Ba ghairid go bhfaca sí teach na scoile ar thaobh an bhóthair.
Bhí solas breá ag scalladh trí na fuinneoga.
Chuala sí torann mar a bheifí ag gáirí agus ag bualadh bos istigh.
Anonn thar claí léi agus suas cosán na scoile.
Chuaigh sí thart go dtí tóin an tí. Bhí na fuinneoga ard go maith ach d’éirigh léi í féin a ardú suas go raibh radharc aici ar a raibh ar siúl taobh istigh. Bhí an tAthair Rónán ag labhairt.
Stad sé, agus a Thiarna! thosaigh na daoine ag éirí ina seasamh. Ba léir go raibh an siamsa thart agus go rabhthas chun scarúna le dul abhaile. Céard a dhéanfadh sí dá bhfeicfí í?
Chaith sí léim ón bhfuinneog. Sciorr a cos uaithi ag teacht anuas ar an talamh di agus baineadh leagan aisti. Is beag nár scread sí os ard, ach chuimhnigh sí uirthi féin in am. Bhí a glúin beagán gortaithe, shíl sí. Bhí na daoine amach ar shráid na scoile faoi sin. Chaithfeadh sí fanacht i bhfolach go mbeidís ar fad imithe. Dhruid sí isteach leis an mballa chomh dlúth agus a d’fhéad sí. Chuala sí na daoine ag caint agus ag gáirí, agus d’aithin sí go rabhadar ag scaipeadh i ndiaidh a chéile.

10
Na Bóithre

Leathanach 10

Scéalta