Go raibh maith agat, a Mháire’, arsa Bairbre. ‘Níl iontas ar bith ach an chaoi a bhfuil tú in ann na páistí a chur a chodladh. Cé gur liom féin an t-oidhre óg sin, bheinn uair an chloig leis sula gcodlódh sé dhom.’
‘Tá draíocht ag Máire,’ arsa bean eile.
‘Is geall le ceoltóirí Mheidhbhe í a chuireadh slua fear a chodladh nuair a ghabhaidís a suantraí,’ a deir Sean-Úna Ní Ghriallais.
‘Nach breá uaithi Crónán na Banaltra a rá?’ arsa an dara bean.
‘M’anam go gceapfá gurb í an Mhaighdean féin a bheadh á rá,’ arsa Sean-Úna.
‘Meas tú an fíor, a Úna, gurb í an Mhaighdean Bheannaithe (moladh go deo léi) a rinne an ceol sin?’ arsa Bairbre.
‘Tá a fhios agam gur fíor. Nach leis an gcrónán sin a chuireadh sí Mac Dé (míle glóir lena ainm) a chodladh nuair a bhí sé ina naíonán?’
‘Agus cén chaoi a mbeadh sé ag na daoine anois, mar sin?’ arsa Bairbre.
‘A theacht anuas ó shinsear go sinsear, is dóigh, mar a tháinig na scéalta Fiannaíochta,’ a deir bean de na mná.

3
An Mháthair

Leathanach 3

Scéalta