Mionainmhithe: Leibhéal 1
Seangán Capaill
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is é an seangán capaill an seangán is coitianta in Éirinn. Is feithid é. Tá sé dubh nó donn le coim chaol aige i lár an choirp. Is feithid ghníomhach é ag caitheamh a chuid ama ag lorg bia. Itheann sé feithidí beo agus marbh, síolta agus bia milis ar nós neachtar. Maireann na mílte seangán i ngrúpaí ar a nglaoitear coilíneachtaí. Déanann siad nead i gcré thirim, i bhfaichí, i gceapacha bláthanna, ag bun ballaí nó faoi chlocha cothroma. Feictear iad ag leanúint a chéile ag lorg bia. Is pailneoirí maithe iad na seangáin chapaill ag scaipeadh pailine ó bhláth go bláth. Déanann siad tollán tríd an talamh ag bogadh méideanna móra cré agus dá bharr sin bíonn sé níos éasca ar phlandaí fréamhacha a chur.Gailseach Choiteann
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is feithid shainiúil í an ghailseach choiteann. Tá dath dearg donn uirthi agus tá a corp fada. Tá ladhracha ag bun an choirp agus is féidir léi niopóg bheag a thabhairt do dhuine leo. Is feithid oíche í. Itheann sí ábhar plandúil nó ainmhíoch marbh. I rith an lae maireann sí in áiteanna taise, dorcha faoi chlocha, potaí plandaí, lomáin nó i scoilteanna agus cúinní. Is féidir teacht ar an ngailseach choiteann i ngach áit ar fud na hÉireann.Foiche Choiteann
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is feithid í an fhoiche choiteann. Tá stríoca dubha agus buí ar a corp agus tá cealg ag bun an abdómain aici. Is feithidí sóisialta iad na foichí. Maireann siad i ngrúpaí nó coilíneachtaí. Tá cráinfhoiche agus foichí oibre baineanna i ngach ghrúpa nó coilíneacht. San Earrach, tógann an chráinfhoiche an nead as adhmad coganta i seideanna adhmaid, in áiléir thithe, agus i ndíonta. I rith an tsamhraidh, beireann an chráinfhoiche suas le 25,000 ubh. Bíonn na foichí oibre baineanna ag fiach le haghaidh feithidí chun larbhaí na bhfoichí (cruimheanna óga) a bheathú. Scaoileann na larbhaí sú milis a bheathaíonn na foichí oibre. Ag deireadh an tsamhraidh, ní bhíonn aon larbhaí fágtha le beathú agus mar sin ní bhíonn aon sú milis ar fáil do na foichí oibre. Is mar gheall ar sin go mbíonn siad d’ár gcrá agus iad ag lorg ábhar milis. Ní féidir leis na foichí a gcuid bia a stóráil agus cailltear na coilíneachtaí agus na foichí iontu i lár an fhómhair. Tá foichí coiteanna an-tábhachtach dúinn mar bíonn siad gníomhach ag fiach feithidí i rith an tsamhraidh. Beathaíonn siad ar neachtar ó phlandaí agus tá siad chomh tábhachtach céanna leis na beacha ó thaobh pailniú de.Snáthaid Mhór Impireach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is feithid shainiúil í an tsnáthaid mhór impireach agus is í an tsnáthaid mhór is mó in Éirinn. Tá dath glas ar chorp na snáthaide baininne. Tá dath gorm na spéire ar chorp na snáthaide firinne. Tá súile móra cruinne aici. Tá sí 78 mm ar fad agus tá réise sciathán 106 mm ar leithead aici. Eitlíonn sí go lúfar ag tumadh ar luasanna suas le 38km san uair. Is feithid ghníomhach í ag fiach míoltóga agus feithidí eitilte eile, ar nós féileacáin. Itheann sí í ar eiteog. Ní eitlíonn sí nuair a bhíonn drochaimsir ann. Feictear an tsnáthaid mhór impireach timpeall ar lochanna, canálacha, díoga, srutháin agus portaigh. Is comhartha maith é ar chaighdeán an uisce má bhíonn an tsnáthaid mhór impireach ina cónaí sa timpeallacht.Damhán Garraí
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
5. Garden Spider Damhán Garraí Is araicnid é an damhán garraí. Tá ocht gcos air agus níl aon aintéine aige. Tá dath liathdhonn nó deargdhonn air le spotaí bána trasna a dhroim aige i gcruth croise. Sníomhann an damhán garraí líonta i gcruth rotha as síoda. Feictear na líonta ar phlandaí, i gcrainn agus in aon áit sa ghairdín a bhfuil foscadh ann ó ghaotha láidre. Bíonn líonta suas le 40 cm ar leithead. Fanann an damhán garraí go foighneach ar crochadh i lár an lín go dtí go mbíonn feithid gafa ann. Baineann an damhán garraí greim nimhiúil as an bhfeithid ghafa agus casann sé í i snáth síoda chun í a stóráil. Gach oíche, itheann an damhán garraí a líon le go leor feithidí beaga greamaithe ann. Atógann sé an líon roimh éirí na gréine. Itheann an damhán garraí go leor feithidí sa ghairdín. Beirtear ar bheacha, foichí, agus féileacáin ina líon, áfach.Beach Mheala
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is feithid bheag í an bheach mheala atá níos lú ná an bhumbóg. Níl ach beach mheala amháin atá nádúrtha in Éirinn. Tá stríoca donna dorcha agus oráiste ar a corp. Tá cúig shúil aici. Is feithidí sóisialta iad na beacha meala. Maireann siad i ngrúpaí, i gcoirceoga atá suite i gcrainn, i ndíonta foirgneamh agus i mballaí. Is féidir suas le 50,000 beach a bheith in aon choirceog amháin. Sa choirceog bíonn an chráinbheach, na hoibrithe ( na beacha baineanna) agus na ladrainn. Beireann an chráinbheach suas le 2,500 ubh in aghaidh an lae. Is iad na hoibrithe na beacha a fheicimid go hiondúil agus tá an-chuid oibre le déanamh acu. Tógann siad na caidhnte sa choirceog as an gcéir a dhéanann siad. Déanann siad mil ó neachtar bhláthanna a bhailíonn siad. Stórálann siad an mhil sna caidhnte do na larbhaí (cruimheanna óga). Déanann siad damhsa chun eolas a roinnt le chéile faoi áiteanna gur féidir bia a fháil. Cealgann na cráinbheacha agus na hoibrithe. Bíonn na ladrainn sa choirceog ag tús an tsamhraidh ach caitear amach iad ag deireadh an tsamhraidh. Níl aon chealg ag na beacha seo. I rith an gheimhridh, itheann na beacha an mhil atá stóráilte. Bailíonn siad le chéile timpeall na cráinbheiche chun iad féin a choimeád te. Is pailneoirí maithe iad beacha meala, ag pailniú plandaí fiáine agus barra.Damhán Tí
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is araicnid é an damhán tí. Tá ocht gcos air agus níl aon aintéine aige. Feictear an damhán fireann san Fhómhair, go hiondúil. Tagann sé isteach sa teach trí fhuinneoga oscailte agus bearnaí eile agus feictear é san fholcadán nó ag brostú trasna an urláir. Tá sé mór. Tá dath cróndhonn air agus tá patrún cnámh scadáin ar a dhroim. Tógann sé líon chun breith ar fheithidí. Is líon buan é. Feictear na líonta i ngaráistí, i seideanna nó i siléir agus in áiteanna nach gcuirtear isteach orthu. Fanann an damhán tí i bhfolach i rith an lae agus tagann sé amach san oíche. Itheann sé go leor feithidí - cuileoga, seangáin agus gailseacha.Bóín Dé Sheachtbhallach
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is feithid í an bhóín Dé sheachtbhallach agus is ciaróg í. Tá a sciatháin tosaigh dearg agus crua le seacht spota dhubha orthu. Cuireann dath geal na sciathán tosaigh in iúl dá creachadóirí go bhfuil blas gránna uirthi. Cosnaíonn na sciatháin chrua a sciatháin eitilte agus a corp bog. Tá sí 6-8mm ar fad. Tá cosa gearra aici a tharraingíonn sí suas fúithi nuair is gá. Tálann sí leacht bréan buí nuair a ionsaítear í. Déanann sí codladh geimhridh le bóíní Dé eile faoi dhuilleoga chun iad féin a choinneáil te. Is breá le garraíodóirí an bhóín Dé sheachtbhallach mar itheann sí aifidí a dhéanann damáiste do phlandaí sa ghairdín. Is féidir leis an mbóín Dé suas le 5,000 aifid a ithe in aghaidh na bliana.Bánóg Bheag
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is feithid í an bhánóg bheag nó an bhánóg chabáiste. Tá dath geal bán na sciatháin tosaigh. Tá barr na sciatháin dubh le spotaí orthu. Bíonn dath bánbhuí ar na sciatháin chúil. Tá réise sciathán suas le 48mm aici. Itheann boilb na bánóige bige glasraí ar nós cabáiste, cál, brocailí agus bachlóga Bhruiséile. Bíonn dath glas éadrom orthu agus iad ceilte go maith. Fanann siad ar íochtar duilleoga na gcabáistí, áit nach féidir lena gcreachadóirí teacht orthu. Cnaíonn siad trí na duilleoga ag fágáil poill iontu. Ní dhéanann féileacáin fásta damáiste do na plandaí. Feictear na féileacáin go luath san Earrach go dtí deireadh an Fhómhair. Bíonn an bhánóg bheag an-ghníomhach agus is pailneoir maith í ag dul ó bhláth go bláth ag ól neachtar.Frog
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is amfaibiach é an frog. Caitheann sé an chéad chuid dá shaol in uisce ag análú trí gheolbhaigh agus é ina thorbán. Caitheann sé an chuid eile dá shaol ar thalamh mar fhrog ag análú trína pholláirí agus é ar thalamh ach trína chraiceann agus é san uisce. Is snámhaí gasta é toisc go bhfuil cosa scamallacha, cumhachtacha aige. Bíonn dath glas go donn ar an bhfrog. Is féidir leis dath a chraicinn a éadromú nó a dhorchú ag brath ar an taise agus ar an teocht. Tá súile móra aige. Níl cluasa aige ar an taobh amuigh dá cheann ach tá poill chluaise aige taobh thiar dá shúile. Tá béal leathan aige ach ólann sé trína chraiceann. Itheann sé drúchtíní, damháin alla, péisteanna agus feithidí eile. Beireann sé orthu lena theanga fhada ghreamaitheach. Déanann sé codladh geimhridh i láib lochán nó faoi chairn duilleog nó faoi chlocha. Go luath san Earrach, beireann an frog baineann a huibheacha i locháin. Glaoitear glóthach fhroig ar na huibheacha. Déantar torbáin (larbhaí froig) díobh agus tógann sé suas le 14 sheachtain go mbíonn frog óg fásta. Is foinse mhaith bhia é an frog do mhamaigh bheaga ar nós dobharchúnna, agus d’éin ar nós corra réisc.Laghairt Choiteann
Foclóir ar Fáil
Cur Síos
Is í an laghairt choiteann an t-aon reiptíl amháin atá againn in Éirinn. Tá sí 10-16 cm ar fad. Tá cosa gearra agus eireaball fada aici. Tá dath donn, glas, liath nó cré-umha le spotaí dubha ar a craiceann garbh. Tá línte bána ar an dá thaobh dá corp aici. Is maith léi suí faoin ngrian sna tráthnónta i rith an tsamhraidh ach ní fheictear í faoi ghrian an mheán lae. Lorgaíonn sí scáth ón ngrian nuair a bhíonn sí róthe. Go hiondúil, beireann reiptílí uibheacha ach beirtear óga beo don laghairt choiteann i mí Mheán Fómhair. Is éasca iad a fheiceáil ag an am seo den bhliain. Itheann siad feithidí, damháin alla agus seilidí. Léimeann an laghairt ar a creach. Croitheann sí í ina béal sula slogann sí ina iomláine í. Déanann an laghairt choiteann codladh geimhridh ó Dheireadh Fómhair ar aghaidh. Is foinse mhaith bhia í d’éin chreiche, don phocaire gaoithe, ach go háirithe. Itheann an easóg agus an mhinc Mheiriceánach í chomh maith.Péist Talún
Foclóir ar Fáil