún seo compás i gcuimhne dúinn.
Tá an clog suas le 30 cm ar leithead le 24 bhraiteog fhada, tanaí.
Itheann smugairle an chompáis planctón, éisc bheaga agus portáin.
Is le sruth nó ar an taoide a bhogann siad don chuid is mó agus is minic a thagann siad i dtír, caite ar an trá.
Fiú má bhíonn cuma an bháis ar smugairle an chompáis agus é ar an trá is féidir cealg a fháil fós óna bhraiteoga.
Smugairle Róin Coiteann
Foclóir ar Fáil
Is ainmhí mara é an smugairle róin le corp atá cosúil le scáth báistí nó clog glóthánach.
Faoin gclog, bíonn braiteoga ar crochadh.
Tugann na braiteoga cealg do rud ar bith a thagann in aice leo.
Feictear an smugairle róin coiteann go coitianta in uiscí na hÉireann.
Is smugairle trédhearcach é le ceithre mharc chiorclach i lár an chloig atá corcra nó bándearg.
Ta an clog idir 10cm agus 40 cm ar leithead le braiteoga gearra, fíneálta ar crochadh ó thaobhanna an chloig.
Bíonn cealg ón smugairle róin coiteann éadrom go leor agus ní airítear ach griofadach beag ar an gcraiceann go hiondúil.
Itheann sé planctón.
Rufa
Foclóir ar Fáil
Feamainn nó algaí a ghlaoitear ar phlandaí sáile.
Fásann sí gar do dhromchla an uisce chun solas na gréine a fháil.
Tagann 50% d’ocsaigin an domhain ó fheamainn.
Tugann sí bia agus foscadh d’éisc agus do bheatha mhuirí.
Bíonn dath donn, dearg nó glas ar fheamainn.
Is feamainn mhór dhonn í an cheilp agus tá go leor cineál ceilpe.
Rufa is ea ceann amháin díobh.
Tá duilleoga feamainne an rufa, fada, leathan agus rocach.
Is féidir leo fás go 5 m ar fad agus 12cm ar leithead.
Is féidir rufa a ithe.
Is minic a fheictear é in uisce éadomhain nó caite ar an trá i ndiaidh stoirme.
Feamainn Bhoilgíneach
Foclóir ar Fáil
Feamainn nó algaí a ghlaoitear ar phlandaí sáile.
Fásann sí gar do dhromchla an uisce chun solas na gréine a fháil.
Tagann 50% d’ocsaigin an domhain ó fheamainn.
Tugann sí bia agus foscadh d’éisc agus do bheatha mhuirí.
Bíonn dath donn, dearg nó glas ar fheamainn.
Is feamainn dhonn í an fheamainn bhoilgíneach.
Bíonn bolgáin le feiceáil ar na duilleoga feamainne agus na craobhóga uile.
Cabhraíonn na bolgáin seo leis an bhfeamainn teacht go barr uisce i dtreo solas na gréine.
Is féidir feamainn bhoilgíneach a ithe.
Muiríneach
Foclóir ar Fáil
Is áiteanna móra fairsinge iad tránna.
Séideann gaotha láidre ón bhfarraige go minic agus iad lán le salann.
Bíonn an chré do na plandaí gainmheach agus tirim.
Bíonn ar na plandaí agus féara i dtimpeallacht mhuirí a bheith crua.
Feictear an mhuiríneach go forleathan feadh dumhcha an chósta.
Is féar righin deilgneach í a fhásann ina dtoim suas le 1m ar airde.
Tá fréamhacha doimhne, casta ag an muiríneach.
Cabhraíonn na fréamhacha le daingniú na ndumhcha.
Tugann an mhuiríneach clúdach agus foscadh do phlandaí eile fás.
Bundún Coirníneach
Foclóir ar Fáil
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan nuair a bhíonn taoide íseal ann.
Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla.
Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.
Ceann de na hainmhí atá le feiceáil i lochán carraige ná an bundún coirníneach.
Breathnaíonn sé cosúil le bloba glóthaí atá greamaithe de charraigeacha.
Tá gaol ag an mbundún coirníneach leis an smugairle róin.
Tá sé timpeall is 5cm.
Bíonn dath dearg, donn nó glas air.
Tá íochtar a choirp cosúil le súiteoir a ghreamaíonn de charraig é.
Tá timpeall is 192 bhraiteog ghearr thiubh aige.
Cealgann na braiteoga agus úsáidtear iad chun breith ar chreach ag dul thar bráid.
Faocha Ghliomaigh
Foclóir ar Fáil
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan nuair a bhíonn taoide íseal ann.
Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla.
Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.
Ceann de na hainmhí atá le feiceáil i locháin charraige ná an fhaocha ghliomaigh.
Is cineál portáin í agus tá corp bog deargdhonn aici.
Ní fhásann sí a blaosc féin ach tógann sí blaoscanna folmha cuachmaí agus gioradáin.
Tá dhá chrúbóg, fada chun tosaigh aici agus iad ag gobadh amach as an mblaosc.
De réir mar a fhásann sí bogann sí go blaosc níos mó.
Itheann sí gach a n-aimsíonn sí.
Gioradán
Foclóir ar Fáil
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan nuair a bhíonn taoide íseal ann.
Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla.
Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.
Ceann de na hainmhí atá le feiceáil i lochán carraige ná an gioradán.
Is moileasc é an gioradán.
Tá corp bog ag moileasc agus cosnaíonn blaosc chrua a chos láidir, matánach.
Úsáideann an gioradán a chos mhatánach chun bogadh timpeall
Fágann sé lorg cosúil leis an seilide garraí.
Tá blaosc bhiorach, dhonn, liath aige.
Feictear a dhá adharcán fada tosaigh ag gobadh amach as an mblaosc.
Itheann sé feamainn a scríobann sé de na carraigeacha lena theanga fhiaclach.
Oisre
Foclóir ar Fáil
Is áit iontach é an cladach chun eolas a fháil ar cad atá ag maireachtáil san fharraige in aice láimhe.
Bíonn blaosc chrua ar choirp mhórchuid de na hainmhithe a mhaireann san fharraige.
Is cuid den chorp í an bhlaosc.
Tagann na blaoscanna caite i dtír ar an trá.
Is moileasc é an t-oisre.
Tá corp bog ag moileasc agus cosnaíonn blaosc chrua a chos láidir, matánach.
Bíonn dhá bhlaosc chnapánacha ag an oisre.
Bailíonn siad le chéile ar charraigeacha nó ar aon dromchla crua faoi uisce chun bacainn chrua a dhéanamh.
Itheann portáin, crosóga mhara agus éin farraige oisrí.
Muirín
Foclóir ar Fáil
Is áit iontach é an cladach chun eolas a fháil ar cad atá ag maireachtáil san fharraige in aice láimhe.
Bíonn blaosc chrua ar choirp mhórchuid de na hainmhithe a mhaireann san fharraige.
Is cuid den chorp í an bhlaosc.
Tagann na blaoscanna caite i dtír ar an trá.
Is moileasc é an muirín.
Tá corp bog ag moileasc agus cosnaíonn blaosc chrua a chos láidir, matánach.
Ta dhá bhlaosc dearg oráiste, i gcruth fochupáin ag an muirín.
Maireann muiríní gan cheangal san uisce agus is féidir leo snámh.
Tá teacht ar an muirín amach ón gcósta, ar thóin farraige gainmheach nó clochach.
Itheann gliomaigh, portáin agus éisc iad.
Diúilicín
Foclóir ar Fáil
Is áit iontach é an cladach chun eolas a fháil ar cad atá ag maireachtáil san fharraige in aice láimhe.
Bíonn blaosc chrua ar choirp mhórchuid de na hainmhithe a mhaireann san fharraige.
Is cuid den chorp í an bhlaosc.
Tagann na blaoscanna caite i dtír ar an trá.
Is moileasc é an diúilicín.
Tá corp bog ag moileasc agus cosnaíonn blaosc chrua a chos láidir, matánach.
Tá dhá bhlaosc ubhchruthacha ag diúilicíni atá dúghorm nó donn.
Itheann siad planctón a scagann siad ón bhfarraige.
Ceanglaíonn siad iad féin le carraigeacha le snáitheanna láidre ar a nglaoitear “féasóga”.
Itheann crosóga mhara agus éin mhara iad.
Crosóg Mhara Choiteann
Foclóir ar Fáil
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan nuair a bhíonn taoide íseal ann.
Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla.
Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.
Ceann de na hainmhí atá le feiceáil i locháin charraige ná an chrosóg mhara choiteann .
Tá cúig ghéag ag an gcrosóg mhara le súiteoirí beaga bídeacha orthu a chabhraíonn léi bogadh.
Tá dath oráiste ar a craiceann garbh le spíonta beaga air.
Fásann sí go idir 10 agus 30 cm.
Itheann sí diúilicíní ag úsáid a géaga chun na blaoscanna a oscailt.
Má chailleann an chrosóg mhara géag fásfaidh ceann nua ina háit.
Portán Glas
Foclóir ar Fáil
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan nuair a bhíonn taoide íseal ann.
Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla.
Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.
Ceann de na hainmhí atá le feiceáil i locháin charraige ná portán glas.
Is é an portán glas an portán is coitianta a fheictear feadh cósta na hÉireann.
Tá dath glas nó donn air agus tá a bhlaosc timpeall is 8cm ar leithead.
Tá ocht gcos agus dhá chrúbóg aige.
Is féidir niopóg phianmhar a fháil óna crúbóga céanna.
Itheann an portán glas gach rud ó fheamainn go portáin níos lú ná é féin.
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil