Ansin luigh sé agus dhún sé na súile agus ní fhaca aon oighre riamh ach é ar shean-Diarmaid
chríona anseo amuigh nuair a bhíonn sé ag titim dá chodladh sa chathaoir mhór os comhair
na tine agus é ag míogarnaigh.
Sa deireadh luigh sé ar fad anuas ar an talamh, shín sé a phíopán uaidh amach agus
leath sé a dhá sciathán, agus níor fhan anam ná brí ann ach chomh beag agus dá mbeadh sé marbh.

Am baice bhí mé ag breith chugam ar eagla go gcaillfí é, agus níorbh fhios dom cad a dhéanfainn. Chuala mé Daid ag teacht ó chró na mbó agus chuir mé díom isteach. Nuair a chonaic Daid an gandal stad sé agus bhí sé ag caint leis féin.
"Dar mo bhriathar ach go bhfuil sé seo ina 'chocstí'!" ar seisean.
"A Jimín," ar seisean ag glaoch.
Bhí mé féin ag scuabadh an urláir ar séirse.
Tháinig mé don doras.

42
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 42

Scéalta