Mionainmhithe: Leibhéal 2
Seangán Capaill
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is féidir teacht ar an seangán capaill go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an seangán capaill. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Is é an seangán capaill an seangán is coitianta in Éirinn. Bíonn dath dubh nó donn air. Tá coim chaol aige i lár an choirp. Is feithid ghníomhach í. Caitheann sé an chuid is mó den am ag lorg bia. Maireann seangáin i ngrúpaí ar a nglaoitear coilíneachtaí. Sna coilíneachtaí seo bíonn seangáin oibre atá baineann, gan sciatháin agus idir 4-6 milliméadar ar fad. Bíonn na mílte seangán oibre in aon choilíneacht amháin. Bíonn orthu bia a bhailiú, an nead a choinneáil glan agus aire a thabhairt do na seangáin óga. Tá sciatháin ag an gcráinseangán (an bhanríon) Tá sí níos mó (15mm) agus dath donn uirthi. Beireann sí na huibheacha agus fanann sí sa nead. I mí Iúil agus Lúnasa nuair a bhíonn aimsir mheirbh ann, éiríonn na seangáin eiteacha, fireann agus baineann, ar saithe agus cúplálann siad. Eitlíonn siad ar feadh cúpla uair a chloig agus le linn an ama sin itheann éin an-chuid díobh. I gcoilíneacht seangáin capaill bíonn cráinseangán agus idir 4,000 agus 7,000 oibrí baineann.Gnáthóg
Déanann an seangán capaill nead i gcré thirim, i bhfaichí, i gceapacha bláthanna, ag bun ballaí nó faoi chlocha cothroma. Feictear iad ag leanúint a chéile ag lorg bia.Bithéagsúlacht
Is pailneoirí maithe iad na seangáin chapaill ag scaipeadh pailine ó bhláth go bláth. Déanann seangáin chapaill tollán tríd an talamh ag bogadh méideanna móra cré. Cabhraíonn an tollánú seo ocsaigin a chur sa chré agus bíonn sé níos éasca ar phlandaí fréamhacha a chur dá bharr sin. Is foinse bhia riachtanach í an seangán capaill d’éin, damháin alla, éisc, froganna, feithidí eile agus mamaigh.Leamhan Tí Donn
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an leamhan tí donn go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an leamhan tí donn. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Is leamhan beag é an leamhan tí donn. Tá dath cré-umha donn air le spotaí dubha ar a chuid sciathán. Is feithid oíche é. Eitlíonn sé i rith na bliana ar fad ach feictear níos minice é idir Márta agus Deireadh Fómhair. Ní oireann fuacht an gheimhridh dó agus maireann sé taobh istigh. Beathaíonn boilb an leamhan tí donn ar dhramhaíl tí (síolta, rís agus plúr) a aimsítear taobh thiar de chláir sciorta i dtithe. Beathaíonn siad ar éadach nádúrtha, éadaí olla agus cairpéid freisin.Gnáthóg
Maireann an leamhan tí donn taobh istigh go hiondúil. Le titim na hoíche mealltar é ag soilse tí agus eitlíonn sé isteach trí fhuinneog nó doras oscailte agus feictear ansin é ar bhallaí an tí.Bithéagsúlacht
Is cuid thábhachtach den bhithéagsúlacht iad na leamhain. Is pailneoirí maithe iad agus is foinse mhaith bhia iad d’éin, d’fheithidí eile agus do mhamaigh bheaga. Ach meastar gur crá croí iad áfach, toisc go ndéanann siad damáiste d’éadaí agus éadach sa teach agus iad ag beathú.Gailseach Choiteann
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an ghailseach choiteann le feiceáil go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an ghailseach choiteann. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Is feithid shainiúil í an ghailseach agus bíonn sí le feiceáil i rith na bliana ar fad. Tá dath dearg donn uirthi agus tá a corp fada, cothrom idir 8 agus 18 mm ar fad. Tá ladhracha ag bun an choirp chun eagla a chur ar chreachadóirí. Is féidir leis an ngailseach niopóg bheag a thabhairt do dhuine leis an ladhracha seo chomh maith. Tá ladhracha cuartha ag an ngailseach fhireann agus ladhracha díreacha ag an ngailseach bhaineann. Is feithid oíche í. Itheann sí ábhar plandúil nó ainmhíoch marbh. Uaireanta, beathaíonn sí ar dhuilleoga óga, peitil bhláthanna agus roinnt torthaí, ar nós sútha talún agus dá bhrí sin meastar gur feithid lotnaide í. I rith an lae maireann sí in áiteanna taise, dorcha faoi chlocha, potaí plandaí, lomáin nó i scoilteanna agus cúinní.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an ghailseach choiteann i ngach áit, i bhféarach, i ngnáthóga bhogaigh, i gcoillearnacha, i gceantair chósta, ar fheirmeacha agus i ngairdíní.Bithéagsúlacht
Is cuid thábhachtach den éiceachóras í an ghailseach choiteann. Itheann gailseacha fásra atá ag lobhadh, ag athchúrsáil na cothaithigh ar ais sa chré. Creachann gailseacha cuileanna glasa agus lotnaidí eile a itheann plandaí beaga.Foiche Choiteann
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an fhoiche choiteann go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an fhoiche choiteann. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Tá stríoca dubha agus buí ar a corp agus aghaidh shainiúil atá buí agus dubh aici. Tá sí suas le 2 cm ar fad agus bíonn an chealg ag bun an abdómain aici. Is feithidí sóisialta iad na foichí a maireann i ngrúpaí nó coilíneachtaí. Níl bealach ar bith ag foichí a gcuid bia a stóráil agus mar gheall ar sin cailltear na coilíneachtaí agus na foichí iontu i lár an fhómhair. Is iad na cráinfhoichí cúpláilte amháin a thagann slán tríd an gheimhreadh agus a dhéanann codladh geimhridh. San Earrach, tógann an chráinfhoiche an nead as adhmad coganta. Bíonn teacht ar neadacha i seideanna adhmaid, in áiléir thithe, agus i ndíonta. Bíonn an nead bheag i dtús mar go mbíonn ar an gcráinfhoiche oibrithe baineanna a thógáil. Críochnaíonn na foichí oibre an nead. I rith an tsamhraidh caitheann an chráinfhoiche a cuid ama ar fad ag breith uibheacha. Is féidir le cráinfhoiche amháin suas le 25,000 ubh a bhreith. Caitheann na foichí oibre baineanna a gcuid ama ag fiach le haghaidh feithidí chun larbhaí na bhfoichí (cruimheanna óga) a bheathú. Cognaíonn siad an chreach agus déanann siad meallóga bhia di le tabhairt do na larbhaí. Scaoileann na larbhaí sú milis a bheathaíonn na foichí oibre. Ag deireadh an tsamhraidh beireann an chráinfhoiche foichí fireanna amháin. Cúplálann na foichí fireanna leis na foichí móra baineanna (na cráinfhoichí nua). Ag druidim le deireadh an tsamhraidh ní bhíonn aon larbhaí fágtha le beathú agus mar sin ní bhíonn aon sú milis ar fáil do na foichí oibre. Is ag an am seo den séasúr a thugaimid faoi deara go mbíonn cuma ionsaitheach ar na foichí agus iad ag lorg ábhar milis. Is mar gheall ar sin go mbíonn siad ina gcrá croí dúinne.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an bhfoiche choiteann i ngach gnáthóg idir ceantair thuaithe agus uirbeacha.Bithéagsúlacht
Is cuid an-tábhachtach de bhithéagsúlacht an domhain iad na foichí coiteanna. Beathaíonn siad ar neachtar ó phlandaí agus tá siad chomh tábhachtach céanna leis na beacha ó thaobh pailniú de. Bíonn na foichí fíoréifeachtach ag coimeád srian ar lotnaidí agus bíonn siad gníomhach ag fiach feithidí ar nós boilb a dhéanann an-chuid damáiste do bharra. Is foinse bhia iad d’éin chomh maith.Dreoilín Teaspaigh
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is féidir teacht ar an dreoilín teaspaigh go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an dreoilín teaspaigh. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Tá an dreoilín teaspaigh 18-24 mm ar fad agus bíonn dath glasdhonn air. Bíonn a chorp breactha le marcanna agus barra dorcha. Bíonn sé deacair é a fheiceáil agus é ceilte go maith san fhéar. Tá íochtar a choirp an-ghruagach. Tá a chosa deiridh cumhachtach agus is féidir leis léim go hard san aer. Tá sé thar cionn ag eitilt. Is luibhiteoir é, ag beathú ar fhéara. Feictear dreoilíní teaspaigh fásta ó Mheitheamh ar aghaidh. I rith laethanta teo an tsamhraidh, is féidir é a fheiceáil amuigh faoin aer, ar bhallaí agus ar chosáin, ag iarraidh leas a bhaint as solas agus teas na gréine. Déanann na dreoilíní teaspaigh fireanna fuaim bhíogarnaí arís agus arís eile agus iad ag cuimilt a gcos lena sciatháin chun aird na bhfeithidí baineanna a tharraingt orthu féin. Beireann an dreoilín teaspaigh baineann a huibheacha sa chré agus tagann siad amach an samhradh dár gcionn.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dreoilín teaspaigh i móinéir fhéarmhara, grianmhara, i bpáirceanna agus ar imill fhéarmhara cois bóithre.Bithéagsúlacht
Is cuid thábhachtach den éiceachóras féaraigh í an dreoilín teaspaigh ag athchúrsáil na cothaithigh ar ais sa chré. Is foinse shaibhir bhia í d’éin, ialtóga agus froganna.Galán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an galán go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an galán. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Is cuileog é an galán atá cosúil le muiscít le cosa fada ach níl aon dochar ann. Tá sé 25mm ar fad le réise sciathán 60mm ar leithead. Tá dath liathdhonn air. Tá a chosa fíneálta agus scoitear go héasca ón gcorp iad. Tá na sciatháin tréshoilseach. ‘Snáthaid an Phúca’ nó ‘Pilib an Gheataire’ a thugtar mar ainmneacha air go minic. Is feithid oíche é agus meallann soilse geala chucu iad sna tráthnónta dorcha. Ag deireadh an tsamhraidh agus i rith fhómhair is mó a fheictear iad. Tugtar cruimheanna na snáthaide móire ar larbhaí an ghaláin. Maireann siad sa chré agus beathaíonn siad ar fhréamhacha phlandaí, féara ach go háirithe. Ní maith le garraíodóirí cruimheanna na snáthaide móire toisc go ndéanann siad an-chuid damáiste do bharra. Is lotnaidí iad, dar leo.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an ngalán i móinéir, ar thalamh féaraigh agus i gcoillearnacha taise, caonaigh.Bithéagsúlacht
Cabhraíonn cruimheanna na snáthaide móire (larbhaí an ghaláin) le héiceachóras na cré a leasú mar athchúrsálann siad duilleoga agus fásra feoite. Is foinse bhia mhaith iad d’éin, snaganna breaca, préacháin, rúcaigh agus druideanna, ach go háirithe. Is foinse bhia mhaith an galán fásta d’éisc, damháin alla, froganna, éin agus mamaigh.Snáthaid Mhór Impireach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Aimsítear an tsnáthaid mhór impireach in oirthear agus i ndeisceart na hÉireann in áiteanna ina bhfuil uisce iontu.Fíricí
Is feithid í an tsnáthaid mhór impireach. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Is feithid shainiúil í an tsnáthaid mhór impireach agus is í an tsnáthaid mhór is mó in Éirinn. Tá sí 78 mm ar fad agus tá réise sciathán 106 mm ar leithead aici. Eitlíonn sí go lúfar, aclaí, ag tumadh ar luasanna suas le 38km san uair. Tá dath glas ar chorp na snáthaide baininne. Tá dath gorm na spéire ar chorp na snáthaide firinne. Tá súile móra cruinne aici. Tá radharc na súl go hiontach maith aici atá riachtanach agus í ar a hairdeall chun creachadóirí a fheiceáil. Is sealgaire gníomhach é ag creachadh míoltóga agus feithidí eitilte eile, ar nós féileacáin. Beireann sí ar a creach agus itheann sí í ar eiteog. Feictear an tSnáthaid Mhór Impireach ar laethanta geala, gréine an tsamhraidh ó Bhealtaine go Meán Fómhair. Ní eitlíonn sí nuair a bhíonn drochaimsir ann. Téann sí ar foscadh ón ngaoth agus ón mbáisteach i bhfásra go dtí go mbíonn an ghrian ag taitneamh arís. Beireann an tsnáthaid bhaineann a huibheacha i bhfiailí locháin agus is larbhaí uisceacha iad na nimfeacha. Caitheann siad idir 1-2 bhliain san uisce sula bhfásann a sciatháin. San uisce beathaíonn na nimfeacha ar thorbáin, larbhaí uisceacha eile agus éisc bheaga.Gnáthóg
Feictear an tSnáthaid Mhór Impireach timpeall ar locháin le fásra iontu, ar nós lochanna, canálacha, díoga, srutháin agus portaigh. Is fíorannamh a fheictear í i ngnáthóga gan uisce.Bithéagsúlacht
Tá goile craosach ag an tSnáthaid Mhór Impireach, ag ithe flúirse feithidí. Coinníonn sí srian ar líon na bhfeithidí díobhálacha ar nós muiscítí agus creabhair chapaill. Is foinse mhaith bhia í d’éin, damháin alla, froganna agus niúit. Is comhartha maith é ar chaighdeán an uisce má bhíonn an tSnáthaid Mhór Impireach ina cónaí sa timpeallacht. Beathaíonn sí ar orgánaigh díobhálacha an locháin ar nós larbhaí muiscítí, ag cur stop lena bhforbairt sula ndéanann siad aon damáiste.Damhán Garraí
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Is féidir teacht ar an ndamhán garraí go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is araicnid é an damhán garraí. Tá ocht gcos air agus éagsúil le feithidí eile, níl aon aintéine aige. Tá dath liathdhonn nó deargdhonn air le spotaí bána trasna a dhroim aige i gcruth croise. Is mar gheall ar sin a thugtar damhán na croise mar ainm air chomh maith. Tá na damháin bhaineanna dhá oiread níos mó ná na damháin fhireanna. Sníomhann an damhán garraí líonta cothroma bíseacha, i gcruth rotha, as síoda ar a dtugtar téada damhán alla. Feictear na líonta i bhfálta sceach, ar phlandaí, i bpóirsí agus i gcrainn, in aon áit a bhfuil foscadh ann ó ghaotha láidre. Bíonn líonta suas le 40 cm ar leithead. Nuair a bhíonn an líon sníofa, fanann an damhán garraí ar crochadh i lár an lín. Fanann sé go foighneach go dtagann feithid mhí-ámharach sa líon greamaitheach. Bíonn aird an damháin alla ar an bhfeithid ghafa atá ag streachailt agus baineann sé mothú aisti le greim nimhiúil. Casann an damhán alla an fheithid i snáth síoda chun í a stóráil. Gach oíche itheann an damhán garraí a líon le go leor feithidí beaga greamaithe ann. Atógann sé an líon roimh éirí na gréine.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an damhán garraí i dtalamh féaraigh, i gcoillearnacha agus i ngairdíní.Bithéagsúlacht
Tá goile craosach ag an damhán garraí, rud atá le leas na bithéagsúlachta. Itheann siad flúirse feithidí sa ghairdín ar nós aifidí, muiscítí agus cuileoga a dhéanann damáiste do bharra agus do bhláthanna. Beirtear ar bheacha, foichí, agus féileacáin i líonta an damháin garraí áfach.Cuil Ghlas
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an chuil ghlas go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is aifid í an chuil ghlas. Glaoitear aifid ar fheithid le corp bog, piorrachruthach a dhiúlann sú ó phlandaí chun í féin a bheathú. Nuair a bhíonn líon beag aifidí ag beathú ar phlanda ní dhéantar mórán damáiste dó. Nuair a ionsaíonn méid mór aifidí an planda lagaítear é agus déantar dochar dona torthaí agus na bláthanna. Is feithidí beaga iad na cuileoga glasa, timpeall is 1-3mm ar fad. Is féidir dath glas, buí, donn nó bán dearg a bheith orthu. Tá cuileoga glasa le sciatháin agus cinn eile gan sciatháin ann. Diúlann an chuil ghlas sú ó phlandaí tríd a béal atá cosúil le tiúb. Sánn sí isteach sa phlanda í agus í ag beathú.Gnáthóg
Feictear cuileoga glasa ar gach sórt planda sa ghairdín ar íochtar na nduilleog.Bithéagsúlacht
Is foinse shaibhir bhia í an chuil ghlas do chuairteoirí éagsúla chun an ghairdín. Creachann éin iad, an meantán gorm ach go háirithe. Tógann gealbhain cuileoga glasa iad chun a ngearrcaigh a bheathú. Seilgeann feithidí fóinteacha iad, ar nós bóíní Dé agus beacha gabhair agus is maith an rud é feithidí mar iad a mhealladh isteach sa ghairdín. Itheann gailseacha cuileoga glasa freisin.Beach Mheala
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an bheach mheala le feiceáil go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bheach mheala. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Níl ach beach mheala amháin atá nádúrtha in Éirinn. Is feithid bheag í an bheach mheala i gcomparáid leis an mbumbóg. Tá ribí fíneálta gruaige ar a corp stríocach. Tá stríoca donna dorcha, beagnach dubh agus oráiste ar a corp. Tá cúig shúil aici. Is feithidí sóisialta iad na beacha meala. Comhoibríonn siad le chéile agus maireann siad i ngrúpaí, i neadacha nó i gcoirceoga atá suite i gcrainn, i ndíonta foirgneamh agus i mballaí. Istigh sa choirceog bíonn trí chineál beiche agus obair ar leith le déanamh acu. i) An chráinbheach ii) na hoibrithe ( na beacha baineanna) iii) na ladrainn Tá an chráinbheach dhá oiread níos faide ná na hoibrithe. Beireann sí na huibheacha a chruthaíonn an chéad ghlúin beach eile. Beireann sí suas le 2,500 ubh in aghaidh an lae. Tá na hoibrithe níos lú agus is iad seo na beacha a fheicimid go hiondúil. Tá an-chuid oibre le déanamh acu. Tógann siad na caidhnte sa choirceog as an gcéir a dhéanann siad. Déanann siad an bia i bhfoirm mheala ó neachtar bhláthanna a bhailíonn agus a stórálann siad sna caidhnte. Is bia do na larbhaí (cruimheanna óga) an mhil seo. Greadann siad a sciatháin chun an choirceog a choimeád glan agus aeraithe. Roinneann na hoibrithe eolas faoi fhoinse bhia sa chomharsanacht le chéile trí damhsa a dhéanamh. Cealgann na cráinbheacha agus na hoibrithe. Tá na ladrainn níos mó ná na hoibrithe agus bíonn siadsan i láthair i dtús an tsamhraidh ach caitear amach as an gcoirceog iad ag deireadh an tsamhraidh. Níl aon chealg ag na beacha seo. I rith an gheimhridh beathaíonn na beacha atá fágtha ar an mil stóráilte agus pailin go dtí an tEarrach. Bailíonn siad le chéile timpeall na cráinbheiche chun iad féin a choimeád te.Gnáthóg
Is féidir leis na beacha meala maireachtáil i dtimpeallacht nádúrtha nó bainistithe trí bheachaireacht. Eitlíonn siad i ngairdíní, i gcoillearnacha, in úlloird agus in áiteanna eile ina bhfuil flúirse bhláthanna.Bithéagsúlacht
Is pailneoirí maithe iad beacha meala, ag pailniú plandaí fiáine agus barra. Bíonn suas le 50,000 beach i ngnáthchoilíneacht agus is acmhainn thábhachtach iad mar phailneoirí bharra.Damhán Tí
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an damhán tí go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is araicnid é an damhán tí. Tá ocht gcos air agus éagsúil le feithidí eile, níl aon aintéine aige. Feictear an damhán fireann san Fhómhair, go hiondúil. Tagann sé isteach sa teach trí fhuinneoga oscailte, anuas simléir agus trí bhearnaí. Is ag an tráth seo den bhliain a fheictear an damhán tí san fholcadán nó ag brostú trasna an urláir. Tá sé mór. Tá dath cróndhonn air agus tá patrún cnámh scadáin ar a dhroim. Tógann sé líon chun breith ar fheithidí. Is líon buan é. Feictear na líonta i ngaráistí, i seideanna nó i siléir agus in áiteanna nach gcuirtear isteach orthu. Fanann an damhán tí i bhfolach i rith an lae agus tagann sé amach san oíche.Gnáthóg
Feictear an damhán tí i ngairdíní, cróite, íoslaigh, áiléir, seideanna agus tithe.Bithéagsúlacht
Is creachadóir é an damhán tí. Itheann sé flúirse feithidí; cuileoga, seangáin, gailseacha agus muiscítí, ag cur srian leis na lotnaidí seo go nádúrtha.Bóín Dé Sheachtbhallach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá teacht ar an mbóín Dé sheachtbhallach go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bhóín Dé sheachtbhallach. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Is ciaróg í. Tá a sciatháin tosaigh crua. Cosnaíonn siad seo a sciatháin eitilte fíneálta agus íochtar bog a coirp. Is bóín Dé coitianta í. Tá sí 6-8mm ar fad. Tá cosa gearra aici a tharraingíonn sí suas fúithi nuair is gá. Tá a sciatháin tosaigh dearg le 7 spota dhubha orthu. Cuireann dath geal na sciathán in iúl dá creachadóirí go bhfuil blas gránna uirthi. Nuair a ionsaítear í tálann sí leacht bréan buí. Déanann sí codladh geimhridh le bóíní Dé eile, cuachta le chéile faoi lomáin nó faoi dhuilleoga chun iad féin a choinneáil te.Gnáthóg
Feictear an bhóín Dé sheachtbhallach i bhfásra cosúil le crainn, fálta sceach agus talamh féaraigh. In áiteanna mar seo bíonn flúirse aifidí ann mar bhia.Bithéagsúlacht
Is breá le garraíodóirí an bhóín Dé sheachtbhallach mar itheann sí aifidí a dhéanann damáiste do phlandaí sa ghairdín. Is féidir leis an bhóín Dé suas le 5,000 aifid a ithe in aghaidh na bliana. Bíonn na bóíní Dé fíoréifeachtach ag coimeád srian ar lotnaidí.Bánóg Bheag
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá teacht ar an mbánóg bheag go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bhánóg bheag nó an bhánóg chabáiste. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Tá dath geal bán ar an dá sciathán tosaigh. Tá barr na sciatháin dubh agus tá spota dubh nó dhó orthu. De ghnáth bíonn spota dubh amháin ag an mbánóg bheag fhireann agus dhá spota ag an bhféileacán baineann. Bíonn dath bánbhuí ar na sciatháin chúil. Tá réise sciathán suas le 48mm aici. Itheann boilb na bánóige bige glasraí ar nós cabáiste, cál, brocailí agus bachlóga Bhruiséile. Bíonn dath glas éadrom orthu agus iad ceilte go maith ina dtimpeallacht dá bharr sin. Feictear iad ar íochtar duilleoga na gcabáistí, áit nach féidir lena gcreachadóirí teacht orthu. Cnaíonn siad trí na duilleoga ag fágáil poill iontu agus mar gheall ar sin meastar gur lotnaidí iad. Ní dhéanann féileacáin fásta damáiste do na plandaí. Feictear na féileacáin go luath san Earrach go dtí deireadh an Fhómhair.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mbánóg bheag i raon de ghnáthóga difriúla ach feictear iad i ngairdíní agus in áiteanna a fhástar cabáistí.Bithéagsúlacht
Bíonn an bhánóg bheag an-ghníomhach agus is pailneoir maith í ag dul ó bhláth go bláth ag ól neachtar. Caisearbháin, seamra dearga, miontas agus sútha talún is rogha léi go hiondúil. Is foinse mhaith bhia í d’éin agus d’fheithidí móra go príomha ach do mhamaigh bheaga chomh maith.Ruán Beag
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá teacht ar an ruán beag go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an ruán beag. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Bíonn an ruán beag dearg oráiste le marcanna dubha air. Tá spotaí gorma timpeall imill na sciathán. Tá réise sciathán suas le 55mm aige. Déanann sé codladh geimhridh san fhómhar, i dtithe, seideanna, agus rosáin dhlúth. Tá bolb an ruáin bhig dubh le línte gealbhuí ar thaobh an choirp. Beathaíonn sé ar an neantóg.Gnáthóg
Tá teacht ar an ruán beag i ngairdíní, fálta sceach agus coillearnacha.Bithéagsúlacht
Is pailneoir maith é an ruán beag agus feictear go minic é ag dul ó bhláth go bláth ag ól neachtar. Caisearbháin, feochadáin agus fraoch is rogha leis. Beathaíonn na boilb ar neantóga ag cur srian le fás an phlanda seo. Is foinse mhaith bhia iad na boilb d’éin agus d’fheithidí go príomha ach beathaíonn mamaigh bheaga orthu chomh maith.Céadchosach Donn
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá teacht ar an gcéadchosach donn ar fud na hÉireann.Fíricí
Áirítear an céadchosach donn mar artrapód. Níl cnámh droma inmheánach ag artrapóid ach tá clúdach crua ar an taobh amuigh dá chorp. Tá go leor codanna nasctha le chéile i gcorp an artrapóid. Tá an céadchosach donn idir 18mm agus 30mm ar fad. Tá sé tanaí. Tá dath cnódhonn nó rua air. Tá 15 péire cos aige, péire do gach cuid dá chorp. Tá crúba nimhiúil aige ar gach taobh dá cheann agus gialla láidre prioctha aige a úsáideann sé chun a chreach a mharú. Níl radharc na súl go maith aige. Úsáideann sé a aintéiní fada agus a chosa fada dubha chun eolas a fháil ar a thimpeallacht. Beathaíonn sé ar fheithidí beaga, damháin alla, drúchtíní agus péisteanna san áireamh. Seilgeann sé san oíche. Is féidir leis an gcéadchosach donn siúl siar is aniar chomh tapa céanna agus déanfaidh sé iarracht rith níos tapa ná a chreachadóirí chun éalú uathu. Is féidir leis a chosa a ligean uaidh chun éalú ó bheith gafa agus fásann siad arís.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcéadchosach donn faoi charraigeacha, lomáin, carnán duilleog i ngairdíní, talamh féaraigh agus talamh feirme. Is maith leis áiteanna taise.Bithéagsúlacht
Is breá le garraíodóirí an céadchosach donn mar maraíonn sé go leor lotnaidí gairdín ar nós drúchtíní. Is foinse mhaith bhia é do mhamaigh ar nós dallóga fraoigh, éin agus buafa.Bumbóg Earrbhán
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá teacht ar an mbumbóg earrbhán go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bhumbóg earrbhán. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Tá a corp clúmhach le stríoca dubha agus líomóidbhuí. Tá eireaball bán aici. Tá an bhumbóg earrbhán 2cm ar fad. Feictear í ag beathú ar bhláthanna ó thús an Earraigh go dtí mí na Samhna. Is beach shóisialta í a mhaireann i gcoilíneacht in éineacht le timpeall is 200 beach oibre. Déanann an chráinbheach codladh geimhridh ina haonar sa chré ar feadh an gheimhridh agus nuair a dhúisíonn sí san Earrach tosaíonn sí ag tógáil a neide. Is féidir neadacha a aimsiú sa talamh, i dtomóga féir, i mboscaí éan nó i seideanna. Beireann sí a huibheacha i dtulán céarach agus pailine. Is beacha oibre baineanna uile a thagann as na huibheacha seo. Bailíonn siad neachtar agus pailin ó bhláthanna chun na hóga a bheathú. Coimeádann siad an nead glan. Ní fhágann an chráinbheach an nead ach leanann sí uirthi ag breith uibheacha. Níos déanaí sa samhradh beirtear beacha nach oibrithe a thuilleadh iad. Is beacha baineanna (cráinbheacha nua) nó beacha fireanna iad seo. Fágann na beacha fireanna an nead agus cúplálann siad leis na cráinbheacha nua a bhíonn ag beathú gan stad ar phailin agus neachtar. Stórálann siad an bia ionas go mbeidh siad ábalta codladh geimhridh a dhéanamh. Faigheann an tseanchráinbheach, na hoibrithe agus na beacha fireanna go léir bás faoin Fhómhar. De na bumbóga ar fad is iad na cráinbheacha nua amháin a thagann slán.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mbumbóg earrbhán i ngairdíní, páirceanna, talamh feirme agus áit ar bith ina bhfásann bláthanna.Bithéagsúlacht
Is pailneoir iontach é an bhumbóg earrbhán a chabhraíonn go mór le pailniú na mbarr a ithimid agus na bláthanna fiáine a fheicimid sa samhradh. Tá an bhumbóg earrbhán ríthábhachtach i saol phlandaí, feithidí, éin, mamaigh agus daoine. Tá an dúlra ag brath go mór ar na bumbóga agus an obair riachtanach a dhéanann siad.Cláirseach
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an chláirseach go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is crústach a mhaireann ar talamh í an chláirseach. Ní feithid í agus tá gaol aici leis an ribe róibéis, an gliomach agus an portán. Cosúil lena gaolta uisceacha, análaíonn sí trína geolbhaigh. Triomaíonn sí amach go héasca agus dá bhrí sin is fearr léi maireachtáil in áiteanna taise, fliucha. Tá sí timpeall is 14 mm ar fad. Tá sí cothrom, ubhchruthach agus liath. Tá clúdach crua, mín ar an taobh amuigh dá corp atá cosúil le harmúr. Tá seacht ndeighleog choirp aici agus péire cos ar gach deighleog. Nuair a bhraitheann sí go bhfuil sí i gcontúirt is féidir léi meall a dhéanamh di féin. Itheann an chláirseach gach cineál ábhair atá ag lobhadh. Téann sí i bhfolach i rith an lae agus tagann sí amach san oíche. Tá púitse ag an gcláirseach bhaineann atá cosúil le púitse cangarú agus úsáideann sí é chun a hóga a iompar. Beireann sí a huibheacha sa phúitse agus tagann siad amach ann.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcláirseach faoi charraigeacha agus lomáin, i gcairn múirín agus in aon áit a mbíonn fásra ag lobhadh. Is maith léi áiteanna fionnuara, taise, dorcha.Bithéagsúlacht
Beathaíonn an chláirseach ar fhásra atá ag lobhadh agus cabhraíonn sí go mór sa ghairdín ag athchúrsáil na cothaithigh ar ais sa chré.Frog
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Tá an frog le feiceáil go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is amfaibiach é an frog. Caitheann sé an chéad chuid dá shaol (ina larbha) in uisce ag análú trí gheolbhaigh agus an chuid eile dá shaol ar thalamh ag análú trí scamhóga (ina fhrog fásta). Níl ach an t-aon speiceas de fhrog in Éirinn. Tá an frog timpeall is 9 cm ar fad. Is snámhaí gasta é toisc go bhfuil a chosa deiridh cumhachtach agus go bhfuil cosa scamallacha aige. Tá éagsúlacht dathanna ar an bhfrog ó ghlas go donn agus buí. Is féidir leis an bhfrog dath a chraicinn a éadromú nó a dhorchú ag brath ar an taise agus ar an teocht. Tarlaíonn an t-athrú datha seo thar thréimhse dhá uair a chloig. Tá súile móra aige a bhíonn airdeallach faoi ghluaiseachtaí thart timpeall air. Níl cluasa aige ar an taobh amuigh dá cheann ach tá poill chluaise aige taobh thiar dá shúile. Análaíonn sé trína pholláirí agus é ar thalamh ach trína chraiceann agus é san uisce. Cé go bhfuil béal leathan aige ólann sé trína chraiceann. Beathaíonn sé ar dhrúchtíní, damháin alla, péisteanna agus feithidí eile. Beireann sé orthu lena theanga fhada ghreamaitheach. Itheann sé a chreach ina iomláine agus úsáideann sé a shúile chun an bia a bhrú síos a scornach. Déanann sé a chodladh geimhridh i láib lochán nó faoi chairn duilleog atá ag lobhadh, faoi lomáin nó faoi chlocha. Go luath san Earrach bailíonn froganna le chéile le cúpláil. Beireann an frog baineann a huibheacha i meallta i locháin. Glaoitear glóthach fhroig ar na huibheacha seo. Déantar torbáin (larbhaí froig) díobh agus tógann sé suas le 14 sheachtain go mbíonn frog óg fásta.Gnáthóg
Maireann an frog ar thalamh i bhfásra tais, tomóga féir, coillearnacha agus fálta sceach.Bithéagsúlacht
Is cuid thábhachtach den éiceachóras é an frog mar itheann sé éagsúlacht fheithidí; drúchtíní agus seilidí a dhéanann damáiste do bharra agus plandaí gairdín. Is foinse mhaith bhia é do mhamaigh bheaga ar nós dobharchúnna, agus d’éin ar nós corra réisc.Laghairt Choiteann
Foclóir ar Fáil
Dáileadh
Feictear an laghairt choiteann go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is í an laghairt choiteann an t-aon reiptíl amháin atá againn in Éirinn. Tá sí 10-16 cm ar fad. Tá cosa gearra agus eireaball fada aici. Tá dath donn, glas, liath nó cré-umha le spotaí dubha ar a craiceann garbh, carrach. Tá línte bána breaca ar an dá thaobh dá corp aici. Nuair a bhíonn an laghairt choiteann fuar suíonn sí faoi sholas na gréine á grianadh féin. Má bhíonn sí róthe téann sí ar foscadh ón ngrian. Is annamh a fheictear í faoi ghrian an mheán lae. Is i mí Aibreáin a chúplálann laghairteanna coiteanna. Beirtear óga beo don laghairt choiteann, rud atá neamhghnách do reiptílí. Go hiondúil, beireann reiptílí uibheacha. Beirtear laghairteanna óga i mí Mheán Fómhair. Is éasca iad a fheiceáil ag an am seo den bhliain. Beathaíonn siad ar fheithidí, damháin alla agus seilidí. Léimeann an laghairt ar a creach. Croitheann sí í ina béal sula slogann sí ina iomláine í. Tá roinnt creachadóirí a sheilgeann an laghairt choiteann ach má bheirtear ar a heireaball is féidir léi an chuid íochtarach de a ligean uaithi agus éalú. Fásann an t-eireaball arís. Déanann an laghairt choiteann codladh geimhridh ó Dheireadh Fómhair ar aghaidh.Gnáthóg
Feictear an laghairt choiteann i gcoillearnacha, ar thalamh féaraigh, i riasca, portaigh agus dumhcha.Bithéagsúlacht
Is cuid thábhachtach den éiceachóras í an laghairt choiteann mar itheann sí éagsúlacht fheithidí, damháin alla, drúchtíní agus seilidí. Is foinse mhaith bhia í d’éin chreiche, don phocaire gaoithe, ach go háirithe. Itheann an easóg agus an mhinc Mheiriceánach í chomh maith.Péist Talún
Foclóir ar Fáil