Ansin bhí mé ag glaoch 'peata' agus 'pleidhce' agus 'spiaire' air.
Ach labhair sé thar n-ais chugam:
'Och, mhuise, a bhuachaillín bhoicht!' ar seisean, ar bhuail do mhaimí thú?
Och, maímí dána!' agus bhí sé mar sin ag magadh fúm go raibh mé ar néall buile chuige.
D'fhan mé tamall maith ann ag cur dúshlán faoi teacht thar doras. Ach, a dhuine, dhein mé dearmad. Bhí a athair istigh agus nuair a chuala sé mise tháinig sé amach agus d'fhógair dom bheith ag cur díom.
Cad a bheadh, lena linn sin, a mhic ó, ach Mam ag ceann tigh na mbó, agus chuala sí é. Níor stad sí go bhfuair sí an t-eolas go léir ar mo ghníomhartha-sa.
Tar éis do a ghearán a dhéanamh d'imigh Eoin leis agus nuair bhí sé imithe tháinig Mam chugam féin. . . . .
Ní maith liom a insint duit cad a thit amach ina dhiaidh sin—bheadh náire orm. Bhí Micilín Eoin á rá leis na garsúin eile gur bhain Mam an bríste díom, pé duine d'inis dó é, agus gur ghabh sí orm. Nílimse á rá gur dhein; ach tá fhios agam go raibh mé chomh tinn sin san áit úd díom nár fhéad mé suí ar feadh trí lá.
Och, mhuise, b'fhearr liom go mbeinn mór.
Agus ní measa Mam chugam ná an Máistir. Ní bhíonn stad air ach ag cur ceisteanna crua orainn le réiteach gach aon lá—rudaí nár ghá bacadh leo mar ní bhíonn siad i gceist in aon chor.
Leathanach 9