Beidh cuimhne i Ros na gCaorach go héag ar an oíche ar thug fear Bhaile Átha Cliath an fhleá dúinn
i dteach scoile an Turlaigh Bhig. Ní raibh d’ainm ná de shloinne againn ar an bhfear céanna riamh
ach fear Bhaile Átha Cliath. Is é a deireadh Peaitín Pháraic linn gur fear scríofa páipéir nuaíochta é.
Léadh Peaitín an páipéar Gaeilge a thagadh go dtí an mháistreás gach seachtain, agus is beag ní nach raibh ar eolas aige, mar bhíodh cur síos ar an bpáipéar sin ar imeachtaí an Domhain Thiar agus ar imeachtaí an Domhain Thoir, agus ní bhíodh teora leis an méid feasa a bhíodh ag Peaitín le tabhairt dúinn gach Domhnach ag geata an tséipéil. Deireadh sé linn go raibh an-chuimse airgid ag fear Bhaile Átha Cliath, mar go raibh dhá chéad punt sa bhliain ag dul dó as ucht an páipéar sin a scríobh gach uile sheachtain.
Thugadh fear Bhaile Átha Cliath cuairt coicíse nó míosa ar an Turlach gach bliain.

An bhliain áirithe seo chuir sé gairm scoile amach ag glaoch bocht agus nocht chun fleá agus féasta a bhí sé a chomóradh dúinn i dteach na scoile. D’fhógair sé go mbeadh ceol agus damhsa agus óráidí Gaeilge ann; go mbeadh píobaire ann ón gCeathrú Rua; go mbeadh Bríd Ní Mhainnín ann chun ‘Contae Mhaigh Eo’ a thabhairt uaithi; go n-inseodh Máirtín Iascaire scéal fiannaíochta; go n-aithriseodh Sean-Úna Ní Ghriallais dán mura mbeadh piachán ar an gcréatúr; agus go ndéanfadh Marcaisín Mhíchíl Rua dreas damhsa mura mbeadh na scoilteacha go ródhona air. Níorbh eol d’aon duine na scoilteacha a bheith ar Mharcaisín riamh ach nuair a hiarrtaí air damhsa a dhéanamh. ‘Bedam but tá mé marbh ag na scoilteacha le seachtain,’ a deireadh sé i gcónaí nuair a luafaí damhsa. Ach ní túisce a thosaíodh an píobaire ar ‘Tatther Jack Walsh’ ná a chaitheadh Marcaisín a chaipín san aer, ‘hup!’ a deireadh sé, agus d’fhágtaí an t-urlár faoi.

1
Na Bóithre

Leathanach 1

Scéalta