De réir mar bhíomar ag dul amach is ea ba threise bhí an ghaoth agus is ea ba mhó
a bhí an scanradh ag teacht in ár gcroí. Chrom Micilín ar bhéicigh agus ar ghlaoch ar a mháthair,
agus ansin tháinig dath glas-liath air, agus breoiteacht fharraige.
Tháinig eagla orm féin, leis. Bhuail sé isteach i mo chroí gurbh amhlaidh a bhí Dia i bhfeirg linn. Leis sin chaith mé na trí ghliomach i bhfarraige féachaint an gcuirfeadh sin fearg Dé dínn. Ach níor chuir.
Amach a bhíomar ag imeacht i gcónaí agus thagadh lagú ar mo mhisneac nuair a bhraithinn an talamh ag éalú uaim.
Uaireanta d'éiríodh buile orm agus bhínn go cráite, agus bhuailinn tochta an bháid le mo dhorn, agus bhuailinn Micilín agus deirinn leis breith ar an maide.

67
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 67

Scéalta