Ní dúirt mé aon ní ach chonaic Cáit mé agus rith sí anall chugam agus chuir sí a lámh orm.
"Maith an buachaill tú, a dheartháirín," ar sise, agus thiormaigh sí mo shúile
leis an mbeibe a bhí uirthi.
Bhí mé ar mo dhícheall ag glanadh Mhicilín agus ní stadfainn ar chapall nó go stadfadh
an fonn goil a bhí orm. Stad sé faoi dheireadh nuair bhí an lathach ar fad scríobtha. Ansin gháir Cáit.
"An ndéanfaidh sibh muintearas anois?" arsa an cleasaí.
D'fhéach mé féin ar Mhicilín.
"Déanfaidh," arsa mise.
"Déanfaidh mise, leis," arsa Micilín.
"Agus ní bheidh sibh ag troid níos mó?" arsa Cáit.
"Ní bheimid, a Cháit," arsa sinne.
"Ná ní thabharfaidh sibh ainmneacha gránna ar a chéile?"
"Ní thabharfaimid," arsa an dá amadáinín.
Ansin gháir Cáit agus tháinig sí eadrainn istigh agus rug sí ar dhá mhuinchille orainn.
"Rithimis," ar sise.
As go brách linn araon agus sinn ag tarraingt Cháit inár ndiaidh agus sinn go léir ag gáire.
Bhuail máthair Mhicilín linn agus d'fhéach sí ar a chuid éadaigh.
"Cad a shalaigh thú?" ar sise, agus d'fhéach sí go hamhrasach orm féin.