Dhúisigh Clíona ina seomra óstáin an mhaidin dar gcionn. Chuala sí torann mar a bheadh tonnta ag briseadh ar an trá. Dordán mór a bhí ag éirí is ag titim. Ní dordán a bhí ann ach dranntán, a smaoinigh sí ansin, cosúil le torann a dhéanfadh nead foichí (rud a bhí i mballa a seomra codlata an samhradh roimhe sin). Sheas sí taobh leis an gcuirtín agus d’fhéach sí amach fuinneog an óstáin go fiosrach.
‘A mham, caithfimid ár gcuid éadaí a chur orainn.’
‘Cad é féin?’
‘Daoine, na céadta díobh.’ Sceitimíní seachas eagla a bhí ar Chlíona agus í ag féachaint síos ar an slua mór lasmuigh den óstán. Bhí an bóthar blocáilte agus bhí roinnt póilíní ag treorú carranna go dtí sráideanna eile.
‘Cad atá uathu?’
‘Mise, is dócha.’
‘Ó, ná habair é.’
Bhuail an guthán in aice leis an leaba. Chuala Clíona guth íseal nuair a thóg a mam é.
‘Duine éigin darb ainm Dylan atá ann. Deir sé go raibh sé ag an gcaisleán inné agus gur féidir leis cabhrú linn.’
‘Ó, ceart go leor. An buachaill a raibh léine dhubh air. Abair leis teacht anseo i gceann deich nóiméad.’
Labhair mam Chlíona ar an nguthán. ‘Is féidir leat teacht anseo i gceann cúig nóiméad déag.’