An mhaidin Domhnaigh seo d'fhan an seanfhear ag éisteacht nó gur stad clog an Aifrinn dá
bhualadh. Nuair a bhí deireadh leis, lig sé osna, mar a ligfeadh an té a mbeadh cumha is tuirse air,
agus thug sé a aghaidh ar an mbuíon mhalrach a bhí ag súgradh dóibh féin ar an ngeadán féir
- an 'fhaiche' a bheireadh Sean-Mhaitias air - ag an gcrosbhóthar.
Bhí aithne ag Sean-Mhaitias ar gach pataire ceannchatach cosnochta acu.
Níorbh fhearr leis caitheamh aimsire ar bith ná a bheith ina shuí ansin ag breathnú orthu is ag éisteacht leo.
Bhí sé á gcomhaireamh, ag féachaint cé acu dá chairde a bhí ann agus cé acu a bhí imithe chun an Aifrinn leis na daoine fásta, nuair a thug sé faoi deara páiste ina measc nach bhfaca sé riamh roimhe. Gasúr beag donn, a raibh cóta bán air mar a bhí ar gach malrach eile, agus é gan bhróga gan chaipín, mar is gnách le páistí an iarthair. Bhí éadan an mhalraigh seo chomh soilseach leis an ngrian, agus facthas do Shean-Mhaitias go raibh mar a bheadh gaethe solais ag teacht óna cheann.
An ghrian ag lonrú ar a chuid gruaige, b'fhéidir. Bhí ionadh ar an seanfhear faoin bpáiste seo a fheiceáil, mar níor chuala sé go raibh aon strainséirí tar éis teacht ar an mbaile. Bhí sé ar tí dul anonn agus duine de na scoracha beaga a cheistiú ina thaobh, nuair a chuala ségleo is gliadar na ndaoine ag teacht abhaile ón Aifreann. Níor airigh sé an uair ag sleamhnú thairis a fhad is a bhí a aird ar chleasa na ngasúr. Bheannaigh cuid de na daoine dó ag gabháil thairis dóibh is bheannaigh seisean dóibhsean. Nuair a thug sé súil ar an scata malrach arís, ní raibh an páiste deorata ina measc.

7
Íosagáin

Leathanach 7

Scéalta