‘Druid liom níos gaire,’ a deir an bhean eile.
Dhruid Máire léi. D’ardaigh an bhean eile a Leanbh féin. Shín an Leanbh a dhá láimh bheaga amach agus leag lámh go mín ar gach leaca de dhá leaca Mháire.
‘Déanfaidh an bheannacht sin torthach thú,’ a deir an Mháthair.
‘Is maith an bhean thú, a Mhuire,’ arsa Máire. ‘Is maith é do Mhac.’
‘Fágaim beannacht sa teach seo,’ arsa an bhean eile. D’fháisc sí a Leanbh lena hucht arís agus ghabh an doras amach. Chuaigh Máire ar a glúine. Tá bliain caite ón Oíche Nollag sin. An uair dheiridh a ghabhas thar theach Mháire, bhí leanbh ina hucht. Bhí an fhéachaint úd uirthi nach mbíonn ar aon duine ach ar mháthair nuair a mhothaíos sí béal a céadmhic lena cíoch.
‘Is fearr le Dia na mná ná na fir,’ a dúras liom féin. ‘Is chucusan a chuireas sé na bróin is mó agus is orthusan a bhronnas sé an t-aoibhneas is mó.’

13
An Mháthair

Leathanach 13

Scéalta