Dúlra Cois Farraige: Leibhéal 2
Roilleach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is lapaire mór, sainiúil é an roilleach. Tá a cheann dubh agus a bhrollach bán. Tá gob fada, oráiste aige. Tá a chosa bán dearg. Breathnaíonn an roilleach fireann agus baineann mar a chéile. Itheann sé diúilicíní agus ruacain atá ar fáil ar chóstaí gainmheacha. Uaireanta, itheann sé larbhaí agus péisteanna talún ar thalamh féaraigh.Gnáthóg/ Nead
Déanann an faoileán bán a nead ar an talamh ar oileáin, ar aillte agus ar bhruacha gainmheacha.Faoileán Scadán
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is faoileán mór, torannach é an faoileán scadán. Tá dath liath éadrom ar a dhroim agus tá dath bán ar an gcuid eile den chlúmh. Tá rinn a sciatháin dubh. Tá a ghob buí le spota oráiste. Tá dath bándearg ar a chosa. Itheann an faoileán scadán réimse leathan bia ó éisc go bruscar bhia i lár cathracha agus i láithreáin líonadh talún.Gnáthóg/ Nead
Is féidir teacht ar an bhfaoileán scadán go forleathan ar an gcósta agus istigh faoin tír. Déanann sé nead ar fhoirgnimh i gceantair uirbeacha.Faoileán Bán
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an faoileán bán neamhchoitianta in Éirinn. Breathnaíonn an faoileán bán an-chosúil leis an bhfaoileán scadán ach tá sé i bhfad níos lú agus níos fíneálta. Tá dath liath éadrom ar na codanna uachtaracha agus dath bán ar na codanna íochtaracha ar an dá fhaoileán, chomh maith le barr dubh le spotaí bána ar na sciatháin acu. Tá a ghob agus a chosa glasbhuí. Is féidir leis bogadh níos gasta ná an faoileán scadán. Itheann sé feithidí agus éisc.Gnáthóg/ Nead
Déanann an faoileán bán a nead ar an talamh ar oileáin, ar aillte agus ar bhruacha gainmheacha.Gabhlán Gainimh
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is cuairteoir coitianta go hÉirinn é an gabhlán gainimh. Déanann sé imirce ón Afraic fho-Shahárach ó Mhárta ar aghaidh agus is é ceann de na héin imirce is luaithe a thagann go hÉirinn. Bailíonn sé leis ar ais chuig an Afraic le linn an Fhómhair. Tá an gabhlán gainimh níos lú ná an gabhlán gaoithe agus an fháinleog. Tá sé suas le 12cms ar fad. Tá cloigeann, droim, eireaball agus sciatháin an ghabhláin fásta donn dorcha. Tá íochtar an ghabhláin bán cé is móite de bhanda leathan timpeall a chliabhraigh. Beathaíonn an gabhlán gainimh ar fheithidí agus é ar eiteog.Gnáthóg/ Nead
Tochlaíonn an gabhlán gainimh in oitreacha ghainimh tirime ar aillte chósta agus ar bhruacha aibhneacha. Is annamh a fheictear iad i gceantair uirbeacha.Deilf choiteann
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is minic a fheictear an deilf choiteann i ráth deilfeanna, ag snámh le chéile i ngrúpa mór leis na céadta nó fiú na mílte deilf ann. Itheann sí éisc den chuid is mó.Gnáthóg
Bíonn an deilf choiteann le feiceáil go minic timpeall chósta na hÉireann, amach ón gcósta theas, ón gcósta thiar agus i Muir Éireann. Feictear í uaireanta cois cladaigh agus í ag snámh sa tóir ar ronnaigh.Diúilicín
Foclóir ar Fáil
Sliogáin
Is áit iontach é an cladach chun eolas a fháil ar cad atá ag maireachtáil san fharraige in aice láimhe. Fágtar noda ar an trá dúinn chun an t-eolas seo a aimsiú. Bíonn blaosc chrua ar choirp mhórchuid de na hainmhithe a mhaireann san fharraige. Is cuid den chorp í an bhlaosc. Cosnaíonn an bhlaosc na hainmhithe óna gcreachdóirí. Cosnaíonn an bhlaosc ón bhfarraige gharbh iad freisin. Tagann na blaoscanna caite i dtír ar an trá.Diúilicíní
Baineann diúilicíní le grúpa ainmhithe ar a nglaoitear moilisc. Tá corp bog ag an moileasc agus cos láidir, matánach atá cosanta ag blaosc chrua. Tá dhá bhlaosc ubhchruthacha ag an diúilicín atá dúghorm nó donn. Scagbheathóirí atá iontu. Beathaíonn siad ar phlanctón a scagann siad ón bhfarraige. Fanann formhór diúilicíní in aon áit amháin agus ceanglaíonn siad iad féin le carraigeacha ag úsáid snáitheanna láidre ar a nglaoitear “féasóga”. Nuair a bhíonn an diúilicín i mbaol fáisceann sé an dá bhlaosc le chéile go docht. Bíonn sé an-deacair ar chreachadóir an bhlaosc a oscailt. Itheann crosóga mhara agus éin mhara iad.Muirín
Foclóir ar Fáil
Sliogáin
Is áit iontach é an cladach chun eolas a fháil ar cad atá ag maireachtáil san fharraige in aice láimhe. Fágtar noda ar an trá dúinn chun an t-eolas seo a aimsiú. Bíonn blaosc chrua ar choirp mhórchuid de na hainmhithe a mhaireann san fharraige. Is cuid den chorp í an bhlaosc. Cosnaíonn an bhlaosc na hainmhithe óna gcreachdóirí. Cosnaíonn an bhlaosc ón bhfarraige gharbh iad freisin. Tagann na blaoscanna caite i dtír ar an trá.Muiríní
Baineann an muirín le grúpa ainmhithe ar a nglaoitear moilisc. Tá corp bog ag an moileasc agus cos láidir, matánach atá cosanta ag blaosc chrua. Bíonn dhá bhlaosc ag an muirín a chosnaíonn an matán láir. Tá cruth fochupáin ar an mblaosc dearg-oráiste, le himeall scolbáilte. Maireann muiríní gan cheangal san uisce agus is féidir leo snámh. Chun snámh a dhéanamh, dúnann an muirín na blaoscanna a bhrúnn an t-uisce amach ó thaobh amháin. Is féidir teacht ar an muirín amach ón gcósta, ar thóin farraige gainmheach nó clochach. Creachann gliomaigh, portáin agus éisc iad.Oisre
Foclóir ar Fáil
Sliogáin
Is áit iontach é an cladach chun eolas a fháil ar cad atá ag maireachtáil san fharraige in aice láimhe. Fágtar noda ar an trá dúinn chun an t-eolas seo a aimsiú. Bíonn blaosc chrua ar choirp mhórchuid de na hainmhithe a mhaireann san fharraige. Is cuid den chorp í an bhlaosc. Cosnaíonn an bhlaosc na hainmhithe óna gcreachdóirí. Cosnaíonn an bhlaosc ón bhfarraige gharbh iad freisin. Tagann na blaoscanna caite i dtír ar an trá.Oisrí
Baineann an t-oisre Eorpach le grúpa ainmhithe ar a nglaoitear moilisc. Tá corp bog ag an moileasc agus cos láidir, matánach atá cosanta ag blaosc chrua. Bíonn dhá bhlaosc chnapánacha ag an oisre a chosnaíonn an matán láir. Is féidir teacht orthu feadh cósta Atlantaigh na hÉireann. Tá siad beag agus bailíonn siad le chéile ar charraigeacha nó ar aon dromchla crua faoi uisce chun bacainn chrua a dhéanamh. Is cosaint é seo ar na creachadóirí. Itheann portáin, crosóga mhara agus éin farraige oisrí.Smugairle an chompáis
Foclóir ar Fáil
Smugairle Róin
Is ainmhí mara é an smugairle róin le corp atá cosúil le scáth báistí nó clog glóthánach. Faoin gclog bíonn braiteoga ar crochadh. Cé go maireann an smugairle róin san fharraige, ní iasc é. Is planctón é, gan inchinn, croí, fuil ná cnámha ann. Is le sruth nó ar an taoide a bhogann sé don chuid is mó. Ní bhíonn sé ag fiach go gníomhach le haghaidh bia. Cealgann sé rud ar bith a thagann gar dá bhraiteoga agus fágtar an chreach gan mhothú, gan neart. Tá 2000 cineál smugairle róin. Feictear cúig chineál díobh siúd go coitianta in uiscí na hÉireann.Smugairle an chompáis
Feictear smugairle an chompáis in uiscí na hÉireann idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair. Tá smugairle an chompáis bánbhuí le patrún suaithinseach air. Is iad na marcanna donna feadh an imill agus línte i gcruth V ag leathadh amach ó lárphointe an chloig a chuireann compás i gcuimhne dúinn. Is mar gheall ar sin a thugtar an t-ainm ‘smugairle an chompáis’ air. Bíonn an clog suas le 30 cm ar leithead. Tá 24 bhraiteog aige atá fada agus tanaí. Tugann siad droch-chealg atá cosúil le loscadh neantóige. Beathaíonn sé ar phlanctón, éisc bheaga agus portáin. Is le sruth nó ar an taoide a bhogann an smugairle róin don chuid is mó agus is minic a thagann siad i dtír, caite ar an trá. Fiú má bhíonn cuma an bháis ar smugairle an chompáis agus é ar an trá is féidir cealg a fháil fós ó na braiteoga.Smugairle Róin Coiteann
Foclóir ar Fáil
Smugairle Róin
Is ainmhí mara é an smugairle róin le corp atá cosúil le scáth báistí nó clog glóthánach. Faoin gclog bíonn braiteoga ar crochadh. Cé go maireann an smugairle róin san fharraige, ní iasc é. Is planctón é, gan inchinn, croí, fuil ná cnámha ann. Is le sruth nó ar an taoide a bhogann sé don chuid is mó. Ní bhíonn sé ag fiach go gníomhach le haghaidh bia. Cealgann sé rud ar bith a thagann gar dá bhraiteoga agus fágtar an chreach gan mhothú, gan neart. Tá 2000 cineál smugairle róin. Feictear cúig chineál díobh siúd go coitianta in uiscí na hÉireann.Smugairle Róin Coiteann
Feictear an smugairle róin coiteann go coitianta in uiscí na hÉireann. Is smugairle trédhearcach é. Tá ceithre mharc chiorclach i lár an chloig atá corcra nó bándearg. Is codanna inmheánacha an smugairle róin iad na marcanna corcra nó bándearga seo. Bíonn an clog idir 10cm agus 40 cm ar leithead. Bíonn a bhraiteoga gearra, fíneálta ar crochadh ó thaobhanna an chloig. Is mar gheall ar sin go mbíonn cealg ón smugairle róin coiteann éadrom go leor agus ní airítear ach griofadach beag ar an gcraiceann go hiondúil. Beathaíonn sé ar phlanctón.Ronnach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá corp caol aige le stríoca ingearacha ar dhroim an ronnaigh. Tá eireaball gabhlach aige. Is snámhóir iontach é. Snámhann sé ar ghnáth luas 0.98m sa soicind agus ar ardluas 5.5m sa soicind. Snámhann ronnaigh le chéile i scoileanna ollmhóra (grúpaí móra éisc ag snámh le chéile). Is minic a itheann troisc, siorcanna agus deilfeanna an ronnach, creachadóirí atá níos mó ná é. Is ball de speiceas an tuinnín é. Itheann an ronnach crilleanna agus ribí róibéis.Gnáthóg
Tá an ronnach fairsing timpeall chósta na hÉireann.Rufa
Foclóir ar Fáil
Feamainn
Feamainn nó algaí a ghlaoitear ar phlandaí sáile. Toisc go bhfásann feamainn in uisce ní bhíonn fréamhacha, gais, duilleoga nó bláthanna aici mar a bhíonn ag plandaí a fhásann ar thalamh, i gcré. Ina n-ionad siúd bíonn: i) Greamachán (fréamh) Greamaíonn greamachán de charraigeacha nó d’fheamainn eile ach ní iompaíonn sé bia don phlanda. ii) Duilleog feamainne (duilleog) iii) Stíp (gas) Teastaíonn solas gréine, dé-ocsaíd charbóin agus uisce ó fheamainn chun maireachtáil.Fásann feamainn gar do dhromchla an uisce chun solas na gréine a fháil ach is gá go mbíonn cuid den phlanda nó an planda iomlán faoi uisce. Tagann 50% d’ocsaigin an domhain ó fheamainn. Laghdaíonn feamainn truailliú mara toisc go dtógann sí tocsainí as an uisce. Tugann feamainn bia agus foscadh d’éisc agus do bheatha mhuirí. Úsáidtear feamainn i mbia do dhaoine agus chun leigheasanna agus gallúnacha a dhéanamh. Rangaítear plandaí éagsúla feamainne de réir datha: donn, dearg nó glas.Rufa
Is feamainn mhór dhonn í an cheilp. Tá go leor cineál ceilpe. Rufa is ea ceann amháin díobh. Is minic a fheictear é in uisce éadomhain nó caite ar an trá i ndiaidh stoirme. Greamaíonn sé de ghrinneall farraige carraigeach. Tá duilleoga feamainne an rufa, fada, leathan agus rocach. Is féidir leo fás go 5 m ar fad agus 12cm ar leithead. Fanann na duilleoga feamainne faoi uisce, fiú amháin le taoide íseal toisc go bhfuil an stíp (gas) solúbtha. Is féidir rufa a ithe agus déantar criospaí as na duilleoga feamainne óga, tanaí.Feamainn bhoilgíneach
Foclóir ar Fáil
Feamainn
Feamainn nó algaí a ghlaoitear ar phlandaí sáile. Toisc go bhfásann feamainn in uisce ní bhíonn fréamhacha, gais, duilleoga nó bláthanna aici mar a bhíonn ag plandaí a fhásann ar thalamh, i gcré. Ina n-ionad siúd bíonn: i) Greamachán (fréamh) Greamaíonn greamachán de charraigeacha nó d’fheamainn eile ach ní iompaíonn sé bia don phlanda. ii) Duilleog feamainne (duilleog) iii) Stíp (gas) Teastaíonn solas gréine, dé-ocsaíd charbóin agus uisce ó fheamainn chun maireachtáil. Fásann feamainn gar do dhromchla an uisce chun solas na gréine a fháil ach is gá go mbíonn cuid den phlanda nó an planda iomlán faoi uisce. Tagann 50% d’ocsaigin an domhain ó fheamainn. Laghdaíonn feamainn truailliú mara mar tógann sí tocsainí as an uisce. Tugann feamainn bia agus foscadh d’éisc agus do bheatha mhuirí. Úsáidtear feamainn i mbia do dhaoine agus chun leigheasanna agus gallúnacha a dhéanamh. Rangaítear plandaí éagsúla feamainne de réir datha: donn, dearg nó glas.Feamainn bhoilgíneach
Is feamainn dhonn í an fheamainn bhoilgíneach. Breathnaíonn sí cosúil le cumhdach bolgóideach lena pócaí beaga aeir (bolgáin). Bíonn na bolgáin seo le feiceáil feadh na duilleoga feamainne agus na craobhóga uile. Cabhraíonn na bolgáin seo leis an bhfeamainn teacht go barr uisce i dtreo solas na gréine. Is féidir feamainn bhoilgíneach a ithe.Duileasc
Foclóir ar Fáil
Feamainn
Feamainn nó algaí a ghlaoitear ar phlandaí sáile. Toisc go bhfásann feamainn in uisce ní bhíonn fréamhacha, gais, duilleoga nó bláthanna aici mar a bhíonn ag plandaí a fhásann ar thalamh, i gcré. Ina n-ionad siúd bíonn: i) Greamachán (fréamh) Greamaíonn greamachán de charraigeacha nó d’fheamainn eile ach ní iompaíonn sé bia don phlanda. ii) Duilleog feamainne (duilleog) iii) Stíp (gas) Teastaíonn solas gréine, dé-ocsaíd charbóin agus uisce ó fheamainn chun maireachtáil. Fásann feamainn gar do dhromchla an uisce chun solas na gréine a fháil ach is gá go mbíonn cuid den phlanda nó an planda iomlán faoi uisce. Tagann 50% d’ocsaigin an domhain ó fheamainn. Laghdaíonn feamainn truailliú mara mar tógann sí tocsainí as an uisce. Tugann feamainn bia agus foscadh d’éisc agus do bheatha mhuirí. Úsáidtear feamainn i mbia do dhaoine agus chun leigheasanna agus gallúnacha a dhéanamh. Rangaítear plandaí éagsúla feamainne de réir datha: donn, dearg nó glas.Duileasc
Is feamainn dhúdhearg é an duileasc. Fásann sé go idir 25 go 45 cm ar fad. Greamaíonn sé de charraigeacha móra nó de cheilpeanna lena ghreamachán (fréamh). Bíonn go leor maotháin agus craobhóga ar na duilleoga feamainne cothroma, fada, tanaí. Breathnaíonn an duileasc righin, cosúil le leathar. Is féidir duileasc a ithe agus úsáidtear é i gcócaráil.Carraigín
Foclóir ar Fáil
Feamainn
Feamainn nó algaí a ghlaoitear ar phlandaí sáile. Toisc go bhfásann feamainn in uisce ní bhíonn fréamhacha, gais, duilleoga nó bláthanna aici mar a bhíonn ag plandaí a fhásann ar thalamh, i gcré. Ina n-ionad siúd bíonn: i) Greamachán (fréamh) Greamaíonn greamachán de charraigeacha nó d’fheamainn eile ach ní iompaíonn sé bia don phlanda. ii) Duilleog feamainne (duilleog) iii) Stíp (gas) Teastaíonn solas gréine, dé-ocsaíd charbóin agus uisce ó fheamainn chun maireachtáil. Fásann feamainn gar do dhromchla an uisce chun solas na gréine a fháil ach is gá go mbíonn cuid den phlanda nó an planda iomlán faoi uisce. Tagann 50% d’ocsaigin an domhain ó fheamainn. Laghdaíonn feamainn truailliú mara mar tógann sí tocsainí as an uisce. Tugann feamainn bia agus foscadh d’éisc agus do bheatha mhuirí. Úsáidtear feamainn i mbia do dhaoine agus chun leigheasanna agus gallúnacha a dhéanamh. Rangaítear plandaí éagsúla feamainne de réir datha: donn, dearg nó glas.Carraigín
Is feamainn bheag dhearg é an carraigín. Feictear go forleathan é feadh cósta na hÉireann. Ta na duilleoga feamainne tanaí agus déanann siad cruth cosúil le fean. Fásann sé ar charraigeacha agus i locháin agus tá sé idir 15-20 cm ar fad. Nuair a bhíonn an carraigín san uisce bíonn dath corcra agus gorm ar an bplanda. Ach nuair a fhágtar faoi sholas na gréine é, iompaíonn an dath go glasbhuí. Is féidir carraigín a ithe agus nuair a thriomaítear é úsáidtear é chun uachtar reoite agus milseáin ghlóthaí a dhéanamh.Muiríneach
Foclóir ar Fáil
Plandaí agus féara an chladaigh
Is áiteanna móra fairsinge iad tránna agus is beag foscadh a bhíonn iontu. Séideann gaotha laidre ón bhfarraige go minic. Is amhlaidh go mbíonn na gaotha sin lán le salann sáile. Bíonn an chré do na plandaí gainmheach agus tirim. Ní mór do na plandaí agus féara a fhásann feadh cladaigh a bheith righin agus crua chun maireachtáil i dtimpeallacht mhuirí atá fiáin, neamhthrócaireach.Muiríneach
Feictear an mhuiríneach go forleathan feadh dumhcha an chósta. Is féar righin deilgneach í a fhásann ina dtoim. Tá fréamhacha dlútha, doimhne, casta ag an muiríneach. Cabhraíonn na fréamhacha le daingniú na ndumhcha. Fásann an mhuiríneach go 1m ar airde. Fásann dias blátha órga uirthi i mí Iúil agus Lúnasa. Tugann sí clúdach agus foscadh a ligeann do phlandaí eile fás.Cíb Ghainimh
Foclóir ar Fáil
Plandaí agus féara an chladaigh
Is áiteanna móra fairsinge iad tránna agus is beag foscadh a bhíonn iontu. Séideann gaotha laidre ón bhfarraige go minic. Is amhlaidh go mbíonn na gaotha sin lán le salann sáile. Bíonn an chré do na plandaí gainmheach agus tirim. Ní mór do na plandaí agus féara a fhásann feadh cladaigh a bheith righin agus crua chun maireachtáil i dtimpeallacht mhuirí atá fiáin, neamhthrócaireach.Cíb Ghainimh
Is planda tábhachtach é an chíb ghainimh a fháisceann gaineamh scaoilte i ndumhcha. Is féar reatha é le gais a leathann faoi dhromchla an ghainimh i línte díreacha. Tagann duilleoga guaireacha uirthi i ndosanna os cionn talaimh agus feictear iad ag fás i línte trasna an ghainimh. Fásann sí go 35cm ar airde agus bíonn bláthchinn spíceacha donnbhuí uirthi ó mhí na Bealtaine go mí Iúil. Tagann an chíb ghainimh slán ar ghaotha arda, triomach agus cáitheadh goirt na farraige.Cuán Mara
Foclóir ar Fáil
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Cuán Mara
Is ainmhí mara beag spíceach é an cuán mara. Tá a bhlaosc chruinn clúdaithe i spíonta a chuireann bac ar ionsaithe ó chreachadóirí. Bogann sé go mall réidh trasna ghrinneall na farraige ag úsáid a chosa feadánacha. Tá cúig fhiacail ar íochtar a choirp aige a úsáideann sé chun a bhia a mheilt agus chun poill a dhéanamh sna carraigeacha chun é féin a chur i bhfolach. Itheann sé planctón, ceilp agus faochain. Itheann portáin agus gliomaigh an cuán mara.Bundún coirníneach
Foclóir ar Fáil
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Bundún coirníneach
Is féidir an bundún coirníneach a fháil go coitianta i locháin charraige feadh cósta na hÉireann. Breathnaíonn sé cosúil le bloba glóthaí atá greamaithe de charraigeacha. Tá gaol ag an mbundún coirníneach leis an smugairle róin. Tá sé timpeall is 5cm. Bíonn dath dearg, donn nó glas air. Tá íochtar a choirp cosúil le súiteoir. Coinníonn sé an bundún coirníneach greamaithe ina áit. Tá 192 bhraiteog ghearr thiubh aige. Gobann na braiteoga amach nuair a bhíonn an taoide lán agus ina thrá, tarraingítear siar iad. Cealgann na braiteoga agus úsáidtear iad chun breith ar chreach ag dul thar bráid.Faocha ghliomaigh
Foclóir ar Fáil
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Faocha ghliomaigh
Bíonn an fhaocha ghliomaigh le feiceáil go coitianta i locháin charraige. Is cineál portáin í agus tá corp bog deargdhonn aici. Ní fhásann sí a blaosc féin ach úsáideann sí blaoscanna folmha cuachmaí agus gioradáin. Tá dhá chrúbóg fada tosaigh aici a fheictear ag gobadh amach as an mblaosc. Tá eireaball crúcach aici a choinníonn ceangailte leis an mblaosc í. De réir mar a fhásann sí bogann sí go blaosc níos mó. Itheann sí gach a n-aimsíonn sí.Gioradán
Foclóir ar Fáil
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Gioradán
Baineann an gioradán le grúpa ainmhithe ar a nglaoitear moilisc. Tá corp bog ag an moileasc agus cos láidir, matánach atá cosanta ag blaosc chrua. Úsáideann an gioradán a chos mhatánach chun bogadh timpeall, ag fágáil lorg mar a ghluaiseann sé, cosúil leis an seilide garraí. Tá blaosc bhiorach, dhonn, liath aige le bandaí bíseacha dorcha uirthi. Tá dhá adharcán fada tosaigh aici a fheictear ag gobadh amach as an mblaosc. Itheann sé feamainn a scríobann sé de na carraigeacha lena theanga fhiaclach. Is féidir leis maireachtáil as uisce ar feadh roinnt laethanta. Séalaíonn sé an bhlaosc, cosúil le comhla thógála agus fanann sé go breá tais inti.Séacla
Foclóir ar Fáil
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Séacla
Is féidir teacht ar an séacla, go ginearálta, in áiteanna lábacha nó gainmheacha nuair a bhíonn sé ina thrá. Tá dath buí-rua air agus é trédhearcach nach mór. Is mar gheall ar sin go mbíonn sé deacair é a aimsiú. Tá braiteoga fada aige a úsáideann sé chun bia a bhraith. Fásann sé go timpeall 5cm ar fad. Itheann sé feamainn agus planctón. Is ainmhí oíche é agus beathaíonn sé san oíche. I rith an lae, téann sé i bhfolach sa ghaineamh nó faoi charraigeacha gan ach a bhraiteoga le feiceáil.Crosóg mhara choiteann
Foclóir ar Fáil
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Crosóg mhara choiteann
Tá cúig ghéag ag an gcrosóg mhara le súiteoirí beaga bídeacha orthu ar íochtar a coirp. Úsáidtear na súiteoirí seo chun bogadh feadh grinnill na farraige. Ní iasc í an chrosóg mhara mar níl cnámh droma aici. Tá dath oráiste ar a craiceann garbh le spíonta beaga air. Fásann sí go idir 10 agus 30 cm. Tá dhá bholg aici. Itheann sí diúilicíní agus breallaigh. Úsáideann sí a geaga chun a mblaoscanna a oscailt. Má chailleann an chrosóg mhara géag fásfaidh ceann nua ina háit.Portán Glas
Foclóir ar Fáil
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Portán Glas
Is é an portán glas an portán is coitianta a fheictear feadh cósta na hÉireann. Is féidir teacht air i locháin charraige, i gcuanta agus in uisce éadomhain i bhfolach faoi charraigeacha agus feamainn. Bíonn dath glas nó donn air. Bíonn imeall corrach ar an mblaosc agus í timpeall is 8cm ar leithead. Tá ocht gcos agus dhá chrúbóg aige. Is féidir niopóg phianmhar a fháil óna crúbóga céanna. Beathaíonn sé ar gach rud ó fheamainn go portáin níos lú ná é féin.Mangach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is ball de speiceas na dtrosc é an mangach. Is iasc fada, tanaí é le súile móra. Tá corp cruinn glasdhonn aige le heireaball gabhlach. Tá soc biorach aige agus gobann a ghiall amach. Tá an mangach idir 50cm agus 90cm ar fhad. Ionsaíonn an mangach a chreach ón mbun aníos, ag snámh ó dhuibheagán na mara ar ardluas chun breith uirthi. Ní maith leis solas geal na gréine. Itheann sé éisc bheaga, saláin agus scadáin.Gnáthóg
Ta an mangach fairsing timpeall chósta na hÉireann.
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil
Foclóir ar Fáil