Ní raibh Bairbre róshlachtmhar an lá ab fhearr a bhí sí. D’admhódh aon duine an méid sin. An chéad chás de, bhí sí geamhchaoch. Déarfá, le breathnú uirthi, go raibh sí ar leathshúil. Níor ghéill Brídín riamh go raibh, áfach. Uair amháin dá ndúirt cailín beag eile, le corp oilc ar an mbeirt acu, nach raibh ag Bairbre ach ‘leathshúilín caoch ar nós cait an táilliúra,’ dúirt Brídín go feargach go raibh a dhá súil ag Bairbre chomh maith le duine, ach gurb amhlaidh a bhíodh leathshúil dúnta aici, mar go mba leor léi an t-aon cheann amháin (bíodh is go mba cheann caoch í) le haghaidh a cuid gnóthaí a dhéanamh. Bíodh sin mar atá, ní féidir a cheilt go raibh plaitín inti; agus fágaim le m’ais nach deas an rud plaitín in ógbhean. Rud eile, bhí sí ina balbhán; nó ba chirte dom a rá nár labhair sí le haon duine riamh ach le Brídín amháin. Má b’fhíor do Bhrídín, bhí teanga bhlasta Ghaeilge aici agus bhí a cuid smaointe ar áilleacht an domhain. Ní go maith a bhí sí in ann siúl, arae bhí sí ar leathchois agus bhí an leathchos sin féin briste. Bhí dhá chois aici tráth, ach d’ith an gadhar ceann acu, agus briseadh an ceann eile san áit ar thit sí de bharr an drisiúir. Ach cé hí Bairbre, arsa tusa, nó cé hí Brídín? Is í Brídín an ghirseach bheag, nó, mar a déarfadh sí féin, an gasúirín beag mná, atá ina cónaí sa teach is gaire do theach an mháistir – ar thaobh na ciotóige, ar ndóigh, ag dul soir an bóthar duit. Is cosúil go n-aithníonn tú anois í? Mura n-aithnír, níl neart agamsa ort. Níor chualas riamh cé dar díobh í, agus dúirt sí féin liom nach bhfuil d’ainm ar a hathair ach ‘Dheaide’. Maidir le Bairbre … is ea, tá sé chomh maith agam eachtra agus imeachtaí Bhairbre a insint duit tríd síos.
Leathanach 1