Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chabhraigh liom an t-úrscéal seo a scríobh. Is mór an feabhas a chuir siad uile ar an scéal!
D’iarr Neil Ó Tarráin agus Mairéad Ní Chiaruáin orm an leabhar a scríobh don suíomh Leighleat.com; rinne Laoise Ní Tharráin na pictiúir agus an dearadh; agus rinne Sinéad Ní Uallacháin an taifeadadh atá ar fáil mar chuid den leabhar digiteach. Bhí siad go léir tacúil, foighneach agus fíorghairmiúil i mbun an chúraim.
Thug COGG maoiniú don togra a chuir ar ár gcumas é a chur i gcrích agus chinntigh Pól Ó Cainín go mbeadh an téacs slán ó earráidí teanga.
I mí an Mheithimh 2025, fuair mé aischothú luachmhar ar an scéal ó na daltaí seo a leanas i Rang 5 i nGaelscoil Eiscir Riada in iarthar BhÁC, faoi stiúir a múinteora, Éanna Ó Muiré: Ailbhe, Annabelle, Aoibhínn, Aoife, Béibhinn, Callum, Charles, Charlie, Conor, Conor D, Éireann, Emmy, Finn, James, Lauren, Layla, Logan, Lucy, Maci, Michael, Miren, Ódhran agus Tadhg.
Thug dréachtléitheoirí eile moltaí fiúntacha dom ar ghnéithe den scéal: Méabh Ní Chiaruáin; Brídóg Ní Bhuachalla; mo dheirfiúracha Éadaoin Heussaff agus Kintilla Heussaff agus mo mhac Conall Heussaff; agus Aedín Ní Thiarnaigh a thugann turais threoraithe ar bhláthanna fiáine ar Inis Meáin. Fuair mé spreagadh freisin ó na léitheoirí seo a leanas: na múinteoirí Deirdre Ní Ghallchóir, Éabha Ní Eidhneáin agus Fiona Ní Chearnaigh; agus iníonacha leo, Saoirse Ní Mhuircheartaigh, Aisling Uí Fhloinn agus Órlagh Ní Fhloinn.
Tháinig an bunsmaoineamh chugam don úrscéal ó mhíreanna a craoladh ar chlár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta gach samhradh ó 2023 go 2025 faoin teideal An Bealach Glas, inar thrácht mé ar mo thaithí i mbun taistil saoire in Éirinn agus thar lear ar bhusanna, ar thraenacha agus ar bháid ar mhaithe le laghdú
astaíochtaí ón tiomáint agus ón eitilt. Tá mé fíorbhuíoch d’fhoireann agus d’éisteoirí an chláir as a dtacaíocht spreagúil.


