Sin é uair a tháinig Cáit agus loit sí an spórt orm.
"Ó! faire mo náire, 'Jímín," ar sise, agus d'fhéach sí orm agus a dhá súil mhóra ag cromadh ar ghol. Dar fia, a dhuine, ach stad mé. D'imigh an spórt as an scéal dom ar chuma éigin.
"Mo náire é an bullaí mór," ar sise liom.
Am briathar, a mhic ó, gur tháinig náire orm féin. Ní fheadar in aon chor cad ina thaobh. D'éirigh mé de Mhicilín agus ní fheadar cad a bhí mé a dhéanamh.
Nuair d'éirigh sé sin bhí sé ag gol agus bhí sé salach ón lathaigh. Chuaigh Cáit anonn chuige agus bhí sí ag féachaint air; ansin d’fhéach sí ormsa, agus líon a súile le deora agus ghoil sí agus í ag iarraidh casóg Mhicilín a ghlanadh le sliogán ruacain.
Ní fheadar cad a tháinig orm féin. Bhí náire orm. Níor fhan aon mheas agam orm féin. Thabharfainn aon rud dá bhféadainn an rud a dhein mé le Micilín a chur ar neamhní. Níor lú liom aon duine ar an saol ar an nóiméad sin ná Jimín Mháire Thaidhg.