Tá sé fiche bliain caite, a Chóilín,’ arsa m’athair, ‘ón oíche a raibh mé féin agus Cóilín Mhuirne (go ndéana Dia grás dó) agus triúr nó ceathrar eile de na comharsana i dteach ósta an Neachtanaigh in Uachtar Ard. Bhí aonach ar an mbaile an lá céanna agus bhí muid ag ól gloine roimh an bóthar abhaile a thabhairt orainn féin. Bhí ceathrar nó cúigear ann ón gCeathrú Rua agus ó Dhúiche Sheoighe agus seisear nó mórsheisear de mhuintir an bhaile mhóir. Tháinig strainséara isteach, fear caol dubh nach raibh aithne ag aon duine air. Ghlaoigh sé ar ghloine.
‘“Ar chuala sibh, a dhaoine,” ar seisean linn agus é ag ól linn, “go bhfuil an tiarna le theacht abhaile anocht?”
‘“Cén gnaithe atá ag an diabhal anseo?” arsa duine eicínt.
‘“Drochobair atá faoi mar is gnách leis,” arsa an fear dubh. “Tá seacht muirín le cur as a seilbh aige.”
‘“Cé atá le cur amach?” arsa duine againne.
‘“Sean-Tomás Ó Draighneáin ón nGleann – deirtear liom go bhfuil an duine bocht ag fáil bháis, ach is ar thaobh an bhóthair a gheobhas sé bás, mura bhfuil ag Dia,” ar seisean; “fear de mhuintir Chonaire a bhfuil bothán aige an taobh seo de Loch Simdile; Mainníneach ó Shnámh Bó; beirt in Eanach Mheáin; bean eicínt ar cheann de na hoileáin; agus Antaine Ó Griallais ó Chamas Íochtair.”
‘“Tá bean Antaine ag iompar clainne,” a deir Cuimín Ó Nia.
‘“Ní chosnóidh sé sin í, an créatúr,” arsa an fear dubh. “Ní hí an chéad bhean as an dúiche seo a rug a naíonán cois claí an bhóthair.”
‘Ní raibh focal as duine ar bith againn ann.

14
An Bhean Chaointe

Leathanach 14

Scéalta