Bhagair mé air a bhéal d'éisteacht.
D'oscail sé an fhuinneog go ciúin agus dúirt mé leis go hairthinneach cur air agus teacht amach chugam.
"Tar i mo dhiaidh," arsa mise, "tá spiaire agam."
Agus siúd liom ag lamhacán arís go dtí cúinne an tí. Nuair a tháinig mé ansin stad mé mar fuair mé radharc ar mo bhioránach arís ag éalú imeasc na dtithe agus a hata anuas ar a shúile aige ag féachaint gach re coiscéim ar an teach cónaithe; agus bhí rud éigin mór ar a dhroim.
Chuaigh sé go ciúin go doras tí an bhainne agus bhain an lúb den doras agus d'éalaigh isteach agus dhruid an doras amach ina dhiaidh. Phreab mé féin anonn agus chuir mé an lúb arís ar an doras ón dtaobh amuigh.
"Sea, a bhuachaill, ceap do shuaimhneas ansin anois duit féin," arsa mise.

79
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 79

Scéalta