Is sa teach beag úd a d’fheicfeá sa ghleann síos uait, agus tú ag dul siar an bóthar ón nGort Mór go hInbhear, atá cónaí ar mo Shagart. É féin is a mháthair is a dheirfiúr bheag is a dheartháirín beag bídeach, sin a bhfuil de chomhluadar ann. Cailleadh an t-athair sular rugadh Taimín, an leanbh is óige acu. Níl aon am dá mbím i Ros na gCaorach nach gcaithim tráthnóna nó dhó ina bhfochair, mar tá an Sagart agus Máirín (an deirfiúr bheag) agus Taimín ar na cairde is dílse dá bhfuil agam. Bean óigeanta aclaí is ea máthair an tSagairt; tá sí roinnt taghdach, b’fhéidir, ach, má tá féin, tá sí ina bean chomh carthanach is atá beo ina dhiaidh sin. Is í a d’inis an scéal seo dom tráthnóna dá rabhas ar cuairt aici. Bhí sí ag níochán an tSagairt os comhair na tine ar feadh na haimsire: dabhach mhór uisce leagtha ar an urlár aici, an Sagart agus a chuid éadaigh bainte de, agus í ag sciúradh is ag cardáil gach orlach dá chorp.
Tá amhras orm nár thaitnigh an obair seo go rómhaith leis an Sagart, mar anois is arís chuireadh sé béic as.
Le gach béic thugadh a mháthair boiseog bheag dó agus tar éis sin phógadh sí é. Is deacair do
mháthair a lámh a choisceadh ó pháiste nuair a bhíos sé nochta aici; agus ba dheacra ná sin do mháthair chomh grámhar leis an máthair seo a béal a choisceadh ó bhéilín beag dearg chomh milis le béilín Pháraic. (Páraic ainm mo Shagairt, tá a fhios agat). Ba cheart dom a rá nach raibh an Sagart ach ocht mbliana fós. Ba dheas an t-áilleán é ina sheasamh ansin agus solas na tine ag scairteadh ar a cholainn chomhdhéanta is ar a chloigeann catach, agus ag rince ina shúile glasa gáireata. Nuair a smaoiním ar Pháraic, is mar sin a fheicim os mo chomhair é, ina sheasamh ar
an urlár i lóchrann na tine.

1
An Sagart

Leathanach 1

Scéalta