Bhí sé dochreidte, a d’aontaigh an slua ar fad seachas Clíona.
‘Cén fáth a bhfuil an claíomh chomh geal?’ arsa duine éigin.
‘Cuirimid ola air chun nach dtiocfaidh meirg air. Anois, cén duine is túisce a bhainfidh triail as?’
‘Mise.’ Chuir mam Chlíona a lámh in airde.
‘Ná déan, a Mham,’ arsa Clíona os íseal. Bhí náire uirthi go raibh gach duine ag féachaint ina dtreo.
‘Seo leat.’ Chabhraigh an treoraí le máthair Chlíona dul suas ar an gcarraig. Chrom sí agus rug sí ar an gclaíomh lena dá lámh.
‘A Chlíona, glac pictiúr díom,’ a ghlaoigh sí amach.
Las Clíona le náire. Bhog daoine siar chun spás a thabhairt di. Lig sí osna agus thóg amach a guthán. Féach go raibh óinseach déanta ag a mam di féin. Ach bhí cuma chomh sásta sin uirthi nach raibh Clíona crosta léi ar feadh i bhfad.
Thug sí le fios dá mam go raibh an pictiúr glactha aici.
‘Ceart go leor,’ arsa an treoraí, ‘cé hé an chéad duine eile?’
Duine ar dhuine chuaigh na turasóirí suas ar an gcarraig agus tógadh a bpictiúr. Rinne cuid acu – fir ar fad – iarracht mhór an claíomh a tharraingt amach. Ach ní raibh seans dá laghad go gcorródh an claíomh, dar le Clíona. Cé mhéad mílte nó milliúin duine a thriail an rud céanna i gcaitheamh na mblianta? Faoi dheireadh thiar bhí seal faighte ag gach duine sa ghrúpa (fiú Dylan, agus é sách maolchluasach). Bhí Clíona ag tnúth leis an gcaisleán a fhágáil. B’fhéidir go n-aontódh a mam dul go dtí an phictiúrlann tar éis an dinnéir.

5