Mamaigh Leibhéal 2
Broc
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an broc coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche é an broc. Is féidir leis suas le 200 péist talún a ithe in aon oíche amháin. Is tochaltóir láidir é. Tá nasc idir an broc agus scaipeadh an ghalair, eitinn bhólachta, in eallaí. (galar tógálach baictéarach) Tá an broc an-ghar i ngaol leis an dobharchú, leis an gcat crainn agus leis an minc.Réim Bhia
Is uiliteoir é an broc (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) Itheann sé péisteanna talún go príomha agus ciaróga, drúchtíní, seilidí, francaigh, lucha agus coiníní chomh maith.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an broc i bhfálta, i scrobarnach agus i gcoillearnach. Tugtar brocach ar bhaile an bhroic (gréasán tollán casta faoi thalamh).Minc Mheirceánach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an mhinc Mheiriceánach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tugadh isteach an mhinc Mheiriceánach go hÉirinn sna 1950idí ar fheirmeacha fionnaidh. D’éalaigh go leor díobh agus scaip siad ar fud na tíre. Níorbh fhada go raibh an mhinc Mheiriceánach mar chuid den fhiadhúlra. Tá cosa breac scamallach aici agus tá snámh maith aici. Tá an mhinc Mheiriceánach gaolta leis an dobharchú, leis an gcat crainn, leis an easóg agus leis an mbroc.Réim Bhia
Is feoiliteoir uisceach í (ainmhí a itheann idir ainmhithe agus éisc a fhaightear san uisce) an mhinc Mheiriceánach go príomha. Itheann sí éin uisce, éisc, eascanna, froganna, francaigh, lucha agus feithidí. Bíonn sí ag fiach le haghaidh bia ar an talamh, i gcrainn agus in uisce.Nead/Gnáthóg
Feictear an mhinc Mheiriceánach gar d’aibhneacha, do shrutháin, do chanálacha le fásra dlúth feadh na bruacha. Is annamh a thochlaíonn sí ach cónaíonn sí i bpluaiseanna gar d’uisce. Is féidir teacht ar na pluaiseanna seo i bpoill coinín nó i bpoill i gcrainn nó in ithir bhog, mhóinteach.Vól Bruaigh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an vól bruaigh coitianta i ndeisceart na hÉireann.Cur Síos
Is creimire é an luch rua ach ní ainmhí dúchasach é. Thángthas ar an vól bruaigh den chéad uair riamh, i dtuaisceart Chiarraí i 1964 agus is é an t-aon vól amháin atá againn in Éirinn. Is dreapadóir maith é agus dreapann sé ag lorg bia. Bíonn sé gníomhach lá agus oíche, ach sa samhradh bíonn sé gníomhach i rith na hoíche amháin.Réim Bhia
Is uiliteoir é an vól bruaigh (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí). Itheann sé caora, bleibíní, síolta, torthaí, feithidí, seilidí, larbhaí agus péisteanna talún.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an vól bruaigh in áiteanna ina bhfuil go leor scrobarnach dhlúth mar a fhaightear i gcoillearnacha duillsilteacha, i bhfálta agus i ndíoga fiáine.Francach Dubh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá laghdú suntasach tagtha ar líon na bhfrancach dubh in Éirinn. Níl ach coilíneacht sheanbhunaithe, féinchothaithe amháin ann ar Reachrainn, ar chósta Bhaile Átha Cliath.Cur Síos
Is creimire é an francach dubh. Glaoitear an francach loinge air chomh maith. Is é an francach dubh is mó a luaitear mar chúis le scaipeadh an ghalair, an Phlá Mhór, san Eoraip. Tá an francach dubh níos lú ná an francach donn. Is é an mamach is neamhchoitianta in Éirinn.Réim Bhia
Is uiliteoir é an francach dubh (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí). Itheann sé torthaí, duilleoga, síolta, bláthanna, coirt, boilb, larbhaí cuileog agus feithidí éagsúla.Nead/Gnáthóg
Tá titim ar líon na bhfrancach dubh in Éirinn. Níl aon fhianaise ann go bhfuil an francach dubh ag pórú sa tír seo le tamall anuas cé go bhfeictear é, anois is arís, i gcalafoirt agus i dtrádstórais in aice láimhe.Ialtóg Fhad-Chluasach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ialtóg fhad-chluasach coitianta go leor in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche í an ialtóg fhad-chluasach. Téann sí amach ag eitilt uair a chloig i ndiaidh luí na gréine. Tá a cluasa an-mhór beagnach chomh fada lena corp. Tá a sciatháin mór agus leathan. Is féidir léi a bheith ar foluain go mall, ciúin. Baineann sí leas as a cluasa móra agus as a héisteacht ghéar chun fuaimeanna ísealmhinicíochta a creiche a bhrath.Réim Bhia
Téann an ialtóg fhad-chluasach ag fiach gar d’á fara i gcoillearnacha. Bíonn sé deacair í a fheiceáil agus í ag eitilt i measc duilleoga na gcrann agus na dtor. Itheann sí damháin alla agus feithidí mar leamhain, ciaróga agus gailseacha.Nead/Gnáthóg
Is ainmhí foraoise agus coille í an ialtóg fhad-chluasach. Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. Fáireann sí i sean fhoirgnimh ar nós séipéil, i sciobóil agus faoi dhroichid.Francach Donn
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an francach donn coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is creimire é an francach donn. Tá sé níos mó ná an francach dubh. Is tochaltóir maith é agus tochlaíonn sé i mbruacha agus i bhfálta sceach. Is snámhóir maith é. Is féidir leis léim agus dreapadh. Is ainmhí oíche é nach mór ach feictear é ag ransú i rith an lae nuair a bhíonn flúirse bia ar fáil. Glaoitear an francach coiteann, an francach sráide agus an francach séaraigh air chomh maith.Réim Bhia
Is uiliteoir é an francach donn (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) cé gur fearr leis réim bhia veigeatórach. Faoin tuath, itheann sé gránach agus barra éagsúla. In ionad dumpála bruscair, itheann sé réimse leathan dramhaíola ó éisc agus feoil go glasraí.Nead/Gnáthóg
Tá teacht ar an bhfrancach donn i ngnáthóga ina bhfuil flúirse bia ann. Feictear é i bhfoirgnimh thionsclaíocha, ar fheirmeacha, in áiteanna ina mbailítear bruscar, i séaraigh, i bhfálta, gar d’uiscebhealaí agus ar an gcósta.Ialtóg Fheascrach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ialtóg fheascrach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is í an ialtóg fheascrach an dara hialtóg is lú in Éirinn agus an ialtóg is mó seans a fheicfear. Is ainmhí oíche í (gníomhach san oíche). Is eitleoir gasta í agus tógann sí conair eitilte casta, neamhrialta agus í sa tóir ar bhia. Is féidir léi suas le 3,000 feithid a ithe in aon oíche.Réim Bhia
Eitlíonn sí i ndiaidh luí na gréine chun éin chreiche a sheachaint, pocairí gaoithe ach go háirithe. Beireann sí ar fheithidí beaga eitilte mar chuileoga, mhíoltóga agus leamhain. Itheann sí ar eiteog, ag breith ar a creach ina béal. Úsáideann sí a sciatháin nó a eireaball chun breith ar bhia sula gcuireann sí ina béal é. Tagann sí ar bhia i bhfálta sceach, i gcoillearnacha agus i ngairdíní bruachbhailteacha. Bíonn sí ag fiach os cionn uisce chomh maith.Nead/Gnáthóg
Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. Is minic a aimsítear ialtóga feascracha ar fhara i dtithe agus i bhfoirgnimh gar do choillearnacha agus d’fhálta sceach i gceantair uirbeacha agus amuigh faoin tuath.Ialtóg Daubenton
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ialtóg daubenton coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ceann d’ialtóga meánmhéide Éireannacha í an ialtóg daubenton. Beireann sí ar fheithidí lena cosa nó sciobann sí suas lena heireaball iad. Is féidir léi snámh má thiteann sí isteach san uisce de thimpiste.Réim Bhia
De ghnáth feictear an ialtóg uisce i ndiaidh luí na gréine ach is féidir í a fheiceáil roimh thitim na hoíche uaireanta agus í ar thóir an bhia is ansa léi. Is fearr léi fiach os cionn uisce socair mar go mbíonn sé níos éasca feithidí a aimsiú. Itheann sí cuileoga cadáin, cuileoga Bealtaine agus míoltóga.Nead/Gnáthóg
Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. Bíonn an ialtóg uisce ar fhara faoi dhroichid chloiche, i bhfothrach, i dtolláin chanála, i gcrainn agus i bpluaiseanna taise. Is minic a ghlaoitear ‘an ialtóg uisce’ uirthi mar go bhfeictear í ag eitilt go híseal, idir 5 agus 10 cm, os cionn lochanna, nó os cionn aibhneacha nó canálacha a bhfuil sruth mall réidh iontu.Coinín
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an coinín coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tháinig an coinín go hÉirinn den chéad uair leis na Normannaigh sa 12ú haois. Glaoitear coinicéir ar an gcóras poill faoi thalamh ina maireann coiníní. Is iad na coiníní baineanna amháin a thochlaíonn na poill coinín.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an coinín (ainmhí a itheann fásra amháin). Beathaíonn sé ar fhéar go príomha ach itheann sé barra ar nós gránach, meacain agus crainn óga.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an coinín faoi thalamh i gcóras poill choinín. Maireann sé i bhféar gearr gar d’fhálta sceach, do dhumhcha agus ar imeall coillearnacha duillsilteacha. Seachnaíonn sé coillearnacha buaircíneacha agus áiteanna taise.Fia Buí
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is é an fia buí an fia is coitianta in Éirinn agus tá teacht air i ngach chontae sa tír, nach mór.Cur Síos
B’iad na Normannaigh a thug an fia buí den chéad uair go hÉirinn. Glaoitear poc ar an bhfia fireann. Glaoitear eilit ar an bhfia baineann. Glaoitear lao eilite nó oisín ar an bhfia óg. Sa samhradh, bíonn dath donn éadrom le spotaí bána ar an bhfia buí. Sa gheimhreadh, bíonn dath liathdhonn air. Saintréith den fhia buí fireann is ea na beanna leathana, leacaithe (palmatach) atá aige. Caitheann an fia buí na beanna de gach earrach ó Mhárta go Bealtaine. Tosaíonn beanna nua ag fás láithreach.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an fia buí (ainmhí a itheann fásra amháin). Caitheann sé formhór a chuid ama ag iníor. Bíonn sé ag iníor i bhféarach oscailte ar feadh na bliana ar fad. Itheann sé luibheanna, duilleoga, fungais, dearcáin agus buinneoga óga duillsilteacha.Nead/Gnáthóg
Is maith leis an bhfia buí meascán de choillearnach agus féarach oscailte. Is féidir teacht air i gcoillearnacha duillsilteacha agus i gcoillearnacha measctha.Gabhar Fia
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá níos lú ná 5,000 gabhar fiáin in Éirinn. Feictear iad i ngach chontae nach mór ach amháin in oirthear Connachta, i ndeisceart Uladh agus in áiteanna lár tíre.Cur Síos
Is féidir leis na gabhair fhiáin fánaí carraigeacha a dhreapadh mar gheall ar chruth a gcos. Faoi láthair, tá líon mór lonnaithe sa Bhoireann, i gCo an Chláir agus taithí acu ar an ngnáthóg ansin.Réim Bhia
Itheann gabhair fhiáin réimse leathan bhia. Sa samhradh, itheann siad féara, luachair agus fraocháin. Sa gheimhreadh, itheann siad fraoch, aiteann agus toir. Chomh maith leis sin, baineann siad an choirt de stoic dharach, shailí, sprúis agus giúise. I gceantair cois chósta, itheann siad feamainn.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar ghabhair fhiáin i ngnáthóga éagsúla, ar thalamh ard, ar shléibhte, ar aillte cois chósta os cionn 200m agus ar oileáin amach ón gcósta. Cónaíonn siad i ngnáthóga ina bhfuil fáil acu ar fhásra. Ní thaitníonn gaotha láidre ná báisteach throm leo agus dá bharr sin, teastaíonn foscadh uathu in áiteanna ina bhfuil crainn ag fás. I gceantair cois chósta, nuair a bhíonn ganntanas crann ann, téann siad ar foscadh i measc bolláin nó istigh i bpluaiseanna.Luch Fhéir
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an luch fhéir an-choitianta.Cur Síos
Ceann de na mamaigh is coitianta in Éirinn is ea an luch fhéir. Is creimire í. Gluaiseann sí go tapa agus is féidir léi snámh agus dreapadh.Réim Bhia
Is uiliteoir í an luch fhéir (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) cé gur fearr léi síolta. Itheann sí torthaí, caora, bachlóga, cnónna, fréamhacha, gránach agus bleibíní. Beathaíonn sí ar phéisteanna talún, seilidí, agus feithidí. Is ainmhí oíche í den chuid is mó ach uaireanta feictear í i rith an lae.Nead/Gnáthóg
Tá an luch fhéir le feiceáil go forleathan i mbeagnach gach áit ach amháin in áiteanna leathbháite. Is féidir teacht uirthi i gcoillearnacha, i bhfálta sceach, i dtalamh féaraigh, i bportaigh, i bhféarach, i ndumhcha agus i ngairdíní.Iora Glas
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is féidir teacht ar an iora glas i gcuid mhór de lár na tíre, sa deisceart, san oirthear agus i roinnt áiteanna sa tuaisceart cibé áit a mbíonn gnáthóga oiriúnacha faoi chrainn. Níl an t-iora glas coitianta san iarthar de bharr ganntanas gnáthóga oiriúnacha d’fhoraoisí leathanduilleacha measctha.Cur Síos
Ní ainmhí dúchasach an t-iora glas. Tugadh isteach é go dtí an tír seo ó Shasana den chéad uair ag tús an 20ú haois. Is creimire é an t-iora glas. Cónaíonn sé i nead iora. Déanann sé a nead i bpoill i gcrainn, i gcraobh ghabhlach nó in eidhneán tiubh. Tá a nead chruinn déanta le cipíní. Tá lár na neide líneáilte le féar agus duilleoga. Ní gnách leis an iora glas codladh geimhridh a dhéanamh ach nuair a bhíonn aimsir fhuar ann fanfaidh sé sa nead ar feadh cúpla lá in amanna.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an t-iora glas (ainmhí a itheann fásra amháin) den chuid is mó. Itheann sé síolta, caora, torthaí, cnónna, fréamhacha agus gránach a fhaigheann sé sna coillte. Is fearr leis go mór, síolta crann leathanduilleacha ar nós dearcáin.Nead/Gnáthóg
Feictear an t-iora glas i gcoillearnacha leathanduilleacha toisc go bhfuil síolta na gcrann seo, príomhfhoinse a bhia, ar fáil. Feictear é i bpáirceanna agus i ngairdíní móra chomh maith. Ní oireann foraoisí buaircíneacha don iora glas toisc nach bhfuil dóthain bia ar fáil iontu dó.Luch Chodlamáin
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Chonacthas an luch chodlamáin den chéad uair timpeall ar an Nás agus Droichead Nua i gCo Chill Dara.Cur Síos
Is creimire í an luch chodlamáin. Ní ainmhí dúchasach í ach thángthas ar roinnt díobh le déanaí i gCo. Chill Dara. Tá seans maith ann gur tháinig an luch chodlamáin go hÉirinn i measc tuí a d'iompórtáil traenálaithe capaill rása i gCo. Chill Dara. Is féidir an luch chodlamáin agus lucha eile a dhealú ó chéile mar gheall ar an eireaball fada, fionnaitheach atá aici. Is ainmhí oíche í (gníomhach san oíche). Caitheann sí an-chuid ama ina codladh.Réim Bhia
Itheann an luch chodlamáin agus iad go hard i gcrainn. Is maith léi éagsúlacht bhia a ithe. Itheann sí bláthanna agus pailin san earrach, torthaí sa samhradh agus cnónna, collchnónna ach go háirithe, san fhómhar. Feictear í ar bheathadáin éan chomh maith.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an luch chodlamáin i bhfálta sceach agus i ngairdíní faoin tuath.Gráinneog
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ghráinneog coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche í an ghráinneog (gníomhach san oíche). Tá radharc na súl go dona aici. Nuair a bhraitheann sí go bhfuil sí i mbaol, déanann sí meall di féin mar chosaint. Faraor ní oibríonn an teicníc seo ar thrácht bhóthair agus maraítear an-chuid gráinneoga ar an gcaoi sin.Réim Bhia
Beathaíonn sí ar phéisteanna talún, drúchtíní, ciaróga agus boilb ach itheann sí caora agus torthaí nuair a bhíonn siad ar fáil.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an ghráinneog i gcoillearnacha agus ar thalamh féaraigh suite i lár scrobarnaí. Tá teacht uirthi go minic i gceantair bhruachbhailteacha. Is annamh a fheictear í i gcoillte buaircíneacha, ar thalamh riascach nó ar mhóinteáin.Luch Thí
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an luch thí coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is creimire í an luch thí. Is ceann de na mamaigh is coitianta in Éirinn í. Is annamh a fheictear í ag bogadh ó áit go háit i suímh oscailte. Is nós léi rith feadh bealaí clúdaithe nó gar do bhallaí. Is ainmhí oíche í an luch thí (gníomhach san oíche).Réim Bhia
Is uiliteoir í an luch thí (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí). Is fearr léi gránach a ithe ach beathaíonn sí ar bhia atá indíleáite agus éasca a fháil.Nead/Gnáthóg
Seachnaíonn an luch thí gnáthóga oscailte ach sa samhradh is féidir teacht uirthi i bpáirceanna nó i bhfálta sceach, gar d’fhoirgnimh. Cónaíonn sí laistigh i rith an gheimhridh, i bhfoirgnimh agus i dtrádstórais.Giorria Sléibhe Éireannach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an giorria coitianta in Éirinn.Cur Síos
Glaoitear an giorria sléibhe ar an ngiorria chomh maith. Is ainmhí oíche é go príomha (gníomhach san oíche). Gluaiseann an giorria go gasta suas le 70km san uair chun é féin a chosaint ó chreachadóirí. Is é an t-ainmhí talún is tapúla in Éirinn. Tugtar patachán ar ghiorria óg.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an giorria (ainmhí a itheann fásra amháin). I suímh arda itheann sé meascán de fhraoch óg agus d’fhéara agus sa gheimhreadh itheann sé aiteann agus saileach. Ar thalamh íseal itheann sé féara, caisearbháin agus luibheanna eile.Nead/Gnáthóg
Feictear an giorria i ngnáthóga oscailte idir ceantair shléibhe agus ceantair cois chósta. Ní thochlaíonn sé poll sa talamh mar a dhéanann an coinín ach cónaíonn sé i bpluais os cionn talún ar a nglaoitear leaba dhearg. Roghnaíonn sé suímh le fásra leacaithe faoi fhraoch nó faoi fhéar fada.Easóg Éireannach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an easóg coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is dreapadóir an-mhaith í an easóg. Is snámhóir maith í freisin agus ritheann sí go gasta chun í féin a chosaint ó chreachadóirí. Déanfaidh sí a nead i bpoill coinín, i gcrainn chuasacha, i scoilteanna i gcarraigeacha agus i bhfoirgnimh fholmha.Réim Bhia
Is feoiliteoir í an easóg (ainmhí a itheann feoil) den chuid is mó. Bíonn sí ag fiach ar an talamh, i gcrainn agus i bpoill coinín agus í ag lorg bia. Itheann sí coiníní, francaigh, éin, uibheacha éan, vóil agus uaireanta itheann sí feithidí. I gceantair cois chósta chonacthas í ag ithe éisc.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an easóg in aon ghnáthóg le foscadh maith, ceantair uirbeacha san áireamh. Feictear í i gceantair choillteacha, ar thalamh feirme, ar shléibhte, ar riasca, i bhfálta sceach, i mballaí cloch agus i gceantair uirbeacha. Seachnaíonn sí suímh oscailte, neamhchosanta.Ialtóg Leisler
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ialtóg leisler coitianta go leor in Éirinn.Cur Síos
Tá an ialtóg leisler neamhchoitianta sa Ríocht Aontaithe agus san Eoraip ach meastar go bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint le líon na n-ialtóg in Éirinn. Is í an ialtóg leisler an ialtóg is mó in Éirinn. Is cosúil nach maith léi eitilt sa bháisteach.Réim Bhia
Itheann an ialtóg leisler feithidí meánmhéide ar nós leamhain, galáin agus ciaróga. Beireann sí ar na feithidí seo ar eiteog. Itheann sí cuileoga buí agus míoltóga. Bíonn sí ag fiach os cionn coillearnacha duillsilteacha agus buaircíneacha.Nead/Gnáthóg
Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. I rith míonna an tsamhraidh, bíonn an ialtóg leisler ar fhara i bhfoirgnimh, fiú in áiléir idir sclátaí i dtithe. Déanann sí codladh geimhridh i gcrainn chuasacha nó i gcúinní i sean fhoirgnimh sa gheimhreadh.Crú-Ialtóg Bheag
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an crú-ialtóg bheag sa Chlár, i gCorcaigh, i nGaillimh, i Luimneach agus i Maigh Eo.Cur Síos
Tá an chrú-ialtóg bheag an-aclaí. Is ainmhí oíche í (gníomhach san oíche). Nuair a bhíonn sí ag fiach eitlíonn sí go híseal trí fhásra dlúth. Nuair a bhíonn sí ar fhara casann sí bun os cionn agus crochann sí í féin go héasca óna cosa. Cuachann sí í féin lena sciatháin timpeall a corp. Is í seo an t-aon ialtóg i speicis Éireannacha a dhéanann é seo.Réim Bhia
Téann an chrú-ialtóg bheag ag fiach i gcoillearnach agus i scrobarnach, gar d’fhásra cois aibhneacha nó gar do bhallaí i gclóis fheirme. Itheann sí galáin (snáthaid an phúca), agus cuileoga eile, chomh maith le míoltóga agus leamhain.Nead/Gnáthóg
Is fearr leis an gcrú-ialtóg bheag gleannta foscúla agus tá dlúthbhaint aici le coillearnacha measctha leathanduilleacha. Sa samhradh, bíonn sí ar fhara i ndíonta sean tithe nó i mbóithigh, i stáblaí nó i sean teachíní tuaithe. Sa gheimhreadh, oireann pluaiseanna do na hialtóga seo d’á gcodladh geimhridh.Ialtóg Eascrach Natusius
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is féidir teacht ar an ialtóg Natúisias i dtuaisceart na hÉireann, gar do Loch nEathach agus Loch Éirne, ach go háirithe. Thángthas ar an ialtóg i gCo. Chill Mhantáin i bPoblacht na hÉireann freisin.Cur Síos
Thángthas ar choilíneacht shíolraithe dheimhnithe d’ialtóga Natúisias den chéad uair, i mBealtaine 1997, gar do Loch nEathach. Is í an ialtóg Natúisias an ialtóg is neamhchoitianta sa tír seo.Réim Bhia
Bíonn sí ag fiach feadh cosáin choillearnaí agus os cionn uisce. Beireann sí ar fheithidí beaga agus meánmhéide, cuileoga, míoltóga agus leamhain san áireamh. Beathaíonn sí ar eiteog ag gabháil a creiche ina béal. Úsáideann sí a heireaball agus a sciatháin freisin chun breith ar bhia sula gcuireann sí ina béal é.Nead/Gnáthóg
Is ialtóg choillearnaí í an ialtóg Natúisias. Feictear an ialtóg seo i ngach chineál foraoise in Éirinn idir coillearnacha taise agus coillte buaircíneacha tirime. Is féidir teacht uirthi i bpáirceanna, ar thalamh feirme agus ar imill choillearnach. Is annamh a fheictear í i suímh uirbeacha.Ialtóg Natterer
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear ialtóga Nattereir go forleathan ach níl mórán díobh sa tír seo.Cur Síos
Is ceann de na hialtóga is neamhchoitianta í an ialtóg Nattereir agus níl an oiread sin aithne uirthi. I suirbhé náisiúnta ar ialtóga i 1994, thángthas ar níos lú ná 50 fara den ialtóg Nattereir.Réim Bhia
Beireann an ialtóg Nattereir ar fheithidí ar nós leamhain agus cuileoga agus í ar eiteog. Is nós léi breith ar fheithidí nach bhfuil eitilt acu, ó dhuilliúr. Is féidir léi fanacht san aer ag faoileáil ar feadh tamall gearr sula mbeireann sí ar a creach. Úsáideann sí a cosa nó a heireaball chun a creach a ghabháil agus cuireann sí isteach ina béal í ansin. Is féidir léi teacht anuas go talamh chun breith ar ghailseacha agus ar chéadchosaigh.Nead/Gnáthóg
Is maith leis an ialtóg Nattereir coillearnacha, fálta lánfhásta agus gnáthóga féaraigh. Sa samhradh, bíonn sí ar fhara i bpoill i gcrainn, i sean fhoirgnimh ar nós séipéil agus sciobóil agus faoi dhroichid chomh maith. Déanann sí codladh geimhridh i gcuasa i bpluaiseanna agus i bhfoirgnimh.Dobharchú / Madra Uisce
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an dobharchú coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí an-fhaiteach é an dobharchú. Is ainmhí oíche é an dobharchú (gníomhach san oíche) a chónaíonn in aibhneacha agus lochanna. Nuair a bhíonn sé ag fiach faoi uisce is féidir leis fanacht thíos ar feadh 40 soicind, ag teacht ar bharr uisce ar feadh 2 -3 soicind idir tumthaí. Tá an dobharchú an-ghar i ngaol leis an minc, an cat crainn agus an broc.Réim Bhia
Itheann an dobharchú réimse creiche a fhaigheann sé in uisce nó ar thalamh. Itheann sé éisc den chuid is mó, bradáin agus bric ach go háirithe. Ar riasca, itheann sé froganna agus cois chósta itheann sé portáin. Creachann sé éin chomh maith ar nós lachain agus cearca uisce.Nead/Gnáthóg
In Éirinn is féidir teacht ar an dobharchú i ngnáthóga uisceacha éagsúla ar nós srutháin bheaga, aibhneacha, lochanna, riasca agus tránna gainmheacha. Bíonn fionnuisce ag teastáil ón dobharchú cois chósta chun an salann a ní óna chuid fionnaidh. Is maith leis fásra a bheith ann ar an mbruach mar chlúdach fhoscúil don pholl a thógann sé dó féin.Cat Crainn
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá fairsinge gnáthóige an chait crainn ag méadú ón gcósta thiar go dtí lár na tíre agus an t-oirthear. Tá an líon is mó agus is dlúithe díobh ar an gcósta thiar ó dheisceart Dhún na nGall go Co. Luimnigh agus Co. Chiarraí.Cur Síos
Is ainmhí aclaí é an cat crainn agus is dreapadóir maith é. Gluaiseann sé go gasta trí bharra crainn agus is féidir leis dreapadh suas agus anuas astu mar a dhéanfadh iora. Léimeann sé idir na géaga ag úsáid a eireaball chun é féin a choinneáil ar a chothrom. Déanann sé cumarsáid ag úsáid glaonna éagsúla atá an-chosúil le cat ag crónán nó ag meamhlach. Tá an cat crainn an-ghar i ngaol leis an mbroc, an mhinc agus an dobharchú.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an cat crainn (ainmhí a itheann feoil) den chuid is mó. Creachann sé lucha, francaigh, coiníní, glasmhíolta, froganna, éin, péisteanna talún agus ciaróga. I gceantair cois chósta, beathaíonn sé ar éisc agus ar phortáin. Itheann sé torthaí agus caora chomh maith.Nead/Gnáthóg
Go hiondúil cónaíonn an cat crainn i bhforaoisí buaircíneacha nó i gcoillearnacha measctha ach is féidir teacht air ar thalamh féaraigh, ar mhóinteáin agus cois chósta. Ar an mBoireann i gCo. an Chláir feictear an cat crainn ar an bpábháil aolchloiche agus sa scrobarnach choill. Aimsítear a nead i gcrainn chuasacha, i scoilteanna i gcarraigeacha nó i bhfoirgnimh fholmha.Dallóg Fhraoigh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an dallóg fhraoigh coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is í an dallóg fhraoigh an mamach is lú in Éirinn agus meánn sí 6g ar a mhéad. Tá goile craosach aici agus bíonn uirthi meáchan a coirp féin, ar a laghad, a ithe gach lá. Bíonn sí ag seilg de lá agus d’oíche. Ní dhéanann sí codladh geimhridh. Bíonn an dallóg fhraoigh á fiach ag sionnaigh, ulchabháin agus cait.Réim Bhia
Itheann an dallóg fhraoigh ciaróga, cuileoga, damháin alla, míolta agus cláirseacha.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dallóg fhraoigh i réimse leathan gnáthóga in Éirinn go háirithe in áiteanna le brat talún saibhir cosúil le fálta sceach, talamh féaraigh, coillearnacha agus talamh portaigh. Is dúichí seilge maithe iad seo agus bíonn foscadh iontu chomh maith, a cheileann í ar a creachadóirí. Ní thochlaíonn an dallóg fhraoigh poll faoi thalamh di féin ach úsáideann sí poill ainmhithe eile. Déanann sí nead chruinn as féar tirim. Is féidir teacht ar a nead i bhféar fada, faoi lomáin, faoi charraigeacha agus i measc fásra dlúth.Fia Rua
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an fia rua ins na contaethe seo: Dún na nGall, Fear Manach, Tír Eoghain, An Dún, Cill Mhantáin, an Mhí agus Ciarraí. Meastar nach bhfuil ach tréad dúchasach amháin in Éirinn agus is i gCill Áirne atá sé.Cur Síos
Is é an fia rua an luibhiteoir fiáin (ainmhí a itheann plandaí) is mó atá againn in Éirinn. Is é an t-aon fia dúchasach atá againn in Éirinn. Glaoitear carria nó poc ar an bhfia fireann. Tugtar eilit ar an bhfia baineann. Oisín nó lao eilite a thugtar ar an bhfia óg. Fásann an fia rua beanna. Brúnn agus buaileann na fianna rua faoina chéile leis na beanna seo agus iad in iomaíocht le chéile.Réim Bhia
Bíonn an fia rua ag iníor de lá agus d’oíche. Itheann sé fraoch, toir bheaga, eidhneán, cuileann, buinneoga crainn agus féara garbha. Má bhíonn drochaimsir an gheimhridh go dona, tagann an fia rua anuas chuig talamh feirme in aice leis chun barra feirme a ithe.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an fia rua i gceantair shléibhe oscailte, ar mhóinteáin agus i gcoillearnacha cúlráideacha.Madra Rua / Sionnach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an sionnach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Baineann an sionnach úsáid as réimse fuaimeanna chun cumarsáid a dhéanamh. Tá snámh maith aige agus is féidir leis crainn a dhreapadh. Tá radharc na súl an-mhaith aige, go háirithe san oíche.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an sionnach (ainmhí a itheann feoil). Itheann sé réimse leathan de chineálacha éagsúla bhia a bhraitheann go mór ar an séasúr agus an áit ina gcónaíonn sé. Is ainmhí oíche é (gníomhach san oíche). Creachann sé coiníní, giorriacha óga, francaigh, lucha, gráinneoga, colúir agus éin a neadaíonn ar an talamh. Nuair a bhíonn ganntanas creiche ann itheann sé péisteanna talún, ciaróga, criogair agus larbhaí feithidí. Anois is arís itheann sé úlla agus sméara dubha. I gceantair uirbeacha bíonn sé ag ransú trí bhoscaí bruscar agus dramhaíl tí.Nead/Gnáthóg
Is féidir leis an sionnach maireachtáil in aon sórt áite. Cónaíonn sé i gcoillearnacha agus amuigh faoin tuath ach is féidir teacht air in ísealchríocha, i gceantair shléibhtiúla, feadh an chósta, ar thalamh feirme agus le déanaí i gceantair uirbeacha. Cónaíonn an sionnach i bpluais faoi thalamh ar a nglaoitear leaba dhearg. Tochlaíonn sé a leaba dhearg féin ach is minic a mhéadaíonn sé sean choinicéar nó brocach. Ní úsáidtear aon easair sa leaba dhearg agus bíonn roinnt bealaí isteach. Baineann an sionnach úsáid as áiteanna foscúla faoi fhoirgnimh nó i scoilteanna carraigeacha chomh maith.Iora Rua
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an t-iora rua coitianta go leor in Éirinn agus tá méadú ar a líon le blianta beaga anuas.Cur Síos
Ainmhí dúchasach is ea an t-iora rua. Tá sé níos lú ná an t-iora glas. Is féidir leis an iora rua maireachtáil i ngach chineál coillearnaí, fiú amháin i bhforaoisí buaircíneacha. Tá sé imithe ar fad ó choillte ar a bhfuil seilbh glactha ag an iora glas mar is é an t-iora glas an buaiteoir i gcónaí san iomaíocht idir eatarthu. Cónaíonn an t-iora rua i nead iora. Déanann sé a nead i bpoill i gcrainn, i gcraobh ghabhlach nó in eidhneán tiubh. Tá a nead chruinn déanta le cipíní. Tá lár na neide líneáilte le féar agus duilleoga. Sa gheimhreadh, is féidir leis an iora rua dul gan aon bhia a ithe ar feadh roinnt laethanta ach ní dhéanann sé codladh geimhridh. Cuireann sé bia i dtaisce in áiteanna éagsúla ina thimpeallacht bhaile féin. Ní móide go gcuimhníonn sé cár chuir sé an bia seo ach tá seans ann go n-aimsíonn sé an taisce bia ón mboladh.Réim Bhia
Beathaíonn an t-iora rua ar shíolta crann, ar bhachlóga agus ar thorthaí ag brath ar shéasúr na bliana agus an soláthar áitiúil. Idir éirí agus luí na gréine, bíonn sé gníomhach ag fiach do bhia. Itheann sé go hard i gcrainn i ngach séasúr agus i ngach gnáthóg.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an t-iora rua i ngach chineál coillearnaí ó choillte leathanduilleacha go coillte buaircíneacha.Fia Seapánach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá ceithre phríomháit ina bhfuil tréada fia Seapánach le fáil: Páirc Náisiúnta Chill Áirne, Co. Chill Mhantáin, Co. Thír Eoghain agus Co. Fhear Manach. Tá tréada níos lú le feiceáil i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara, i gCeatharlach, i gCorcaigh agus i nDún na nGall. Níl aon fhia Seapánach san iarthar nó i lár na tíre.Cur Síos
Is é an fia Seapánach an fia is lú d’ár bhfianna fiáine. Tá patrún ar leith spotaí ag gach uile fhia ar a dhroim agus ar a thaobhanna. Is féidir na baill seo a úsáid chun na fianna a aithint ó chéile.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an fia Seapánach (ainmhí a itheann fásra amháin). Bíonn sé ag iníor ar feadh na bliana ar thalamh féaraigh oscailte. Itheann sé féar, duilleoga crainn, luibheanna, dearcáin, caora, fungais, fraoch agus (má bhíonn siad ar fáil) buinneoga óga buaircíneacha.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an fia Seapánach i gceantair choillearnacha le hais talamh féaraigh oscailte. Is maith leis an bhfia seo dlúth scrobarnach choill, rosáin thiubh dhriseacha agus dhraighean. Seachnaíonn sé taobhanna cnoic oscailte nó páirceanna nach bhfuil clúdach rosáin iontu. Cónaíonn an fia Seapánach in ísealchríocha in Éirinn.Ialtóg Shopránach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is í an ialtóg shopránach an ialtóg is coitianta agus is líonmhara in Éirinn.Cur Síos
Is ceann de na hialtóga is lú atá againn in Éirinn í an ialtóg shopránanch. Tá sé beagnach dodhéanta an ialtóg shopránach agus an ialtóg fheascrach a aithint ó chéile. Tá an béal ag an ialtóg shopránach níos lú ná an béal atá ag an ialtóg fheasrach agus beireann sí ar chreach níos lú freisin. Ní dhéanann an ialtóg shopránach codladh geimhridh trom, sámh mar a dhéanann na hialtóga eile in Éirinn. Bíonn sí gníomhach go leor i rith tréimhse an gheimhridh má bhíonn an aimsir oiriúnach.Réim Bhia
Bíonn an ialtóg shopránach ag ithe i ngnáthóga le huisce oscailte nó feadh bruacha lochanna nó aibhneacha. Beireann sí ar fheithidí beaga eitilte ar nós míoltóga, muiscítí agus feithidí beaga uisceacha. Beireann sí ar eiteog ag gabháil a creiche ina béal. Úsáideann sí a sciatháin nó a heireaball chun bia a cheapadh sula gcuireann sí ina béal é.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an ialtóg shopránach i bhfoirgnimh agus in áiléir. Bíonn sí ag fiach i bpáirceanna agus gar do bhailte móra mar is féidir léi breith ar na feithidí meallta ag na soilse sráide geala bána. Caithfidh gnáthóga feadh bruacha lochanna a bheith ar fáil do na hialtóga seo mar go mbíonn feithidí beaga uisceacha á bhfiach acu.Ialtóg Ghiobach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ialtóg ghiobach neamhchoitianta in Éirinn ach tá a líon an-íseal ar fad.Cur Síos
Breathnaíonn an ialtóg ghiobach an-chosúil leis an ialtóg fheascrach Éireannach. Meastar go bhfuil níos lú ná 1,000 ialtóg ghiobach in Éirinn. Bíonn siad ar fhara in éineacht le speicis eile ialtóga, mar an ialtóg fheascrach, an chrú-ialtóg bheag agus an ialtóg NattereirRéim Bhia
Beireann sí ar fheithidí eitilte beaga ar nós leamhain, cuileoga Bealtaine agus míoltóga agus iad ag eitilt go híseal, gar don talamh. Beireann sí ar fheithidí nach bhfuil eitilt acu ar nós damháin alla, díreach ón duilliúr. Bíonn sí ag fiach le haghaidh bia i gcoillearnacha oscailte measctha feadh fálta sceach agus os cionn limistéir uisce.Nead/Gnáthóg
Feictear an ialtóg ghiobach i móinéir oscailte agus i dtírdhreach coillteach gar d’fhionnuisce go minic. Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. Sa samhradh, bíonn sí ar fhara laistigh de bhallaí agus de lochtaí i bhfoirgnimh ach is féidir teacht uirthi i mballaí cloiche agus i gcuasa crann. Déanann an ialtóg ghiobach codladh geimhridh ar fhara i gcuasa crann nó i bhfoirgnimh.Deilf Bholgshrónach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an deilf bholgshrónach forleathan ar fud an domhain.Cur Síos
Tá an deilf bholgshrónach níos mó ná deilfeanna eile a fheictear go minic in uiscí Éireannacha. Is ainmhithe gníomhacha iad na deilfeanna bolgshrónacha. Tá siad in ann léim san aer roinnt méadair glan as an uisce. Is ainmhithe sóisialta iad agus is nós leo bailiú le chéile i ngrúpaí. Glaoitear ráth deilfeanna ar ghrúpa deilfeanna a bhíonn ag snámh le chéile.Réim Bhia
Tá réim bhia ilchineálach ag an deilf bholgshrónach ach is é an ronnach is mó a itheann sí in uiscí timpeall na hÉireann.Nead/Gnáthóg
Is ar chósta thiar na hÉireann go bhfuil an dlús is airde den deilf bholgshrónach san Eoraip le fáil. Feictear iad go rialta timpeall chósta na hÉireann ar fad. Maireann tuairim is 40 deilf in Inbhear na Sionainne ó cheann ceann na bliana ach is féidir suas le 130 a fheiceáil ann sa samhradh.Deilf Choiteann
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an deilf choiteann forleathan ar fud an domhain.Cur Síos
Is minic a fheictear an deilf choiteann i ráth deilfeanna, ag snámh le chéile i ngrúpa mór leis na céadta nó fiú na mílte deilf ann.Réim Bhia
Tá réim ilchineálach bhia ag an deilf choiteann. Itheann sí éisc den chuid is mó. Feictear í uaireanta cois cladaigh agus í ag snámh sa tóir ar ronnaigh agus saláin.Nead/Gnáthóg
Feictear an deilf choiteann go minic timpeall chósta na hÉireann, amach ón gcósta theas, ón gcósta thiar agus i Muir Éireann.Muc Mhara
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an mhuc mhara forleathan sa leathsféar thuaidh. Tá líon suntasach díobh amach ó chósta na hÉireann agus ó chósta na hAlban. Tá líon mór díobh i Muir Éireann chomh maith.Cur Síos
Breathnaíonn an mhuc mhara an-chosúil le deilf bheag. Bíonn sé deacair go leor í a fheiceáil. Cloistear í ag séideadh ar nós sraotha agus í ag teacht go barr uisce. Is é seo an fáth gur tugadh an t-ainm muc mhara uirthi sa Ghaeilge.Réim Bhia
Tá réim ilchineálach bhia ag an muc mhara, ronnaigh, scadáin, faoitíní agus éisc gheala san áireamh.Nead/Gnáthóg
Is nós léi fanacht cois cladaigh agus feictear í taobh istigh de 10 km ón gcladach, go minic i lochanna farraige, i gcuanta, i gcalaí, in inbhir agus in aibhneacha móra.Rón Beag
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is féidir an rón beag a fheiceáil feadh chósta na hÉireann ach bíonn sé níos minice le fáil in uiscí éadoimhne, foscúla agus in inbhir ar an gcósta thiar agus ar an gcósta thoir thuaidh.Cur Síos
Tá dhá chineál róin againn in Éirinn agus is é an rón beag (glaoitear an rón breac air freisin) an ceann is lú. Ar thalamh tirim gluaiseann an rón beag go místuama ach san uisce is snámhóir lúfar, aclaí é. Is féidir leis tumadh ar feadh suas le 15 nóiméad. Nuair a bhíonn sé i lár tumtha dúnann sé na polláirí go teann chun ocsaigin a stóráil sna matáin agus sna fuileadáin. Tugtar tarbh róin ar an rón fireann, bainirseach róin ar an rón baineann agus coileán róin ar an rón óg.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an rón beag agus tá réim, mór ilchineálach bhia aige. Itheann sé aon sórt iasc atá ar fáil go háitiúil, scadán, colmóir agus an sól san áireamh.Nead/Gnáthóg
Is fearr leis an rón beag ceantair chois cósta atá sách gainmheach. Taitníonn uiscí ciúine leis. Tagann sé isteach go calaí, cuanta agus inbhir ag fiach le haghaidh bia. Caitheann sé leath a chuid ama ar thalamh tirim ag ligean a scíthe ar ghaineamh gar don uisce. Caitheann sé an chuid eile den am san fharraige ag fiach.Míol Mór Eiteach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is é an míol mór eiteach an míol mór is fairsinge agus is forleithne de na míolta móra san Aigéan Atlantach Thuaidh.Cur Síos
Is é an míol mór eiteach an dara hainmhí is mó ar domhain (is é an míol mór gorm an t-ainmhí is mó). Is ábhar iontais é cé chomh beag is atá an chreach a itheann sé ag tógáil a mhéid san áireamh. Snámhann sé ar ard luas i dtreo a chreiche agus nuair a bhíonn an ráth iasc timpeallaithe agus gan bealach éalaithe acu casann sé ar a thaobh agus scuabann sé na héisc isteach ina bhéal. Níl fiacla ag an míol mór eiteach. Tugtar míol mór bailíneach air toisc an córas scagbheathaithe atá istigh ina bhéal aige ar a nglaoitear bailín. Deirtear go bhfuil lanna bailín cosúil le criathar nó le dallóga lataí. Slogann an míol mór eiteach méid ollmhór uisce agus ráthanna iasc le chéile agus scagann sé na héisc as an uisce ag úsáid a lanna bailín. Maireann an míol mór eiteach suas le 90 bliain.Réim Bhia
Ag brath ar an suíomh agus ar an tráth den bhliain, itheann an míol mór eiteach sliogéisc, crilleanna agus troisc. Itheann sé éisc a shnámhann le chéile i ráthanna ar nós ronnach agus scadán.Nead/Gnáthóg
Feictear an míol mór eiteach go rialta in uiscí cósta na hÉireann agus uaireanta tugtar faoi deara iad timpeall ar chinn tíre iardheiscirt na tíre. Le blianta beaga anuas, feictear níos minice iad in uiscí Éireannacha.Rón Glas
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an rón glas feadh cósta na hÉireann in aon ghnáthóg atá oiriúnach ach is iondúil go bhfeictear é ar chósta theas agus thiar na tíre.Cur Síos
Tá dhá speiceas de rón le fáil in uiscí Éireannacha agus is é an rón glas an ceann is mó. Ar thalamh tirim, gluaiseann an rón glas go místuama ach nuair a bhíonn sé san uisce is snámhóir lúfar, aclaí é. Bíonn an rón glas níos glóraí ná rónta eile, ag drannadh, ag gnúsacht, ag siosarnach agus ag tafann. Nuair a bhíonn sé faoin uisce ligeann sé sraith fuaimeanna cliceáilte as nuair a bhíonn sé ag fiach.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an rón glas a itheann éagsúlacht mhaith iasc.Nead/Gnáthóg
Is fearr leis an rón glas ceantair chósta carraigeacha sceirdiúla.Míol Mór Dronnach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá bealach taistil amach ó chósta thiar na hÉireann in úsáid ag míolta móra ag dul ón Íoslainn go dtí an Mhuir Chairib.Cur Síos
Tá nós ag an míol mór dronnach dronn a chur air féin sula dtumann sé san uisce agus a chnámh droma a lúbadh nuair a bhíonn sé ag dul faoi uisce. Níl fiacla ag an míol mór dronnach. Tugtar míol mór bailíneach air toisc an córas scagbheathaithe atá istigh ina bhéal aige ar a nglaoitear bailín. Deirtear go bhfuil lanna bailín cosúil le criathar nó le dallóga lataí. Chun é féin a bheathú ní mór dó méid ollmhór uisce le ráthanna iasc ann a shlogadh siar. Scagann sé na héisc as an uisce ag úsáid lanna bailín. Deirtear go bhfuil lanna bailín cosúil le criathar nó le dallóga lataí.Réim Bhia
Tá réim ilchineálach bhia ag an míol mór dronnach. Itheann sé crilleanna, scuideanna agus scadáin. Tumann sé san uisce trí na scoileanna iasc seo lena bhéal ar oscailt. Itheann sé cibé creach atá ar fáil sa séasúr agus san áit ina mbíonn sé agus é ag taisteal na n-aigéan.Nead/Gnáthóg
Is é an míol mór dronnach is fairsinge agus is forleithne de na mamaigh agus is féidir teacht air i mbeagnach gach aigéan ar domhain. Is cosúil go bhfuil sé breá sásta in uiscí éadoimhne cóngarach don chósta.Cráin Dhubh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an chráin dhubh le feiceáil go forleathan ar fud na n-aigéan.Cur Síos
Tá an chráin dhubh an-éirimiúil.Réim Bhia
Tá réim ilchineálach bhia ag an gcráin dhubh. Beathaíonn sí ar scadáin, ronnaigh, troisc, bradáin, scuideanna agus éin. Itheann sé droimeitigh bheaga, míolta móra dronnacha, píolótaigh, muca mara agus rónta chomh maith.Nead/Gnáthóg
Feictear líon beag díobh go rialta amach ón gcósta thiar ach is féidir teacht orthu i Muir Éireann.Deilf Stríocach
Foclóir ar Fáil