Suas go tigh Mháire Aindí a chuaigh mé.
Ní fhéadfainn dul gan fhios do Mham go dtí an stábla chun mo chuid éadaigh féin a fháil.
Bhí an t-ocras ag gabháil dom go géar agus bhí súil agam, tá fhios agat, go bhfaighinn píosa de chíste Nollag ó Nell.
D'íosfainn píosa mór de chíste an uair chéanna.
Bhí Nell istigh agus Maire Aindí agus Tadhg Óg. Nuair a chonaic Tadhg an chulaith fós orm tháinig fonn magaidh air.

"Déanfaidh sé seo Dreoilín go hoíche de," ar seisean.
"Nach agat atá an cion ar bhalcaisí do Dhaid Chríona?" arsa Máire Aindí, agus bhí sí ag gáire.
Rug Nell ar an hata agus chuir ar a cheann é.
Am briathar! níor oir sé go holc in aon chor di.
"Tr'om an chasóg, leis," ar sise, agus bhain sí díom í agus bhí á cur uirthi
"Ara! bain díot iad agus ná bí ag déanamh Máire Ní Ógáin díot féin," arsa Máire Aindí.
Níor dhein Nell ach gáire, agus d'fhéach sí síos uirthi féin.
"Nach mé atá go deas ?" ar sise.
"Ó! go gleoite!" arsa Tadhg.
Ní dúirt Máire aon ní.

56
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 56

Scéalta