Ba í Bríd na nAmhrán an t-amhránaí ba mhó clú dá raibh i Ros na gCaorach, ní amháin le mo linnse, ach le linn m'athar. Deirtí go meallfadh sí an chéirseach den chraobh le binneas an cheoil a gheall Dia di, agus chreidfinn féin go meallfadh, mar is minic a mheall sí mise agus malraigh nach mé ónár ndinnéar nó
ónár suipéar. Bheinn i m'fhear saibhir inniu dá mbeadh scilling agam in aghaidh gach uaire a sheasas taobh amuigh dá doras, ar mo bhealach abhaile ón scoil dom, ag éisteacht lena cuid amhrán, agus dúirt m'athair liom gur mion minic a rinne sé féin an cleas céanna nuair a bhí seisean ina stócach ag imeacht ar scoil. Bhí sé mar bhéaloideas i measc na ndaoine gur ón Reachtúrach féin a d'fhoghlaim Bríd 'Contae Mhaigh Eo', agus nach le 'Contae Mhaigh Eo' a bhain sí na deora móra as súile Sheáin Mhic Éil tráth a raibh sé ar cuairt anseo, i bhfochair ár nEaspaig féin, bliain go díreach sular rugadh mise?

1
Bríd na nAmhrán

Leathanach 1

Scéalta