Na rudaí beaga go léir a thugann Sean-Bhríd léi ní bhíonn aon chaint acu ná ní fhéadfaidís rith ná siúl!
Ní dóigh liom go raibh mise riamh mar sin. Bhí caint mo dhóthain riamh agam—an iomad a deir mo Mham. Níl aon leigheas agam air. Bíonn rudaí istigh ionam agus ní fhanfaidís socair gan iad a rá. Mura liginn amach iad bheadh tinneas orm acu, agus is dócha
go bhfaighinn bás.
Ach tá rith maith agam, leis. Rug mé ar an ngamhain bán inné; agus rug mé na cosa ó mo Mham nuair a thug sí seáp i mo dhiaidh i dtaobh an chíste uachtair a ithe! Tá fhios agat, bhí súil aici an tráthnóna sin le hinín Mháire Aindí bhí tar éis teacht abhaile ó Bhaile Átha Cliath, agus dhein sí císte uachtair ina comhair, agus chuir sí dorn rísíní ann agus siúcra rua. D'fhág sí ag fuaradh é ar bhonn an driosúir.
Tháinig dúil mhallaithe agam féin ann nuair a fuair mé an boladh breá go léir uaidh, agus nuair d'imigh mo Mham in airde staighre bhain mé oiread na fríde as an gcíste. Mheas mé go bhfaighinn bás bhí sé chomh milis sin! agus, am briathar, bhí mé ó smut go smut go raibh bearna mhór déanta agam isteach sa chíste uachtair. Bhí mé scafa chuige, a dhuine! Nuair a chuala Mam ag teacht anuas an staighre chuir mé díom amach agus bhí mé ag cur dhá ghamhain le Donnacha Beag as an mbuaile. Chuala Mam ag caint istigh.