‘Cé a mharaigh é?’
Is annamh a chonaiceas m’athair agus fearg air, ach b’uafásach í a chuid feirge nuair a d’éiríodh sí dó. Bhain sé geit asam nuair a labhair sé arís, bhí sé chomh borb sin.
‘Cé a mharaigh do sheanathair féin? Cé a bhain an fhuil dearg as guaillí mo sheanmhátharsa le lasc? Cé a dhéanfadh é ach na Gaill? Mo mhallacht ar…’
D’éirigh mo mháthair agus chuir sí a lámh lena bhéal.
‘Ná tabhair do mhallacht d’aon duine, a Sheáin,’ ar sise. Bhí mo mháthair chomh carthanach sin nár mhaith léi an drochfhocal a chaitheamh leis an diabhal féin. Creidim go raibh trua aici ina croí do Cháin, agus do Iúdás, agus do Dhiarmaid na nGall. ‘Tá sé in am againn an Paidrín a rá,’ ar sise. ‘Inseoidh d’athair dhuit i ngeall ar Chóilín Mhuirne oíche eicínt eile.’
‘A athair,’ arsa mise agus sinn ag dul ar ár nglúine, ‘cuireadh muid paidir le anam Chóilín anocht.’
‘Cuirfimid sin, a mhaicín,’ arsa m’athair go mín.
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/story_board-87d1d99377fd11c4571c92a8a28084cf3f04c193285599320ad22586cfbaad3c.jpg)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 12