D’imigh an mháthair agus d’fhan Brídín go sásta sa bhaile. Shuigh sí fúithi ar a stóilín. Bhí an gadhar ina lúb os comhair na tine agus é ag srannadh. Dhúisigh Brídín é agus chuir cogar ina chluais:
‘Tabharfaidh Mama féirín abhaile chuig Brídín!’
‘Bhuf!’ arsa an gadhar agus chuaigh a chodladh dó féin arís. Bhí a fhios ag Brídín gurbh ionann ‘Bhuf!’ agus ‘Maith an scéal!’ Bhí an caitín ina shuí ar an teallach. Thóg Brídín ina dhá láimh é, chuimil a chealtair dá leiceann, agus chuir cogar ina chluais:
‘Tabharfaidh Mama féirín abhaile chuig Brídín!’
‘Mí-amha!’ arsa an caitín. Bhí a fhios ag Brídín gurbh ionann ‘Mí-amha!’ agus ‘Maith an scéal!’
Leag sí an caitín uaithi agus d’imigh ar fud an tí ag gabháil
fhoinn di féin. Rinne sí amhrán beag
mar a leanas:
A ghadhairín ó is a ghadhairín ó!
Codail go fóill go dtige mo Mhama!
A chaitín ó is a chaitín ó!
Bí ag crónán go dtige sí abhaile!
A ghadhairín ó is a chaitín ó!
Ar an aonach ó! atá mo Mhama,
Ach tiocfaidh sí arís tráthnóinín ó!
Is tabharfaidh sí féirín léi abhaile!
Thug sí iarracht faoin amhrán seo a mhúineadh don ghadhar, ach is mó an dúil a bhí ag an ngadhar i
gcodladh ná i gceol. Thug sí iarracht faoina mhúineadh don chaitín, ach ba bhinne leis an gcaitín a chrónán féin. Nuair a tháinig a hathair isteach faoi mheán lae ní dhéanfadh dada cúis di ach an
t-amhrán a rá dó agus a chur d’iallach air é a fhoghlaim de ghlanmheabhair.