‘A Chóilín,’ arsa m’athair liom maidin amháin tar éis an bhricfeasta, agus mé ag cur mo chuid leabhar le chéile le bheith ag bogadh liom ar scoil, ‘a Chóilín,’ ar seisean, ‘tá gnaithe agam díot inniu. Inseoidh Seán don mháistir gur mise a choinnigh sa mbaile thú, nó ’sé an chaoi beidh sé ag ceapadh gurb i bhfolach atá tú, mar a bhís an tseachtain seo a ghabh tharainn. Ná déan dearmad anois air, a Sheáin.’
‘Ní dhéanfad, a athair’, arsa Seán agus pus air. Ní raibh sé róbhuíoch faoi rá is nach de féin a bhí gnó ag m’athair. Bhí an mac seo go ríshásta, mar ní raibh mo cheachtanna ach go dona agam agus gheall an máistir greasáil dom an lá roimhe sin mura mbeidís ar bharr mo ghoib agam an chéad lá eile.
‘’Séard a dhéanfas tú, a Chóilín,’ arsa m’athair nuair a bhí Seán bailithe leis, ‘an t-asal agus an cairrín a thabhairt leat go Scríb agus ualach cíbe a tharraingt abhaile. Tá sí á baint ag Micilín Mháire dhom. Beimid ag tosaí ar an gceann nua a chur ar an teach arú amárach le cúnamh Dé, má sheasann an aimsir.’
‘Thug Micilín an t-asal agus an carr leis ar maidin,’ arsa mise.
‘Beidh ort é a thabhairt faoi na bonnacha, mar sin, a mhic ó,’ arsa m’athair. ‘Chomh luath is a bhéas ualach asail bainte ag Micilín, croch thusa abhaile leat ar an gcarr é agus réabadh Micilín leis go mbí sé dubh. Tarraingeoimid an chuid eile amárach.’
Níorbh fhada go rabhas ag baint coiscéime den bhóthar. Thugas mo chúl ar Chill Bhriocáin agus m’aghaidh ar an Turlach. D’fhágas an Turlach i mo dhiaidh agus rinneas ar an nGort Mór. Sheasas scaitheamh ag féachaint ar bhád rámha a bhí ar thonn Loch Eiliúrach, agus scaitheamh eile ag spallaíocht le cuid de bhuachaillí an Inbhir a bhí mall ag triall ar scoil an Ghoirt Mhóir. D’fhágas mo bheannacht acu sin ag geata na scoile, agus ráiníos Gleann Chatha. Sheasas an tríú huair ag breathnú ar iolar mór a bhí á ghrianadh féin ar Charraig an Chapaill. Soir liom ansin go rabhas i nDoire an Bhainbh, agus ní raibh an uair go leith caite nuair a ghlanas Droichead na Glaise Duibhe.
Leathanach 1