Bhí comhluadar ban ag sníomh bréidín tigh Bhairbre an Droichid oíche airneáin. Ba cheol leat a bheith ag éisteacht leo agus a nglórtha ag déanamh comhbhinnis le dordán na dtuirní, mar a bhíos glór an tseamsúir le crónán na ndos. Cluineadh an scread. An naíonán a labhair trína chodladh.
‘Drochrud a ghabh thar an doras,’ arsa Bairbre. ‘Éirigh, a Mháire, agus bog an cliabhán.’
D’éirigh an bhean ar labhraíodh léi. Bhí sí ina suí ar an urlár go dtí sin ag cardáil. Chuaigh sí anonn go dtí an cliabhán. Bhí an naíonán ina lándúiseacht roimpi agus é ag caoineachán go truamhéalach. D’ísligh Máire ar a glúine le hais an chliabháin. Chomh luath agus a chonaic an leanbh a haghaidh, stad sé den chaoineachán. Aghaidh fhada fhíorghreanta a bhí uirthi, mala mhín leathan, gruaig dhubh agus í casta ina triopaill fhada faoina ceann, agus dhá shúil ghlasa aici a dhearcfadh go mall maorga agus go buartha brónach ort. Bhí sé de bhua ag Máire go gceansaítí leanbh crosta nó go gcodlaíodh leanbh breoite le féachaint ar an aghaidh mhín mhánla úd aici agus ar na súile glasa grámhara úd aici. Thosaigh Máire ag gabháil Chrónán na
Banaltra de ghlór íseal. Stad na mná eile den chomhrá ionas go n-éistfidís léi. Ba ghearr go raibh an naíonán ina thoirchim suain. D’éirigh Máire agus chuaigh ar ais go dtí an áit ina raibh sí ina suí cheana. Thosaigh uirthi ag cardáil arís.

1
An Mháthair

Leathanach 1

Scéalta