Domhnach ba ea é, agus siúd liom féin agus le Micilín thar Mám ar bog-shodar.
D'fhágamar na bróga faoi choca féir i bpáirc le Micilín, mar ba mhór linn mar ualach iad.
I mbarr an Mháma bhuail asal linn agus chuamar araon in airde air.
Ní aon deabhadh a dheineamar dá bhrí sin, mar ní bhainfeadh cogadh na bpiléar aon siúl as.
B'éigean dúinn é fhágáil in ár ndiaidh.
Bhí an saol go léir ag féachaint ar an rás—fir agus mná agus daoine beaga. Níor chuala riamh a oiread geoine, ná a oiread cainte, ná a oiread argóna.
Bhí lucht úll a dhíol ann, agus lucht díolta milseán, agus crúibíní muc. Bhí bean an duilisc ann, leis, agus lucht amhrán, agus fear a raibh trí chárta aige agus é ag breith scillíngí ó dhaoine chomh tiubh le tiul. Thabharfadh sé coróin don té aimseodh an t-aon muileata.
Uair nach raibh sé ag féachaint ar na cártaí rug Donncha Neans ar an aon muileata agus lúb sé cúine den chárta aníos. Ansin chuir Donncha leathchoróin leis an bhfear go n-aimseodh sé féin an t-aon muileata. Shuaithigh an fear na cártaí arís agus nuair d'iompaigh Donncha an cárta a raibh an cúinne cam air cad a bheadh aige ach an deich triuf.

93
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 93

Scéalta