Cabidil 4: Mar a n-Insítear Íde an Chait, Scéala an Aonaigh 'is Ceannach na mBróg do Jimín
Tá péire nua bróg agam ó lá an aonaigh. Tá siad go gleoite deas agus táim ag tabhairt an-aire dóibh. Tá siad anois go sciomartha glan ar faobhar an lochta agus d'fheicfeá tú féin sa scáil atá iontu.
Mam a chuir in airde ansin iad mar bhínn gach aon nóiméad á gcuimilt leis an scuaib agus ag piocadh aon ruaine lathaí a bhí idir na taimí istigh le blúire de chipín. Is í chuir d'fhiacha orm, leis, iad a bhaint díom ar fad i lár na báistí inné.
Is amhlaidh a bhí log uisce, tá fhios agat, amuigh sa bhuaile agus bhí mé i mo sheasamh ina lár istigh agus an t-uisce go hailt orm. Bhí mé ag triail na mbróg, an dtuigeann tú, féachaint an gcoinneoidís an t-uisce amuigh. Ach chonaic Mam mé tríd an bhfuinneoig agus tháinig mise amach as an log uisce sin cuíosách tapaidh, deirim leat.
Níl aon réasún le Mam. Cad é an mhaith bróga nua a choinneodh uisce amach mura mbeadh uisce timpeall orthu ag iarraidh dul isteach? Ní bhfaighfeá aon sásamh as bróga mura mbeadh cead agat siúl trí lár an uisce leo.