D’fhéach m’athair anonn ar mo mháthair.
‘An Bhean Chaointe,’ ar seisean.
‘Cé hí féin?’ a deirimse.
‘An Bhean Chaointe,’ arsa m’athair. ‘Muirne na gCaoineadh.’
‘Tuige ar tugadh an t-ainm sin uirthi?’ arsa mise.
‘I ngeall ar na caointe a bhíos sí a dhéanamh,’ d’fhreagair m’athair. ‘’Sí an bhean chaointe is mó cáil i gConamara ná i nDúiche Sheoighe í. Cuirtear fios uirthi i gcónaí nuair a chailltear duine. ’Sí a chaoin m’athairse, agus tá seans gurb í a chaoinfeas mé féin. Ach, go bhfóire Dia uirthi, is iad a mairbh féin a bhíos sí a chaoineadh i gcónaí, is cuma cén corp a bhíos sa teach.’
‘Agus céard atá a mac a dhéanamh in Uachtar Ard?’ arsa mise.
‘Cailleadh a mac fiche bliain ó shin, a Chóilín,’ arsa mo mháthair.
‘Níor cailleadh ar chor ar bith é,’ arsa m’athair, agus aghaidh an dubh air. ‘Maraíodh é.’
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/story_board-87d1d99377fd11c4571c92a8a28084cf3f04c193285599320ad22586cfbaad3c.jpg)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 10