Chuaigh. Is maith is cuimhin liom lá na Feise. Bhí an saol Fódlach ann, cheapfá. Bhí an teach ag cur thar maoil le daoine bochta is le daoine saibhre, le daoine uaisle is le daoine ísle, le hógánaigh luatha láidre is le seanóirí críonna caite. Bhí sagairt is bráithre ann ó gach ceard. Bhí dochtúirí is dlíodóirí ann ó Thuaim is ó Ghaillimh is ó Uachtar Ard. Bhí lucht páipéar nuaíochta ann ó Bhaile Átha Cliath. Bhí mac tiarna ann ó Shasana. Chuaigh a lán daoine suas ag rá amhrán. Chuaigh Bríd suas. Bhíomarna ar chúl an tí ag éisteacht léi. Thosaigh sí uirthi. Bhí beagán cúthaileachta uirthi ar dtús, agus bhí an guth ró-íseal aici. Ach tháinig sí chuici féin i leaba a chéile, de réir mar a bhí sí ag bogadh amach san amhrán, agus bhain sí deora as súile an chomhluadair leis an gceathrú dheiridh. Chuireadar go léir na gártha astu nuair a bhí críochnaithe aici agus í ag teacht anuas. Chuireamarna liú asainn a shílfeá a phléascfadh díon an tí. Chuaigh girseach óg suas. Bhí an guth i bhfad ní b'fhearr aici ná mar a bhí ag Bríd, ach, dar linne, ní raibh an t-uaigneas ná an binneas céanna san amhrán is a bhí in amhrán Bhríde. Tháinig sí anuas. Chuir na daoine na gártha astu arís, ach ní thug mé faoi
deara go raibh aon duine ag gol.

4
Bríd na nAmhrán

Leathanach 4

Scéalta