An chéad Domhnach eile thit gach ní amach díreach mar a thit an dá Dhomhnach roimhe sin.
Bhailigh an pobal siar mar ba ghnách agus fágadh an seanfhear agus na páistí leo féin ar an mbaile.
Thug croí Shean-Mhaitiais léim ina lár nuair a chonaic sé an Páiste Neamhaí ina measc arís.
D'éirigh sé. Chuaigh sé anonn agus sheas sé ina aice.
Tar éis tamaill ina sheasamh dó gan chorraí, shín sé a dhá láimh chuige agus labhair sé de ghlór íseal:
'A Íosagáin!'
Chuala an Leanbh é agus tháinig sé chuige ar rith.
'Tar i leith is suigh ar mo ghlúin go fóillín, a Íosagáin.'
Chuir an Páiste a lámh i láimh thanaí chnapach an tseanfhir agus thrialladar cos ar chois trasna an bhóthair. Shuigh Sean-Mhaitias ar a chathaoir agus tharraing Íosagán lena bhrollach.

10
Íosagáin

Leathanach 10

Scéalta