Dhein sin an donas ar fad ar Thadhg. "Búhú!" ar seisean, agus as go brách leis abhaile trí na garraithe.
Ach dá mhéad an greann a bhí againn ar Thadhg ní raibh mise in aon chor istigh liom féin.
Bhí fearg mo mháthar mar a bheadh scamall os mo chionn.
D'imigh an Dreoilín ar fad soir chun na ceárta agus chun na dtithe in aice léi,
ach ní fhuair mise aon spórt sa Dreoilín a thuilleadh.
Nuair a chuamar go tigh Pheats Teaimí ní thabharfadh sé aon ní dúinn.
Dúirt sé gur "paca díomhaoin" sinn, agus chuir sé an madra linn. Ach d'éirigh an madra as an scéal nuair a buaileadh isteach idir an dá shúil leis an lamhnán gaoithe é.
Rith Peats inár ndiaidh lena mhaide ach bhí fuar aige bheith ag iarraidh breith orainne—agus na bróga leaistice orm féin!
Bhíomar tuirseach den Dreoilín faoin tráth sin agus dúramar go n-éireoímis as. Bhí ocras ag teacht, leis, orainn. Dó dhéag is seacht bpingin bhí againn agus roinneamar idir an deichniúr a bhí sa Dreoilín é—scilling is leathréal an duine.
Thugamar an phingin bhreise do Thadhg Learaí Bhig toisc an sceimhle fuair sé ó Mham. Micilín a thug abhaile chuige é. Ansin thug gach aon duine aghaidh ar a theach féin agus fuadar ocrais faoi.
Ach, an dtuigearm tú, ní raibh aon fhuadar fúmsa chun an tí. Bhí droch-iontaoibh agam as an bhfáilte a chuirfí romham.
Thug mé fuath don bhaile. Thuig mé, tá fhios agat, go raibh Mam ag feitheamh liom ann agus go mbeadh sásamh uaithi i ngúna Cháit, agus i gcasóig mo Dhaid Chríona, agus sa hata caroline; agus dúirt mé liom féin gurbh é mo leas Mam a sheachaint i láthair na huaire sin, agus b'fhéidir le himeacht aimsire go dtiocfadh sí chun cainte liom arís.