Sa seomra ina raibh siad, bhí bréag-shaighdiúirí in éide dhearg ina seasamh os comhair pictiúir ollmhóra. Thaispeáin na pictiúir cathanna fíochmhara fadó, agus an éide dhearg chéanna ar na saighdiúirí. Stad Clíona agus Dylan in aice le dumaí a raibh maisiú órga ar a ghuaillí agus boinn mhíleata ar a chóta. Bhí na céadta saighdiúr sa phictiúr taobh thiar de, iad i lár an chatha agus deatach ag éirí óna ngunnaí móra. Bhí ridirí ag marcaíocht trasna na páirce agus claíomh san aer ag gach ridire.
Scuab Clíona siar a cuid gruaige agus d’fhéach sí ar an mbuachaill ard in aice léi. Thuig sí go tobann gur thaitin sé léi. Bhí sé ionraic.
‘Sea, tuigim cad atá i gceist agat,’ ar sí.
‘Féach,’ ar sé, agus a ghuthán á thaispeáint aige. ‘Caoga milliún amharc. Na mílte trácht scríofa ag daoine atá ag iarraidh go mbeidh tusa i do bhanríon.’
‘Tá sé craiceáilte, nach bhfuil?’
‘Níl sé craiceáilte. Tuigeann siad go léir go bhfuil rud éigin mícheart sa tír seo. Tá súil acu go réiteoidh an claíomh draíochta é. Tá mise ag súil leis sin. Go mbeimid sona arís.’
‘Agus creideann tú gur féidir liomsa sin a dhéanamh?’
‘Creidim.’
Rinne Clíona gáire. ‘Ní bheadh tuairim agam cá dtosóinn. Ceolchoirm saor in aisce le do rogha banna, b’fhéidir?’
‘An banna Rotten Elements?’ Rinne Dylan gáire anois. ‘Sin an rud deireanach a chabhróidh leis an tír seo.’

30