Mamaigh Leibhéal 1
Broc
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an broc coitianta in Éirinn. Is ainmhí oíche é. Feictear é ar fud na tíre i gceantair choillearnaí agus i bhfálta sceach. Tá cloigeann beag aige le stríoca dubha agus bána air. Tá corp dubh, trom aige. Tá a chosa gearr agus láidir. Glaoitear brocach ar an gcóras tollán a dhéanann sé faoi thalamh. Itheann sé péisteanna talún go príomha ach beathaíonn sé ar chiaróga, drúchtíní, francaigh, lucha agus coiníní.Francach Donn
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an francach donn coitianta in Éirinn. Is creimire é. Tá sé níos mó ná an francach dubh. Feictear é i bhfoirgnimh fheirme, in áiteanna ina mbailítear dramhaíl bhia, i séaraigh, i bhfálta sceach, gar d’uiscebhealaigh agus ar an gcósta. Is uiliteoir é an francach donn ach is fearr leis gránach agus síolta. Is tochaltóir agus snámhóir maith é. Glaoitear an francach séaraigh, an francach coiteann nó an francach sráide ar an bhfrancach donn.Ialtóg Fheascrach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is í an ialtóg fheascrach ceann de na hialtóga is lú agus is coitianta in Éirinn. Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. Téann sí ar an bhfara i bhfoirgnimh gar do choillearnacha agus d’fhálta sceach i gceantair thuaithe agus uirbeacha. Is ainmhí oíche í agus eitlíonn sí i ndiaidh luí na gréine. Beathaíonn sí ar eiteog ag gabháil a creiche ina béal. Itheann sí feithidí eitilte beaga ar nós cuileoga, míolta agus leamhain. Úsáideann sí a heireaball agus a sciatháin freisin chun breith ar bhia sula gcuireann sí ina béal é. Is féidir léi suas le 3,000 feithid a ithe in aon oíche amháin.Coinín
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an coinín coitianta in Éirinn. Cónaíonn sé i bhféar gearr ar thalamh féaraigh gar do sceacha, i ndumhcha agus ar imeall coillearnacha duillsilteacha. Déanann an coinín córas tollán faoi thalamh ar a nglaoitear coinicéar. Is í an coinín baineann a dhéanann an tochailt ar fad. Is luibhiteoir é an coinín (ainmhí a itheann fásra amháin). Beathaíonn sé ar fhéar go príomha ach itheann sé barra ar nós gránach, meacain agus crainn óga.Gabhar Fiáin
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá níos lú ná 5,000 gabhar fiáin in Éirinn. Tá siad le feiceáil i gceantair shléibhe, ar aillte an chósta os cionn 200m agus ar oileáin san fharraige. Ní thaitníonn gaotha láidre nó báisteach throm leo agus dá bhrí sin, fanann siad cóngarach d’fhoscadh choilltigh. I gceantair cois chósta atá gann ar chrainn, téann siad ar foscadh i measc bolláin nó istigh i bpluaiseanna. Sa samhradh, itheann siad féar, luachra agus fraocháin. Sa gheimhreadh, itheann siad fraoch, aiteann agus sceacha. Ar an gcósta, itheann siad feamainn. Faoi láthair, tá líon mór lonnaithe sa Bhoireann, i gCo an Chláir.Luch Fhéir
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an luch fhéir le feiceáil go forleathan i mbeagnach gach áit in Éirinn. Is uiliteoir í an luch fhéir (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) cé gur fearr léi síolta. Itheann sí torthaí, caora, bachlóga, cnónna, fréamhacha, gránach agus bleibíní. Beathaíonn sí ar phéisteanna talún, seilidí, agus feithidí chomh maith. Is creimire í. Is ainmhí oíche í den chuid is mó ach uaireanta feictear í i rith an lae. Gluaiseann sí go tapa agus is féidir léi snámh agus dreapadh. Tá nós aici léim go hard san aer nuair a bhaintear geit aisti.Iora Glas
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an t-iora glas coitianta in Éirinn. Feictear é i gcoillearnacha leathanduilleacha, i bpáirceanna agus i ngairdíní móra. Is luibhiteoir é (ainmhí a itheann fásra amháin) den chuid is mó. Itheann sé síolta, caora, torthaí, cnónna, fréamhacha agus gránach a fhaigheann sé sna coillte. Is fearr leis go mór, síolta crann leathanduilleacha ar nós dearcáin. Tugadh isteach an t-iora glas go dtí an tír seo ó Shasana den chéad uair ag tús an 20ú haois. Cónaíonn an t-iora glas i nead iora. Tá a nead chruinn déanta le cipíní. Ní dhéanann an t-iora glas codladh geimhridh ach fanann sé sa nead ar feadh cúpla lá má bhíonn aimsir fhuar ann.Gráinneog
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an ghráinneog coitianta in Éirinn. Cónaíonn an ghráinneog i gcoillearnacha agus ar thalamh féaraigh suite i lár scrobarnaí. Itheann sí péisteanna talún, drúchtíní, ciaróga agus boilb ach itheann sí caora agus torthaí nuair a bhíonn siad ar fáil. Is ainmhí oíche (gníomhach san oíche) í an ghráinneog. Tá radharc na súl go dona aici. Nuair a bhraitheann sí go bhfuil sí i mbaol, déanann sí liathróid di féin mar chosaint. Faraor ní oibríonn an teicníc seo ar thrácht bhóthair agus maraítear an-chuid gráinneoga ar an gcaoi sin.Luch Thí
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an luch thí coitianta in Éirinn. Is creimire í. Is annamh a fheictear í ag bogadh ó áit go háit i suímh oscailte. Cónaíonn sí laistigh i rith an gheimhridh, i bhfoirgnimh agus i dtrádstórais. Is uiliteoir í an luch thí (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí). Is fearr léi gránach a ithe ach beathaíonn sí ar bhia atá indíleáite agus éasca a fháil. Is nós léi rith feadh bealaí clúdaithe nó gar do bhallaí. Is ainmhí oíche é (gníomhach san oíche).Giorria
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an giorria coitianta in Éirinn. Ní thochlaíonn sé poll sa talamh mar a dhéanann coinín ach cónaíonn sé i bpluais os cionn talún ar a nglaoitear leaba dhearg. Déanann sé a leaba dhearg faoi fhéar fada. Is luibhiteoir é an giorria (ainmhí a itheann fásra amháin). Itheann sé féara, fraoch, aiteann agus luibheanna eile. Glaoitear an giorria sléibhe ar an ngiorria chomh maith. Is ainmhí oíche é go príomha (gníomhach san oíche). Gluaiseann an giorria go gasta, suas le 70km san uair, chun teitheadh ó chreachadóirí. Is é an t-ainmhí talún is tapúla in Éirinn. Tugtar patachán ar ghiorria óg.Easóg
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an easóg coitianta in Éirinn. Is féidir teacht ar an easóg in aon ghnáthóg le foscadh maith. Seachnaíonn sí suímh oscailte, neamhchosanta. Is feoiliteoir í an easóg (ainmhí a itheann feoil) den chuid is mó. Bíonn sí ag fiach ar an talamh, i gcrainn agus i bpoill coinín. Itheann sí coiníní, francaigh, éin, uibheacha éan, vóil agus uaireanta itheann sí feithidí. I gceantair cois chósta chonacthas í ag ithe éisc. Is dreapadóir an-mhaith í an easóg. Is snámhóir maith í freisin agus ritheann sí go gasta chun í féin a chosaint ó chreachadóirí. Déanfaidh sí a nead i bpoill coinín, i gcrainn chuasacha, i scoilteanna i gcarraigeacha agus i bhfoirgnimh fholmha.Dobharchú/ Madra Uisce
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an dobharchú coitianta ar fud na tíre. In Éirinn, is féidir teacht ar an dobharchú i ngnáthóga uisceacha éagsúla ar nós srutháin bheaga, aibhneacha, lochanna, riasca agus tránna gainmheacha. Is maith leis fásra a bheith ann ar an mbruach mar chlúdach fhoscúil don pholl a thógann sé dó féin. Itheann sé éisc den chuid is mó, bradáin agus bric ach go háirithe. Is ainmhí an-fhaiteach é an dobharchú. Is ainmhí oíche é (gníomhach san oíche). Nuair a bhíonn sé ag fiach faoin uisce is féidir leis fanacht ann ar feadh 40 soicind, ag teacht ar bharr uisce ar feadh 2 -3 soicind idir tumthaí. Tá an dobharchú an-ghar i ngaol leis an minc, an cat crainn agus an broc.Cat Crainn
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Cónaíonn an crann cait in áiteanna éagsúla ó choillearnacha measctha go cósta na tíre. Is feoiliteoir é an cat crainn (ainmhí a itheann feoil) den chuid is mó. Itheann sé lucha, francaigh, coiníní, froganna, éin, péisteanna talún agus ciaróga. I gceantair cois chósta, itheann sé éisc agus portáin. Itheann sé torthaí agus caora chomh maith. Is ainmhí aclaí é an cat crainn agus is dreapadóir maith é freisin. Is féidir leis dreapadh suas agus anuas ó chrainn mar a dhéanfadh iora. Léimeann sé idir na géaga ag úsáid a eireaball chun é féin a choinneáil ar a chothrom. Déanann sé cumarsáid ag úsáid glaonna éagsúla cosúil le cat ag crónán. Tá an cat crainn an-ghar i ngaol leis an mbroc, an mhinc agus an dobharchú.Dallóg Fhraoigh
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an dallóg fhraoigh coitianta in Éirinn agus is í an mamach is lú in Éirinn. Meánn sí 6g ar a mhéad. Bíonn uirthi meáchan a coirp féin a ithe gach lá agus dá bhrí sin bíonn sí ag seilg de lá agus d’oíche. Itheann an dallóg fhraoigh ciaróga, cuileoga, damháin alla, míolta agus cláirseacha. Is féidir teacht uirthi in áiteanna le brat talún saibhir. Úsáideann sí poill ainmhithe eile chun a nead a thógáil. Déanann sí a nead as féar tirim faoi charraigeacha, i bhféar fada nó i measc fásra dlúth. Ní dhéanann sí codladh geimhridh.Fia Rua
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Cónaíonn an fia rua i gceantair shléibhe oscailte agus i gcoillearnacha. Is é an fia rua an luibhiteoir fiáin (ainmhí a itheann plandaí) is mó atá againn in Éirinn. Itheann sé de lá agus d’oíche. Is é an t-aon fhia dúchasach in Éirinn. Fásann an fia rua beanna. Brúnn agus buaileann na fianna rua faoina chéile leis na beanna seo agus iad in iomaíocht le chéile. Glaoitear carria nó poc ar an bhfia fireann. Tugtar eilit ar an bhfia baineann. Oisín nó lao eilite a thugtar ar an bhfia óg.Madra Rua/ Sionnach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Tá an sionnach coitianta agus is é an t-aon mhadra fiáin atá in Éirinn. Is féidir leis maireachtáil in áit ar bith. Cónaíonn sé i bpluais faoi thalamh ar a nglaoitear leaba dhearg. Tochlaíonn sé a leaba dhearg féin agus bíonn roinnt bealaí isteach. Is feoiliteoir é an sionnach (ainmhí a itheann feoil). Itheann sé réimse leathan de chineálacha éagsúla bhia ar nós coiníní, giorriacha óga, francaigh, lucha, gráinneoga, colúir agus éin a neadaíonn ar an talamh. Anois is arís, itheann sé úlla agus sméara dubha. I gceantair uirbeacha, bíonn sé ag ransú trí bhoscaí bruscar agus dramhaíl tí. Is ainmhí oíche é (gníomhach san oíche). Tá snámh maith aige agus is féidir leis crainn a dhreapadh.Iora Rua
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is é an t-iora rua iora dúchasach na hÉireann. Tá sé níos lú ná an t-iora glas. Tá sé coitianta go leor in Éirinn agus tá méadú ar a líon le blianta beaga anuas. Cónaíonn an t-iora rua i ngach chineál coillearnaí. Tá sé imithe ar fad ó choillte ar a bhfuil seilbh glactha ag an iora glas mar is é an t-iora glas an buaiteoir i gcónaí san iomaíocht idir eatarthu. Itheann an t-iora rua síolta crann, bachlóga agus torthaí, ag brath ar shéasúr na bliana agus an soláthar áitiúil. Itheann sé go hard i gcrainn i ngach séasúr agus i ngach gnáthóg. Cónaíonn an t-iora rua i nead iora. Déanann sé a nead i bpoill i gcrainn nó in eidhneán tiubh. Tá a nead chruinn déanta le cipíní. Ní dhéanann sé codladh geimhridh. Cuireann sé bia i dtaisce in áiteanna éagsúla. Ní móide go gcuimhníonn sé cár chuir sé an bia seo ach tá seans ann go n-aimsíonn sé an taisce bia ón mboladh.Míol Mór Eiteach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is é an míol mór eiteach an dara hainmhí is mó ar domhain. Is míol mór bailíneach é. Is ábhar iontais é cé chomh beag is atá an chreach a itheann sé ag tógáil a mhéid san áireamh. Agus é ag fiach, snámhann sé ar ard luas i dtreo ráthanna iasc, casann sé ar a thaobh agus scuabann sé na héisc isteach ina bhéal. Slogann sé méid ollmhór uisce ag an am céanna agus scagann sé na héisc as an uisce ag úsáid a lanna bailín. Feictear an míol mór eiteach go rialta in uiscí cósta na hÉireann. Maireann an míol mór eiteach suas le 90 bliain.Rón Mór
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Feictear an rón glas feadh cósta na hÉireann. Is fearr leis an rón glas ceantair chósta carraigeacha. Is feoiliteoir é a itheann éagsúlacht mhaith iasc. Tá dhá speiceas de rón le fáil in uiscí Éireannacha agus is é an rón glas an ceann is mó. Ar thalamh tirim, gluaiseann an rón glas go mall ach nuair a bhíonn sé san uisce is snámhóir lúfar, aclaí é.Deilf coiteann
Foclóir ar Fáil