Bhí mé féin á ligean orm ar dtús nach dtabharfainn di é ach mar sin féin, nuair a scaoil mé
an beart sa bhaile thug mé cúpla craobh chuilinn anonn chuici. Táim an-mhór le Nell, tá fhios agat.
Bhí sceitimíní ar Cháit nuair a chonaic sí an t-ualach mór a bhí agam an doras isteach.
"Ó!" ar sise, "beidh an teach go gleoite anois againn;" agus bhí sí ag féachaint ar na caora
dearga a bhí ar an gcuileann agus í ag rince timpeall an urláir.
"Ó! nach gleoite iad?" ar sise. "A' bhfaca tú riamh aon dath dearg chomh deas leis?"

Mar sin a bhíonn Cáit i gcónaí, mura bhfeiceadh sí ach neoinín nó pósae bó bleacht. Chloisfeá na cailíní go léir mar sin, a dhuine, le gach aon sórt ní.
Bhí ocras orm féin. "Caith uait na céapars sin," arsa mise, "agus t'r'om rud éigin le n-ithe."
"Ó! mo dhearmad!" arsa Cáit, agus thug sí cogar dom. "Ní chuirfeá amach cad tá agam duit?"
"Cad é?" arsa mise.
Ghair sí. "Ní inseoidh mé duit é," ar sise, "mar sceithfeá orm le Mam."
"Am briathar nach sceithfidh mé, a Cháit!" arsa mise.
"Maróidh sí mé i dtaobh an tsiúcra!" arsa Cáit.
"Ariú cad é an siúcra?" arsa mise.
"Agus mar gheall ar an uachtar!" ar sise.
"Hanaman diucs! a Cháit, an amhlaidh atá cístí milse agat?"
"Ó, ní inseoidh mé duit! ní inseoidh mé duit!" ar sise, agus bhí sí ag gáire agus ag léimnigh ar an urlár. Ansin chuaigh sí go dtí an driosúr agus thóg sí anuas dhá chupán le cur ar an mbord.

34
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 34

Scéalta